Eagraíocht nua bunaithe chun freastal ar lucht gnó na Gaeilge 

Tá sé mar aidhm ag an eagraíocht ‘Borradh’ “deiseanna gairmiúla agus sóisialta” a chruthú do lucht gnó na Gaeilge i mBaile Átha Cliath  

Eagraíocht nua bunaithe chun freastal ar lucht gnó na Gaeilge 

Tá eagraíocht nua bunaithe ag grúpa Gaeilgeoirí a oibríonn i réimsí éagsúla den ghnó.

Tá sé mar aidhm ag an eagraíocht Borradh “deiseanna gairmiúla agus sóisialta” a chruthú do lucht gnó na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. 

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Daithí de Buitléir, Príomhoifigeach Margaíochta leis an chomhlacht Park Office agus duine de bhaill bhunaidh na heagraíochta, go bhfuil neart cainteoirí Gaeilge, ar “ceannródaithe” iad i saol an ghnó in Éirinn agus go hidirnáisiúnta iad, ina gcónaí san ardchathair. Deir sé nach raibh dóthain deiseanna acu go dtí seo teacht le chéile.

“Tá cainteoirí líofa Gaeilge anois ag imirt ról níos mó ná riamh ar eacnamaíocht na hÉireann, toisc níos mó daoine a bheith ag fáil oideachais lán-Ghaeilge sna cathracha agus sa Ghaeltacht le tamall de bhlianta. 

“Ní thig leat dul chuig comhlacht mór i mBaile Átha Cliath gan teacht ar dhuine le Gaeilge atá ag obair ag leibhéal bainistíochta sinsearach san eagraíocht. Má tá dearthóir a bhfuil Gaeilge aige ag obair do cheann de na comhlachtaí is fearr ó thaobh deartha de, cén fáth nach féidir leo an dearadh is fearr a dhéanamh i nGaeilge,” a dúirt de Buitléir, Príomhoifigeach Margaíochta Park Office

Dúirt de Buitléir, a bhí lárnach i mbunú an chumainn peile agus iománaíochta lán-Ghaeilge, Na Gaeil Óga, gur daoine sinsearacha i gcomhlachtaí éagsúla amhail IBM, Google agus Accenture, atá i mbun na heagraíochta nua, a bhfuil fúithi “freastal ar lucht gnó na hardchathrach”.

“Léiríonn figiúirí ó LinkedIn go bhfuil ar a laghad 30,000 duine gairmiúil le Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus tá ‘Borradh’ ag iarraidh misneach a chothú i measc glúin úr daoine gairmiúla lena n-acmhainn teanga a chur i gcroílár a saoil ghnó.

“Ar an leibhéal is bunúsaí, ba mhaith linn deiseanna a chruthú do dhaoine Gaeilge a úsáid i gcomhthéacs comhaimseartha. Ar leibhéal eile, ba mhaith linn a léiriú go bhfuil luach eacnamúil ag an nGaeilge, gur féidir leis an nGaeilge doirse a oscailt agus a bheith ina hacmhainn phearsanta do dhaoine atá ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh. Tá an ghné sin iontach tábhachtach domsa,” a dúirt Daithí de Buitléir. 

Ochtar Gaeilgeoirí iad baill bhunaidh na heagraíochta – de Buitléir féin, Eoin Ó Súilleabháin, Ceannasaí Margaíocht Dhigiteach Bhord Gáis, Aoibhinn Kenny, Comhairleoir Bainistíochta le Accenture, Féilim Mac an Iomaire, Bunaitheoir Splanc PR, Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge, Mairéad Ní Ghabháin, Pairtnéir Dlí i Matheson, Rebecca Nic Ionmhain, dearthóir in IBM  agus Fionn Uíbh Eachach, Páirtnéir Cánach in BDO.

Reáchtálfar an chéad ócáid de chuid Borradh Déardaoin seo chugainn, an 5 Márta sa Huckletree D2, The Academy, ar shráid an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath, tráth a seolfar an eagraíocht go hoifigiúil.

I measc na gcainteoirí a bheas ag an seoladh tá David Kyne (Príomhfheidhmeannach Evoke KYNE) , Micheál Ó Conghaile (Bainisteoir Stiúrtha MUFG) agus Aisling Quinn (Bunaitheoir VideoRankMe).

Ag trácht ar an seoladh, dúirt lucht Borradh go raibh siad ag súil go mór leis an eagraíocht a sheoladh.

“Tá buntáistí soiléire ann nuair a chothaíonn tú caidreamh gnó le daoine a roinneann léargas saoil leat agus táimid ag súil go mór le Borradh a sheoladh tar éis roinnt míonna d’ullmhúchán. Beidh deiseanna ollmhóra ag daoine casadh agus comhoibriú le daoine nua,” a dúradh.

€30 an praghas atá ar thicéad don oíche sheolta. Is féidir ballraíocht a fháil leis an eagraíocht chomh maith chun freastal ar 12 imeacht sa bhliain. Beidh fáil ag baill na heagraíochta ar eolaire gnó ina bhfuil eolas faoi lucht gnó le Gaeilge atá ag obair le comhlachtaí ar fud na tíre agus beidh deis acu freastal ar lóin líonraíochta a eagrófar amach anseo.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'Eagraíocht nua bunaithe chun freastal ar lucht gnó na Gaeilge '