Ealaín, uaigneas agus ábhar machnaimh ón Iorua don scríbhneoir Gaeilge

Saothar chomh nuálach agus a léifeá atá i leabhar nua Karl Ove Knausgaard faoi shaothar Edvard Munch agus is maith an treoraí é an t-údar

Ealaín, uaigneas agus ábhar machnaimh ón Iorua don scríbhneoir Gaeilge

Bhí líne ag Seosamh Mac Grianna lá den tsaol faoi bheith “ag machnamh faoi mo chroí” ar chúrsaí. Is deas an tsamhail í; machnamh agus croí ceangailte le chéile in aon iarracht amháin le ciall a bhaint as saol scríbhneora.

Iarracht den rud chéanna atá ar siúl ag Karl Ove Knausgaard in So Much Longing In So Little Space: the Art of Edvard Munch (Harvill Secker), saothar chomh nuálach agus a léifeá. Tá clú agus cáil ar Knausgaard, scríbhneoir Ioruach, as a chuid úrscéalta, Mo Streachailt ina measc. Is é an t-iontas is mó, b’fhéidir, faoina cháil gur in Ioruais a scríobh sé na scéalta sin agus gur ag brath ar aistriúcháin a bhí sé lena shaothar liteartha a chur os comhair an tsaoil; d’éirigh leis a fhís a fhíorú ina theanga dhúchais féin.

(Beidh caint ar údair chomhaimseartha na Gaeilge go fóill. Fan go bhfeice tú.)

Is é an scéal ceannann céanna é le So Much Longing In So Little Space. In Ioruais a scríobhadh an leabhar ar tús agus is í Ingvild Burkey, údar eile as an Iorua, a d’aistrigh go Béarla. Ar bhealach an-simplí, is ábhar áthais agus mórtais é gur thug sé a cheann cruthaitheach leis. Níl an Iorua ná a teanga faiseanta ach seo údar atá ag snámh in éadan an easa. Gealann sé do chroí.

Ar an chéad amharc – tá leid sa teideal – is leabhar é ina ndíríonn sé ar ealaín Edward Munch (1863-1944), duine de na healaíontóirí is clúití as an Iorua agus ar an domhan, a scrúdú. Ar an chéad amharc. Ach tá Knausgaard ró-uaillmhianach agus rófhiosrach le nach mbeadh sa leabhar ach cur síos lom ar ealaín Munch. Sea, cinnte, scríobhann Knausgaard faoina chuid pictiúr; aimsíonn sé a fhírinne féin i measc na ndathanna agus is iontach mar a spreagann na pictiúir chéanna a mhachnamh; labhraíonn an canbhás balbh leis agus gineann comhrá samhlaíoch faoi cheisteanna eile cultúir.

Cuireann Knausgaard síos ar shaol tragóideach Munch, ar a mheon agus ar na pictiúir cháiliúla agus ar na cinn nach mbíonn chomh minic sin i mbéal an phobail. Aistear aonair atá ann agus luann Knausgaard anois agus arís go mbíonn uaigneas air féin ar bhealach uaigneach an fhile. (Níl sé sa chaint ach b’fhéidir gur cheart dó a bheith: chomh huaigneach le hIoruach.)

Castar lucht ealaíne eile ar Knausgaard, lucht déanta scannáin, scríbhneoirí eile agus meallann an chuideachta comhrá as, diaidh ar ndiaidh, faoina ról féin mar údar. In amanna, téann sleachta de na hagallaimh chun leadráin – bíonn blas ar an bheagán – ach seo Knausgaard ag déanamh a anama go stuama staidéartha agus é ag déanamh cúraim de thaispeántas pictiúr Munch.

Níl spéis, eolas ná aithne agat ar Munch? Sin cuid den spraoi mar léitheoir; sin an pléisiúr a bhaineann le géilleadh agus ligint do Knuasgaard tú a threorú tríd an dánlann seo. Is maith mar a fhóireann ‘dánlann’ mar chur síos ar an leabhar agus is maith an treoraí é Knausgaard. Tuigeann tú go luath an tábhacht a bhaineann le saothar Munch dó ar bhonn pearsanta agus ar bhonn náisiúnta. Tugann sé léargas duit ar ghnéithe de shaol cultúrtha na hIorua nach mbeadh agat ina éagmais. (Ní fada go mbíonn tú á rá leat féin gur trua agus gur róthrua nár thug Ó Ríordáin faoina leithéid de thuras ar shaothar Jack Yeats nó Ó Direáin agus ealaín Paul Henry, abair. An bhfuil sé rómhall ag scríbhneoir comhaimseartha ar bith eile Gaeilge?)

Tá sliocht ar leith ann a thabharfadh ábhar machnaimh don scríbhneoir Gaeilge, b’fhéidir. Scríobhann Knausgaard: “And then, one year later, something happened. I changed my language, from a radical form of bokmål (one of the two official forms of written Norwegian) to a more conservative form, so that what I wrote felt slightly foreign, and that space, between my real self and the ‘I’ of the text, made me feel freer, suddenly things happened in the text which I hadn’t foreseen, which I had never thought before, and at once I knew that this was writing.”  (Le Knausgaard an bhéim.)

Caighdeán v. Canúint, an ea? B’fhéidir nach slán don chomparáid ar fad ach is deas an léiriú é ar na fadhbanna a bhíonn ag scríbhneoirí a chumann i dteangacha móra beaga eile Eorpacha.

Tá mír bheag ghreannmhar amháin ag deireadh an scéil. Glacann Knausgaard páirt i gceant ar líne le saothar de chuid Munch a cheannach. Ar dtús, níl sé buartha cé acu a gheobhaidh sé an saothar nó nach bhfaighidh. Téann duine eile in iomaíocht leis agus ní fada go mbíonn iomrascáil ar líne idir é agus a chéile comhraic. Le Knausgaard a bhíonn an lá. Éiríonn leis saothar bunaidh de chuid Munch a thabhairt abhaile agus a chrochadh ar bhalla sa bhaile – mar is cuí agus is cóir, mothaíonn tú.

Fág freagra ar 'Ealaín, uaigneas agus ábhar machnaimh ón Iorua don scríbhneoir Gaeilge'