Éistigí leis na hamhráin úra a thug leo na gradaim ag Oireachtas na Gaeilge…

‘Chuile Dhuine Lena Scéal Féin’ a bhuaigh duais na ngrúpaí don amhrán nuachumtha is fearr ag Oireachtas na Samhna agus Doimnic Mac Giolla Bhríde a bhuaigh an gradam aonair

Éistigí leis na hamhráin úra a thug leo na gradaim ag Oireachtas na Gaeilge…

Amhrán a scríobhadh le “ruainne beag dóchais agus misnigh a spreagadh” a bhuaigh duais na ngrúpaí don amhrán nuachumtha is fearr ag Oireachtas na Samhna.

Dúirt Pádraic Seoighe, an t-amhránaí as Ros an Mhíl, gur amhrán dóchais a bhí i ‘Chuile Dhuine Lena Scéal Féin’ tar éis “dhá bhliain ghruama faoi scáth na paindéime”.

 

“Is í teachtaireacht an amhráin ná go mbeidh scéalta áthais agus gliondar croí le n-inseacht arís againn agus muid ag bogadh ar aghaidh chuig na laethanta atá amach romhainn,” arsa Pádraic Seoighe.

In éineacht le Pádraic Seoighe ag casadh Chuile Dhuine Lena Scéal Féin’, tá Niall, as Béal Feirste, Maidhc Ó hÉanaigh as an Spidéal, agus Neil Fitzgibbon as Baile Átha Luain,

Bhuaigh Pádraic agus Niall Comórtas Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach 2018, agus cuireadh a nEP Taobh Le Taobh amach in 2020. Tá sé i gceist acu dul ar camchuairt roimh dheireadh na bliana seo.

Doimnic Mac Giolla Bhríde a bhuaigh an gradam aonair dá amhrán nua ‘Dhá dTrian Catha an Misneach’.

Fág freagra ar 'Éistigí leis na hamhráin úra a thug leo na gradaim ag Oireachtas na Gaeilge…'