
Tá easpaig na hÉireann tar éis a gcuid sagart a spreagadh aistriúchán nua ar an Leabhar Aifrinn Rómhánach a cheannach agus a úsáid ina bparóistí.
Rinneadh an moladh i ‘Ráiteas an Earraigh’ a eisíodh i ndiaidh cruinniú cinn bliana Chomhdháil Easpag Caitliceach Éireann i Maigh Nuad .
Fógraíodh le linn an chruinnithe go mbeadh Veritas, príomhfhoilsitheoir ábhar liotúirge agus eaglasta na hÉireann, ag cur an eagráin nua altóra den leabhar amach níos deireanaí i mbliana.
“Is foilseachán ar leith é an ceann seo, agus tá suntas ag baint leis, ní hamháin don Eaglais in Éirinn, ach don uile dhuine a bhfuil grá aige dár gcultúr agus dár n-oidhreacht, go háirithe an Ghaeilge,” a scríobhadh sa ráiteas.
Dúirt na heaspaig gur mór an cúnamh a bheidh sa Leabhar Aifrinn Rómhánach do na sagairt a bhfuil an Ghaeilge acu agus a deir an tAifreann i nGaeilge, agus go gcothóidh sé an Ghaeilge mar ‘theanga bheo adhartha’ amach anseo.
Ceapadh an Coiste Sapienti tamall de bhlianta ó shin le tabhairt faoin aistriúchán nua seo. Ar an gcoiste sin bhí idir easpaig, shagairt agus shaineolaithe teanga, ina measc Ard-Easpag Thuama Michael Neary, an tAthair Mícheál Ó Loingsigh agus an Dr Caitríona Ó Dochartaigh.
Cuireadh deireadh leis an Aifreann Laidine sa bhliain 1965 agus dúradh an tAifreann den chéad uair i nGaeilge ar an 7ú lá de Mhárta an bhliain chéanna . Tugadh leagan nua Béarla den Aifreann isteach sa bhliain 2011.