Éiríonn sé uaigneach ag iompar ualach na teanga an t-am uilig go léir

Tuigeann tú, i do chloigeann istigh, gur cuid de ghréasán domhanda teanga an teanga bheag seo ach, bhuel, ní chreideann tú, i do chroí istigh, ní chreideann tú i gcónaí é

Éiríonn sé uaigneach ag iompar ualach na teanga an t-am uilig go léir

Gráinne Holland

Tá Gráinne Holland, amhránaí as Béal Feirste, ag canadh ar an raidió. Amhrán an-deas atá ann fosta. Ní scéal ar bith é sin, amhránaí bheith i mbun amhráin ar raidió. Ach amháin gur ar BBC Radio nan Gàidheal atá sí ag canadh agus amhrán Gaeilge atá aici, ar ndóigh.

Níl ach cúpla focal Gàidhlig agam féin agus b’fhéidir go measfá gurbh aisteach an ní é a bheith ag éisteacht le stáisiún raidió nach dtuigim. Bhuel, sea más ea. Chonaic tú an scannán Independence Day le Will Smith? Beidh cuimhne agat ag deireadh an scannáin go raibh píolótaí an phláinéid cruinn faoin raidió agus iad ag fáil eolais faoi na haliens ón spéir anuas? Resistance a bhí iontu agus bhí slánú an resistance ag brath ar an raidió, ar chaint shimplí dhaonna.

Sin an fáth a mbím ag éisteacht le Radio nan Gàidheal; is maith liom cinntiú de, anois agus arís, gurb ann don resistance ar an taobh thall de Shruth na Maoile. Dúirt Seosamh Mac Grianna lá den tsaol gurbh uaigneach bealach an fhile. Thiocfadh leat an rud céanna a rá faoin Ghael féin. Éiríonn sé uaigneach, nach n-éiríonn, bheith ag iompar ualach na teanga an t-am uilig go léir?

Tuigeann tú, i do chloigeann istigh, gur cuid de ghréasán domhanda teanga an teanga bheag seo ach, bhuel, ní chreideann tú, i do chroí istigh, ní chreideann tú i gcónaí é. Sea, cinnte, tá daoine in Éirinn le Gaeilge agus daoine in Albain le Gàidhlig ach ní chastar ort iad agus tú ag folúsghlanadh an tí. (Sea, folúsghlanaim an teach. This is what a feminist looks like!)

Chuige sin cuairt na gcluas ar Radio nan Gàidheal. Is ionann é agus RnaG s’againne féin ar go leor bealaí. Tá an t-ábhar céanna ann – caint agus ceol, ceol agus caint. Ní thuigim mórán den chaint, is fíor. Ach, fan go fóill, tá an focal céanna acu ar ‘agus’ agus atá againn féin. Bíonn agus agus agus agus agus agus agus eile ann. Tagann focail eile chugam, an-diugh/inniu; míreanna de bhriathra, tig; laethanta, Diardaoin.

Tá an oiread sin dúile acu sin i gceol na bpíob agus atá againn féin ach amháin go bhfuil na píobaí s’acusan i bhfad níos callánaí. Agus an ionann Capercaille ag Radio nan Gàidheal agus Kíla ag RnaG? Tagann píosa amháin ceoil gan choinne – ‘Sunset over the Somme’ – agus éistim, rud nach ndéanfainn, déarfainn, sa chás gur ar Radio Ulster a bhí sé.

Is iad ár bpobal féin iad, ár gcomrádaithe cainte – ach ní hionann an stair ar fad ar fad; ní hionann na dílseachtaí ar fad ar fad.

Mar sin féin, agus, agus, agus, an-diugh, Diardaoin, tá Gráinne Holland, as Béal Feirste, ag canadh ar Radio nan Gàidheal. Aithním a hainm. Aithním a glór. Tá bean Bhéal Feirste ag canadh in Albain agus tá pobal Inse Ghall ag éisteacht léi. Maireann muid beo mar phobal teanga, ní hamháin mar phobal teanga náisiúnta ach mar phobal teanga idirnáisiúnta.

An-diugh – ar a laghad ar bith.

Fág freagra ar 'Éiríonn sé uaigneach ag iompar ualach na teanga an t-am uilig go léir'

  • Athaontas na nGael

    “Níl ach cúpla focal Gàidhlig agam féin”

    Cha chreidim sin.

    Tá Gaeilge na hAlban rí-chosúil le Gaeilge na hÉireann. An bhfuil Gaeilgeoir Éireannach nach dtuigeann an cuid is mó d’iad seo a leanas – bíodh gur Gaeilge na hAlban atá ann?

    Bean-teagaisg, difir, Tha uisge agad, Cha robh mi, Tha sibh, glé-mhath, aig an doras, a-steach, Oidhche mhath, Pàirc nan caoraich, rud no dhà, chionn’s, sliabh, cuan, sgoil, Ceart, indiu, Sasain, Cia mar a tha thú? Dè mar a tha thu? Chan eil airgead agam, Fosgail an doras. Ùghdarras. Tha mi ag òl, Tha fhios agam. sgian….

    Tá BBC Alba ar fáil saor in aisce ar Sat4free. Leisce is cúis leis an bearna nár chóir a bheith ann idir an dá theanga/chanúint. Cúpla mí de dhian-staidéar agus bheadh tuiscint mhaith ar Ghaeilge na hAlban ag aon duine go bhfuil Gaeilge na hÉireann acu. Ansin bheadh litríocht, béaloideas agus amhráin Gaeilge na hAlban mar thaca eile acu in éadan fórsai an domhandaithe.