Eagrán speisialta de ‘Comhar’ faoin éiceolaíocht le seoladh i nGairdíní na Lus

An scríbhneoir Anna Heussaff a bhí mar aoi-eagarthóir ar an eagrán is déanaí de Comhar a dhíríonn ar éigeandálaí na haeráide agus na héiceolaíochta

Eagrán speisialta de ‘Comhar’ faoin éiceolaíocht le seoladh i nGairdíní na Lus

Seolfar i nGarraithe Náisiúnta na Lus i mBaile Átha Cliath tráthnóna eagrán speisialta den iris Comhar a dhíríonn ar éigeandálaí na haeráide agus na héiceolaíochta.

An scríbhneoir agus feachtasóir ar son na timpeallachta Anna Heussaff a bhí mar aoi-eagarthóir ar an eagrán speisialta ina bhfuil anailís, filíocht agus gearrscéalta a bhaineann le gnéithe éagsúla den ghéarchéim is mó atá roimh an gcine daonna.

“Ar imeall na faille atá an cine daonna,” a deir Anna Heussaff i dtús a heagarfhocail.

“Tá an aeráid a thugann teas, gaoth is uisce dúinn á cur as riocht ar fad againn agus an dúlra atá mar bhaile dúchais againn á nimhiú, á réabadh is á mhonashaothrú, sinn meallta ag saobhgheallúintí go mbeidh ár gcaighdeán maireachtála ag síor-ardú. Cad is cúis lenár gcruachás agus cén seans go dtiocfaimid slán?”

I measc an 25 scríbhneoir a thugann aghaidh ar an gceist sin agus ceisteanna eile sa mhóreagrán de Comhar, tá Alex Hijmans, Máirín Nic Eoin, Michael Cronin, Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Peadar Kirby.

Ola Majekodunmi, Ambasadóir Oíche Chultúir Bhaile Átha Cliath, a sheolfaidh an t-eagrán speisialta inniu ag 4pm i nGarraithe na Lus, Glas Naíon.

I measc na n-aíonna speisialta a bheidh i láthair beidh an ceoltóir Inni-K.

Blaiseadh de na himeachtaí Gaeilge agus Gaeltachta a bheidh ar siúl Oíche Chultúir 2021

Fág freagra ar 'Eagrán speisialta de ‘Comhar’ faoin éiceolaíocht le seoladh i nGairdíní na Lus'

  • Lonán Fiaċ Ó Lorgnáin

    Ní ḟeadar áit arḃ ḟéidir liom ceannaċ a ṁacasaṁla clóite? Do ṫugas ceiṫre ċuairt ar Easons i lár na hardċaṫraċ le seaċtainí beaga anuas agus ċa raiḃ a eagrán ar biṫ [ná an forlíonaḋ ‘Seaċtain’] ar fáil ann, d’ainneoin a ċéadta iris/leaḃar as Sacsḃéarla.

  • Elly

    Ba cheart go mbeadh siopaí Eason ar fud na tíre sásta cóip a ordú ar do shon muna bhfuil ceann le feiceáil ar na seilfeanna acu. Faigheann mórdíoltóir Easons 150 cóip gach mí le tamall anuas mar sin ba cheart go mbeadh neart cóipeanna ar fáil má tá daoine á lorg. Má bhíonn tú i nBÁC arís, bíonn cóipeanna ag An Siopa Leabhar ar shráid Fhearchair nó Books Upstairs ar shráid Dólier freisin. Liosta iomlán na siopaí ar fáil ar ár suíomh gréasáin anseo.https://comhar.ie/eolas/ceannaigh-an-iris/ GRMMA