Éist leis an amhránaí Camaron de la Isla agus níl aon oidhre air ach Seán Chóilín ó Conaire…

Nuair a scaoilfear na srianta, ní spárálfar fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh…

Éist leis an amhránaí Camaron de la Isla agus níl aon oidhre air ach Seán Chóilín ó Conaire…

Camarón de la Isla

Anois go bhfuilimid a’ dúiseacht ar nós na gráinneoige tar éis tromshuan gheimhreadh na dianghlasála Covid-19 ceadaímid dúinn féin cuimhneamh go mb’fhéidir go mbeadh fuascailt cheart i ndán dúinn fós, bolg le gréin ar thránna glórmhara cheann des na tíortha is taitneamhaí dá bhfuil ar domhan, cad eile san ach España,…an Spáinn.

Tá cion thar na bearta ag an Éireannach ar an dtír san. Chuaigh suas le milliún againn ar saoire ann gach aon bhliain go dtí gur thit an t-aer is an talamh ar a chéile mar a dúirt an chircín rua fadó.

Bhuail an Covid go dona iadsan. Scéalta uafáis a’ teacht thar bóchna anonn chugainn a chuirfeadh an ghruaig a’ seasamh ar do cheann.

Ach ar ár nós féin, a bhuíochas do dhea-chleachtais sláinte agus an vacsaín táid a’ teacht chuchu fhéin de réir a chéile. Mar is léir ón spleodar agus an teaspach a bhí le feiscint ar shráideanna Madrid le déanaí, tá fonn bóthair ar óg agus sean.

Ní tógtha orthu é agus a chonách san orthu.

Tá an tír idir na bodegas, na bialanna agus na siopaí oscailte arís. Gan trácht ar corriadas de toro más é do thoil é.

Níl aon tuiscint ar an ndúil mhallaithe agus ardmheas atá ag sciar maith de phobal na Spáinne ar an ‘gcaitheamh aimsire’ fuilteach san, an tarbhchomhrac.

Meas thar na bearta acu ar an Matador. Sé Cú Chulainn acu é. Focal an matador a chiallaíonn marfóir, nó b’fhéidir dúnmharfóir a déarfadh duine eile. Mo ghraidhin an tarbh bocht ná faigheann taise ná trócaire sa chomhrac aontaobhach i lár an lae fhuiltigh.

Nach mó alt atá scríte is óráid atá tugtha ar rúndiamhracht is mistéir an traidisiúin ársa san acu.

Caithfear na súile a iamh ar nósanna domhainbhunaithe ná tuigeann éinne ach an Spáinnéarach. Caithfear droim láimhe a thabhairt don nós a cheapann cuid mhaith againn a bheith barbartha agus díriú ar an iliomad tréithe breátha nach iad atá sa tír álainn san leithéidí an Flamenco idir cheol rince, cheol uirlise agus amhránaíocht.

Meastar gur ón lucht siúil, na giofóga, a shíolraigh an traidisiún álainn ceolmhar seo a bhfuil ardmheas air sa Spáinn agus ar fuaid an domhain mhóir ar ndóigh.

Braitheann an tÉireannach ceangal ar leith a bheith acu leis seo pé acu stair na mblianta é nó dúil sa tsiamsaíocht ársa.

Agus nach raibh páirt nach beag ag an rince Flamenco i dtaispeántas iomráiteach Éireannach Riverdance agus Maria Pagés a’ bualadh cos air. Is mó rinceoir sean-nóis a bhainfeadh taitneamh agus tairbhe as féachaint uirthi agus aithris a dhéanamh uirthi.

Agus vice versa. D’fhoghlaimeodh sí go leor ó Shéamus Devaney an lá is fearr a bhí sé, bail air.

Éist leis an amhránaí Camaron de la Isla agus níl aon oidhre air ach Seán Chóilín ó Conaire, 007 agus é fhéin i mbarr a mhaitheasa.

Tabhair cluais do ceol an ghiotáraí Paco de Lucia agus cuirfidh sé an tAstrálach Éireannach Steve Cooney i gcuimhne dhuit. An diamhaireacht agus an draíocht chéanna.

Bhí sé de sheans liom Paco de Lucia a chloisint a’ seimint beo beannaithe amuigh fén aer oíche ghealaí i gcathair ársa Granada. Neamh ar talamh.

I réigiúin Andaluz is mó a gheobhair na nósanna ársa ceolmhara san.

Tá a dtraidisiún láidir féin ag na réigiúin eile ní nach ionadh agus is cróga gan trácht air, díchéillí an mhaise d’éinne comparáid a dhéanamh eatarthu, os ard.

Tá an méid sin go léir le rá mar mholadh ar an Spáinn ó bhonn go baithis.

Ní tharraingeoimid anuas cúrsaí polaitíochta ná stair fhuilteach na tíre mar nach air sin a bhíonn an té atá a’ lorg sólás agus saoire tar éis geimhreadh gruama na dianghlasála ag cuimhneamh agus iad a’ sú na gréine.

Tá a dhóthain de san aige baile againn. Thuaidh agus theas. Thoir agus thiar.

An féidir an Spáinn a mholadh gan a gcuid fíona a tharrac anuas? Ar éigean é!

Ní haon saineolaí mise ar an gcúram ach gur maith liom an rud is maith liom, mar a dúirt an bhean fadó.

Tagann bréithre deiridh véarsa an Róisín Dubh chun cuimhne agus an tÉireannach a’ sniogadh a ghloine vino tinto nó blanco i lár an lae ghil, nó déanach san oíche.

‘Ní spárálfar fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.’

Agus ná spáráiltear in ainm Chroim t’réis a bhfuil de phurgadóireacht curtha dínn againn.

Viva España!

Fág freagra ar 'Éist leis an amhránaí Camaron de la Isla agus níl aon oidhre air ach Seán Chóilín ó Conaire…'

  • Séamas Mac Coitir

    Bhí aithne mhaith agam ar Sheán Chóilín Ó Conaire 007, I mBaile Átha Cliath, ar dtús, agus níos déanaí sna hochtadaí i nGaillimh. Bhí sé ráite go raibh na céadta amhrán ar eolas aige agus uair amháin ar Raidió na Gaeltachta thug sé dúshlán duine ar bith a theacht chun cinn a raibh níos mó amhrán ar eolas ná é féin. Ar ndóigh, níor ghlac aon duine leis an tairiscint.

    Shábháil sé slám amhrán a bheadh imithe ar troigh gan tuairisc murach é. Fear seoigh ba ea é agus ba é croí agus anam aon chuideachta é.

    Chas sé an bosca ceoil, an t-orgán béil, an trumpa, agus bhí sé in ann dreas damhsa a dhéanamh ar an sean-nós chomh maith leis an gcuid ab fhearr acu.

    Cuireadh thiar i Reilig Chill Bhriocáin, é sa bhliain 1993. Go dtuga Dia solas buan na Glóire agus suaimhneas síoraí na bhFlaitheas dá anam uasal.