Eiseachadadh déanta ar fhear a raibh baint aige le timpiste bhóthair inar maraíodh beirt i nGaeltacht Mhaigh Eo

Gabhadh an fear sna fichidí sna Stáit Aontaithe mar thoradh ar bharántas eiseachadta mí Iúil

Eiseachadadh déanta ar fhear a raibh baint aige le timpiste bhóthair inar maraíodh beirt i nGaeltacht Mhaigh Eo

Tá eiseachadadh as Stáit Aontaithe Mheiriceá déanta ar fhear a raibh baint aige le timpiste bhóthair inar maraíodh beirt i nGaeltacht Mhaigh Eo trí bliana ó shin. Gabhadh Francis Carr, fear sna fichidí as an gCeapaigh Dhuibh, sna Stáit Aontaithe mar thoradh ar bharántas eiseachadta mí Iúil.

Tá tiomáint chontúirteach á cur ina leith agus gabhadh é in aerfort Bhaile Átha Cliath ar maidin. Tugadh os comhair Chúirt Chuarda Chaisleán an Bharraigh inniu é.

Bhí Francis Carr ag tiomáint cairr a bhuail faoi bhalla i dTuar Mhic Éadaigh ar an 4 Meitheamh 2017. Maraíodh beirt eile a bhí sa charr leis, Seán Halloran (20) as an bhFairche i gcontae na Gaillimhe agus Orla O’Malley (18) as an gCrois i Co. Mhaigh Eo.

Tharla an timpiste luath maidin Domhnaigh dheireadh seachtaine na Cincíse 2017 agus bhí an triúr ag freastal an lá sin ar Chomórtas Peile na Gaeltachta, a bhí á reáchtáil i dTuar Mhic Éadaigh.

Bhí Seán Halloran ina shuí sa suíochán tosaigh paisinéara agus Orla O’Malley ina suí sa suíochán cúil nuair a bhuail an carr faoi bhalla i Páirc an Teampaill Íochtarach ar bhruach Loch Measca.

Gortaíodh an tiománaí go dona chomh maith, ach d’imigh sé go Meiriceá nuair a scaoileadh amach as an ospidéal é.

Fág freagra ar 'Eiseachadadh déanta ar fhear a raibh baint aige le timpiste bhóthair inar maraíodh beirt i nGaeltacht Mhaigh Eo'