‘Eachtra chontúirteach’ ag Loisceoir an Phoill Bhig

Cuireadh fios ar an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta ag 6am maidin inniu, Déardaoin, faoi ‘sceitheadh neamhrialaithe’

‘Eachtra chontúirteach’ ag Loisceoir an Phoill Bhig

Tugadh 11 duine go dtí an ospideál i ndiaidh “eachtra chontúirteach’ ag Loisceoir an Phoill Bhig i mBaile Átha Cliath aréir.

Cuireadh fios ar an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta ag 6am maidin inniu, Déardaoin, faoi “sceitheadh neamhrialaithe” ag an loisceoir agus tá cigirí an Údaráis ar an láthair.

Scaoileadh amach as Ospidéal Naomh Uinseann naonúr de na daoine a tugadh isteach ach tá beirt fós á coinneáil faoi ghrinniú.

Tuairiscítear nár phléascadh a bhí san eachtra.

Fág freagra ar '‘Eachtra chontúirteach’ ag Loisceoir an Phoill Bhig'