€80,000 sa bhliain le cur ar fáil do phlean teanga an Daingin agus é seolta inniu ag Aire Stáit na Gaeltachta

D’fhógair an tAire Stáit Jack Chambers deontais do pháirc peile CLG na Gaeltachta agus do halla pobail i gCeann Trá

€80,000 sa bhliain le cur ar fáil do phlean teanga an Daingin agus é seolta inniu ag Aire Stáit na Gaeltachta

Cuirfear breis agus leathmhilliún euro ar fáil as seo go ceann seacht mblaiana chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Daingean agus plean teanga an bhaile seolta.

Bhí Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers i gCorca Dhuibhne inniu chun Plean Teanga Dhaingean Uí Chúis a sheoladh agus maoiniú breise fógartha aige freisin do CLG na Gaeltachta agus do Choiste Forbartha Fhionn Trá.

Maidir le Plean Teanga Dhaingean Uí Chúis, cuirfear maoiniú bliantúil €80,000 ar fháil d’fheidhmiú an phlean thar thréimhse seacht  mbliana.

Seoladh an plean inniu mar chuid d’Fhéile na Bealtaine. Dúirt an tAire Stáit Chambers gur “údar ceiliúrtha agus suntais” é seoladh an phlean.

“Tréaslaím a gcuid oibre le gach aon duine –  pobal an bhaile, an coiste stiúrtha agus an cheanneagraíocht a d’oibrigh ar an bplean agus an tOifigeach Pleanála Teanga, Cristín de Mórdha, atá ag obair go leanúnach chun an plean a chur i bhfeidhm,” a dúirt an tAire Stáit.

“Ach an oiread leis na pleananna teanga ar fad eile atá á bhfeidhmiú, tá deiseanna á dtabhairt sa chás seo do phobal Dhaingean Uí Chúis a bheith lárnach i roghnú a gcuid tosaíochtaí féin faoin bplean agus a bheith páirteach i bhfeidhmiú an phlean ar bhonn comhpháirtíochta.”

D’fhógair an tAire Stáit freisin go raibh deontais bhreise ceadaithe faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga a Roinne –  €39,818 breise do CLG na Gaeltachta i leith oibreacha ar an bpáirc imeartha i nGallaros agus €14,760 do Choiste Forbartha Fhionn Trá le go mbeidh siad in ann comhairleoirí a cheapadh don obair athchóirithe atá beartaithe acu a dhéanamh ar halla pobail an cheantair. 

Thug an tAire Stáit cuairt chomh maith ar Theach Damhsa an Daingin agus Drioglann Dhaingean Uí Chúis.

Ceadaíodh faoi dheireadh an mhí seo an plean teanga Gaeltachta deireanach a bhí le faomhadh. Ba é plean teanga Oileáin Árann an 26ú ceann a ceadaíodh agus €300,000 in aghaidh na bliana le cur ar fáil d’fheidhmiú an phlean.

Tá ciste €5.8 milliún á chur ar fáil i mbliana ag Roinn na Gaeltachta don phróiseas pleanála teanga. 

Tá pleananna do chúig Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe go dtí seo –  Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe, An Clochán Liath agus Trá Lí. Tá pleananna do phéire eile, Caisleán an Bharraigh agus Dún Garbhán, á meas faoi láthair. Tá pleananna á n-ullmhú freisin do Chathair Saidhbhín agus Cathair Chorcaí.

Tá 21 Oifigeach Pleanála Teanga agus ceathrar Oifigeach Cúnta fostaithe go dtí seo faoin bpróiseas.

Fág freagra ar '€80,000 sa bhliain le cur ar fáil do phlean teanga an Daingin agus é seolta inniu ag Aire Stáit na Gaeltachta'