‘Easpa Gaeilge’ ar na cúiseanna gur theip ar iarratas Fleadh Cheoil na hÉireann a thabhairt go Béal Feirste

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge lárnach in aon iarracht eile a dhéanfaí Fleadh Cheoil na hÉireann a thabhairt chuig Béal Feirste

‘Easpa Gaeilge’ ar na cúiseanna gur theip ar iarratas Fleadh Cheoil na hÉireann a thabhairt go Béal Feirste

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh dul i gcomhpháirt le Comhairle Chathair Bhéal Feirste d’aon iarratas eile a dhéanfaí chun Fleadh Cheoil na hÉireann a reáchtáil sa chathair.

Luadh ‘easpa Gaeilge’ ar cheann de na cúiseanna is mó gur theip ar iarratas na Comhairle Fleadh Cheoil 2024 a thabhairt chuig Béal Feirste.

Deir Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge, gur údar “díomá” é gur theip ar an iarratas an Fhleadh, atá ar cheann de mhórfhéilte na tíre, a thabhairt chuig Béal Feirste mar gheall nach raibh an Ghaeilge “lárnach” go leor sa phlean.

“Aon Fhleadh a thagann go Béal Feirste, ba chóir go mbeadh an Ghaeilge lárnach san fhéile agus sna himeachtaí a bheidh ar siúl.

“Tá díomá orainn, go háirithe agus Béal Feirste Thiar aitheanta mar líonra Gaeilge agus borradh faoin Ghaeilge sa chathair trí chéile. Ba cheart go mbeadh an Ghaeilge lárnach san iarratas agus i soláthar imeachtaí na féile féin,” ar sé.

Dúirt Ó Tiarnaigh go bhfuil an Conradh ag iarraidh dul ag obair leis an Chomhairle ar aon iarratas eile lena chinntiú go mbeadh an Ghaeilge “lárnach i ngach ngné den fhéile”.

“Beidh muidne i dteagmháil leis an Chomhairle chun a chur in iúl daofa go bhfuil muid sásta dul i gcomhpháirtíocht leo le cinntiú go mbeidh an Ghaeilge lárnach in aon iarratas an fhleadh a thabhairt go Béal Feirste agus le déanamh cinnte de go mbeadh an Ghaeilge lárnach sa mhargaíocht, sna himeachtaí agus sa chur chuige ar fad,” ar sé.

Ar Loch Garman a bronnadh reachtáil Fhleadh Cheoil na hÉireann in 2024.

Pléadh na cúiseanna nár éirigh leis an iarratas a rinne Comhairle Chathair Bhéal Feirste, i gcomhpháirt le Comhaltas Ceoltóirí Éireann na hArda, ag cruinniú coiste de chuid na comhairle le déanaí.

I measc na gcúiseanna eile ar theip ar iarratas Bhéal Feirste, dúradh nach ndeachaigh iarrthóirí Bhéal Feirste chuig dóthain fleadhanna eile agus nach raibh bealaí go leor ann do chathaoireacha rotha.

Seo an dara bliain as a chéile nár éirigh le hiarratas Bhéal Feirste chun an mhórfhéile cheoil thraidisiúnta a reáchtáil sa chathair.

Ba sa Mhuileann gCearr a reáchtáladh an fhéile anuraidh.

Deich mbliana ó shin a reáchtáladh Fleadh Cheoil na hÉireann i gCathair Dhoire, an t-aon uair ó bunaíodh an fhéile 60 bliain ó shin gur reáchtáladh sa tuaisceart í.

Fág freagra ar '‘Easpa Gaeilge’ ar na cúiseanna gur theip ar iarratas Fleadh Cheoil na hÉireann a thabhairt go Béal Feirste'

  • Seàn Fennell

    Seans beag go mbaineann seo leis an iarratas agus cur chuige CCÉ na hArda agusComhairle BF, seans nach mbaineann. Ní ábhar mórtais é polasaí na Comhairle i leith na Gaeilge cibé! Agus, tá neart táithí ag CCÉ na hArda le cúrsaí ceoil.
    Is fiú cuimhneamh go raibh an Fhleadh sna Sé Chontae UAIR AMHÁIN le trí scór bliain, bliain go raibh Doire ina chathair chultúrtha!!. Is fèidir go luíonn an freagra le dearcadh na Státairí agus iad siúd atá frith-thuaisceartach ag leibheál CCÉ a ghlac an cinneadh don dara huair as a chéile, an dara cathair is mó ar an oileán a dhiúltú.

  • Caoimhin macCionnaith

    Nil na cúiseanna soiléir nár roghnaíodh Béal feirste. An é nach raibh an Chomhairle chathrach sásta an Ghaeilge bheitb mar chuid lárnach den fhleadh no siltear nach bhfuil go leor gaeilge labhartha nó feiceálach i mb.f. ? Áit iontach í don teanga mar is eol dúinn uilig. Bhí mé ag an fhleadh i sligeach, muileann gcearr agus Droichead Átha augus ba bheag Gaeilge a chuala mé.