Caithfidh forais stáit, eagraíochtaí Gaeilge, agus an pobal i gcoitinne “a n-iarrachtaí a threisiú” chun na dúshláin atá roimh an nGaeilge “a cheansú” i bhfianaise thorthaí Dhaonáireamh 2016 i leith na Gaeilge, dar leis an Taoiseach Enda Kenny.
Dúirt an Taoiseach le Tuairisc.ie gur mó seans go mbeidh biseach ar chás na Gaeilge “má ghlacann gach páirtí leasmhar go fonnmhar leis an deis chun a gcion a dhéanamh ar son na Gaeilge”. Níor luaigh an Taoiseach aon bheartas nua de bharr an drochscéala don Ghaeilge sa daonáireamh ach thug sé le fios go bhfuil muinín aige as na beartais atá ar bun faoi láthair agus dóchas aige “go n-imreofar tionchar dearfach ar staid reatha na Gaeilge sa tréimhse atá romhainn” ach na polasaithe sin a leanúint.
Dúirt Kenny gur ghá “cinntí deacra a thógáil” le linn an chúlaithe eacnamaíochta a bhain de chumas an Rialtais “tacú mar is cuí” le cur chun cinn na Gaeilge mar “theanga phobail agus theaghlaigh”.
“Ainneoin na gcúinsí deacra seo, is léir go bhfuil go leor dul chun cinn déanta i ndáil le cur i bhfeidhm na Straitéise [Fiche Bliain don Ghaeilge] sa chéad sé bliana dá saolré,” a dúirt sé.
Dúirt an Taoiseach go bhfuil tús á chur anois le feidhmiú pleananna teanga sa Ghaeltacht “de thoradh na hinfheistíochta” atá déanta ag an rialtas i gcur i bhfeidhm gnéithe áirithe den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
I measc na n-údar dóchais atá ag an Taoiseach faoina bhfuil in ndán don Ghaeilge, luaigh sé polasaí oideachais nua na Gaeltachta, “an raon leathan” beartas atá á maoiniú ag an státchiste faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus an phleanáil teanga sa Ghaeltacht.
Luaigh sé go sonrach na hOifigigh Ghaeilge atá le fostú sa Ghaeltacht chun cuidiú le pleananna teanga a chur i bhfeidhm agus luaigh sé freisin a bhfuil ar bun faoi láthair maidir le pleananna teanga a réiteach sna bailte seirbhíse Gaeltachta – Daingean Uí Chúis, Béal an Mhuirthead agus An Clochán Liath.
Ba údar imní do phobal na Gaeltachta agus do ghluaiseacht na Gaeilge trí chéile torthaí Dhaonáireamh 2016 a foilsíodh ag tús na míosa seo. De réir na dtorthaí tháinig titim thubaisteach ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht le cúig bliana anuas.
Le linn na tréimhse sin, thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht ó 23,175 go dtí 20,586, sin laghdú 11%idir 2011-2016.
Fágann an méid sin go raibh an titim ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i bhfad níos mó sa Ghaeltacht ná mar a bhí sa chuid eile den Stát. Laghdú 1% a bhí i gceist lasmuigh den Ghaeltacht, mar ar thit líon na gcainteoirí laethúla ó 54,010 in 2011 go dtí 53,217 duine in 2016, glanlaghdú de 793 duine.
Sa Ghaeltacht bhí glanlaghdú de 2,589 cainteoir laethúil i gceist sa tréimhse chéanna. Bhí laghdú i gceist i ngach ceantar Gaeltachta, ach amháin Port Láirge. Ba i Maigh Eo (-23.6%), Ciarraí (-18%) agus Dún na nGall (-15.8%) a bhí an laghdú is mó i gceist. Ba í Gaeltacht na nDéise (+6.6%) an t-aon cheantar Gaeltachta ina raibh méadú i gceist.
Dúirt an sochtheangeolaí aitheanta, an Dr John Walsh, ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, gur “údar imní” na figiúirí daonáirimh agus go bhfuil ceisteanna le cur mar gheall ar pholasaí teanga an stáit.
“Spreagann na staitisticí seo ceisteanna faoi pholasaí teanga an stáit, go háirithe faoi chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain, a leag síos spriocanna míréadúla nach raibh aon bhunús teangeolaíoch leo.
“Chomh maith leis sin, ní léir go raibh tionchar dhearfach go dtí seo ag an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht ná sna háiteanna scaipthe eile inar bunaíodh Líonraí Gaeilge,” a dúirt an sochtheangeolaí.