Éachtaint ar ghéarchéim na ndaoine gan dídean

Ba thruamhéalach an pictiúr a tugadh dúinn ar The Big Picture ar RTÉ aréir

Éachtaint ar ghéarchéim na ndaoine gan dídean

‘Canathaobh nach bhfuilimid in ann dídean a thabhairt dár muintir féin?’ a d’fhiafraigh Miriam O’Callaghan go sollúnta roimh an gclár The Big Picture (RTÉ1, Dé Máirt). Chuir an clár seo roimhe éachtaint a thabhairt ar ghéarchéim na ndaoine gan dídean, an fhadhb is práinne in Éirinn an lae inniu, dar le Miriam.

Chuige sin cuireadh criúnna difriúla amach le daoine gan dídean éagsúla a leanúint timpeall ar feadh aon lae amháin. Is truamhéalach an pictiúr a thugtar dúinn.

Ag tús na míre faisnéise dúirt scríbhinn linn go raibh tuairim is 8,500 gan dídean ar an 30 Samhain i mbliana, an lá ar tosnaíodh an taifeadadh ag a seacht a chlog ar maidin. Ag deireadh an chláir deirtear linn go raibh tarrac ar 5,900 duine i gcóiríocht shealadach i mBaile Átha Cliath ar an lá céanna, agus ba leanaí 2,382 acu sin. 

Ba dheacair féachaint air mar chlár, go mór mhór agus sinn gafa le fuadar agus fothragadh gan dealramh na Nollag.  ‘Tá a scéal féin ag gach éinne,’ a deir rannpháirtí amháin agus b’fhíor di. Daoine i ngalar na gcás ar chúiseanna difriúla; bás, aighnis, dífhostaíocht, fadhbanna meabhairshláinte, alcólachas, andúil, cíosanna arda, dífhostaíocht agus a lán deacrachtaí is tragóidí nach iad. Iad tite trí ladhracha na sochaí agus na gcóras.

Nuair a cuireadh na rannpháirtithe difriúla os ár gcomhair cuireadh an tréimhse ama a raibh siad gan dídean ar scáileán go sollúnta, simplí; Anthony Brophy, sé bliana déag; Martina Deegan, ceithre mhí dhéag; Kaylee Joyce, trí mhí; Adam Lejm, aon mhí amháin, Bernadette O’Connor, ceithre bliana agus mar sin de. Go deimhin tá rannóg shnasta, chuimsitheach ar shuíomh idirlín RTÉ dírithe ar ábhar an chláir agus scéalta na rannpháirtithe.

Daoine ag maireachtaint i bpubaill, i mbéal doirse, i gcairteacha agus i gcóiríocht éigeandála mhíchuí. Iad ag iarraidh leanúint ar aghaidh le gnáthchúraimí an tsaoil; bia, codladh, níochán agus Daidí na Nollag. Ní srathair na hainnise go dtí é. Ag an am céanna címid eagraíochtaí éagsúla ag luí amach orthu féin le friotháil ar na hainniseoirí seo ach an chuma ar an scéal go bhfuilid ag snámh in aghaidh easa.

Bhí an clár in iomláine uair an chloig agus fiche nóiméad ar fhad agus don leathuair an chloig dheireanach de sin tugadh ar ais chuig an stiúideo sinn le cíoradh a dhéanamh ar an bhfadhb.

Ní raibh aon ardú croí nó ábhar dóchais le fáil anseo agus cur síos cuimsitheach á dhéanamh ar an iliomad cúiseanna/toisí atá leis an ngéarchéim.

Staitisticí á gcaitheamh chugainn ar dalladh. Níor shamhlaíos riamh go raibh sé chomh deacair sin nithe, ó dhaoine gan dídean go tithe nua, a chomhaireamh. 

Dhein an tAire Eoghan Murphy iarracht cuma an mhisnigh a chur ar chúrsaí agus lena cheart a thabhairt dó labhair sé go tuisceanach, deisbhéalach.

I ndeireadh na dála samhlaíodh dom go bhfuil sé ag taoscadh na farraige agus níl aon chuma ar an scéal go bhfuil réiteach sásúil le feiscint ar íor na spéire.

Fág freagra ar 'Éachtaint ar ghéarchéim na ndaoine gan dídean'