Eagraíochtaí poiblí ‘fós ag déanamh beag is fiú’ de chearta an linbh — an tOmbudsman do Leanaí

Thug an tOmbudsman do Leanaí, Niall Muldoon, le fios go bhfuair a oifig 1,682 gearán nua i gcaitheamh na bliana seo caite, méadú 47% ó 2010

Eagraíochtaí poiblí ‘fós ag déanamh beag is fiú’ de chearta an linbh — an tOmbudsman do Leanaí

Tá eagraíochtaí poiblí “fós ag déanamh beag is fiú de chearta an linbh”, dar leis an Dochtúir Niall Muldoon, an tOmbudsman do Leanaí.

Agus Tuarascáil Bhliantúil Oifig an Ombudsman do Leanaí 2016 á seoladh aige an tseachtain seo, thug Muldoon le fios go bhfuair a oifig 1,682 gearán nua i gcaitheamh na bliana seo caite, méadú 47% ó bhí 2010 ann.

“Tugann líon na ngearán le fios go bhfuil bóthar fada fós roimh chomhlachtaí poiblí agus ranna Rialtais sula ndéanfaidh siad cearta an linbh a chomhlíonadh agus a chur chun cinn go hiomlán i ngach a ndéanann siad.

“Bhí oideachas i gceist le 46% de na gearáin a fuarthas. Cé go bhfuil an figiúr sin ar aon dul le blianta roimhe seo, tarraingíonn siad ceisteanna faoin gcaoi a ndéantar plé le gearáin i scoileanna. Má leantar ar aghaidh leis an mBille Oideachais 2016, tá mé ag súil go dtreiseofar na nósanna imeachta láimhseála gearán atá ag scoileanna go hinmheánach,” a dúirt Muldoon.

Dúirt sé gur bhain 23% de na gearáin a fuair a oifig anuraidh leis an eagraíocht Tusla agus gur údar imní dó go bhfuil an eagraíocht sin “fós ag feidhmiú mar ghníomhaireacht ghéarchéime go príomha”. Mhaígh sé go bhfuil “neamhréireachtaí soiléire” laistigh den ghníomhaireacht ó thaobh na seirbhísí a chuirtear ar fáil in áiteanna éagsúla den tír agus an chaoi a bpléitear le fadhbanna.

Dúirt Stiúrthóir Iniúchtaí na hoifige, Nuala Ward, gur leanaí faoi mhíchumas “a bhí ag streachailt i dtithíocht neamhfhóirsteanach” ab ábhar de roinnt mhaith de na gearáin a fuarthas anuraidh.

“Fuaireamar amach freisin nach dtugtar tosaíocht faoin mbeartas tithíochta i ngach uile chás do leanaí gan dídean atá faoi mhíchumas suntasach nó a bhfuil riachtanais leighis acu. Tá géarghá chomh maith le soláthar imleor lóistín éigeandála a thacaíonn le teaghlaigh ionas gur féidir leo oiread gnáthaimh theaghlaigh agus is féidir a choinneáil.   

““Fuaireamar gearáin is cúis imní faoi leordhóthanacht tacaíochtaí do leanaí atá faoi mhíchumas agus faoinar tharla do roinnt leanaí a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu a rinne iarracht cabhair a lorg, go háirithe in am an ghátair. Tá na daoine óga siúd fíor-leochaileach, agus táimid ag díriú go sonrach ar a gcearta a chur chun cinn mar chuid dár bPlean Straitéiseach, 2016-2018,” a dúirt Ward.

Thug Oifig an Ombudsman do Leanaí tuairim nó comhairle faoi 11 straitéis, beartas, agus píosa reachtaíochta in 2016. Tá na tuairimí agus an chomhairle sin bunaithe ar eolas a fhaightear ó dhaoine óga a thagann i dteagmháil leis an Oifig nó a dhéanann gearán léi.

“Tá mé níos cinnte de ná riamh gur ceist ríthábhachtach í ceist chearta an linbh i sochaí na hÉireann go fóill. 25 bliain tar éis d’Éirinn Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh a dhaingniú, níl sé comhtháite isteach go hiomlán sa dlí.

“Ní mór dúinn coinneáil orainn ag obair i dtreo cearta dhaoine óga na hÉireann a bhaint amach ina n-iomláine,” a dúirt Muldoon.

Fág freagra ar 'Eagraíochtaí poiblí ‘fós ag déanamh beag is fiú’ de chearta an linbh — an tOmbudsman do Leanaí'