€665,000 fógartha d’fhoclóirí Gaeilge nua agus d’fhoilsitheoirí

Tá €365,000 á chur ar fáil d’fhorbairt foclóirí Gaeilge-Gaeilge agus Gaeilge-Béarla agus tá €300,000 le caitheamh ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge

€665,000 fógartha d’fhoclóirí Gaeilge nua agus d’fhoilsitheoirí

Tá maoiniú €665,000 fógartha ag Roinn na Gaeltachta tráthnóna chun tús a chur le tionscadal nua foclóireachta agus chun cuidiú le foilsitheoirí “teacht chucu féin arís” tar éis Covid-19.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers go raibh €365,000 le cur ar fáil ag a Roinn chun tús a chur le forbairt foclóirí Gaeilge-Gaeilge agus Gaeilge-Béarla agus le cur le focloir.ie agus teanglann.ie.

Maoiniú breise do Foras na Gaeilge atá anseo, anuas ar ghnáthbhuiséad na heagraíochta.

Tá ráite ag Foras na Gaeilge go bhfuil sé i gceist tús a chur i mbliana le tionscadal nua foclóireachta, a mhairfidh cúig bliana.

Chomh maith leis sin, tá maoiniú breise aon uaire €300,000 á chur ar fáil ag Roinn na Gaeltachta do Chlár na Leabhar Gaeilge. Rachaidh formhór an mhaoinithe – €250,000 – chuig foilsitheoirí na Gaeilge, chun cuidiú leis na tithe foilsitheoireachta “teacht chucu féin” i ndiaidh na paindéime.

“Tá tábhacht ar leith leis an bhfoclóireacht agus leis an bhfoilsitheoireacht do theanga ar nós na Gaeilge,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers agus an maoiniú breise á fhógairt aige.

Dúirt sé go raibh an-áthas air an maoiniú breisiú a fhógairt d’earnáil na foilsitheoireachta “a raibh dúshláin ar leith le sárú acu le dhá bhliain anuas”.

Ó thaobh na foclóireachta de, dúirt sé go gcuirfidh na foclóirí nua an Ghaeilge ar comhchéim leis na mórtheangacha eile ó thaobh na foclóireachta de.

“Is chun leas phobal uile an oileáin an infheistíocht seo. De thairbhe na hinfheistíochta seo, beidh áiseanna foclóireachta den chaighdeán is airde ar fáil do phobal iomlán na teanga, idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí inniúla.

“Chomh maith leis sin, beidh tacaíocht bhreise ar fáil dóibh siúd atá i mbun foilsitheoireachta sa teanga, agus tabharfaidh sé seo deis don Fhoras sa bhliain atá romhainn tacaíocht a thabhairt do chur chun cinn na teanga i réimsí eile i measc an phobail.”

Chuir Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, fáilte roimh fhógra an Aire Stáit.

“Seo dea-scéala d’Fhoras na Gaeilge ó thaobh ár gcuid oibre i réimse na foclóireachta agus na foilsitheoireachta. Baineann tábhacht ar leith leis an bhfocal scríofa i dteanga ar bith agus cuirfidh an maoiniú breise seo ar ár gcumas tógáil ar an mbunchloch atá leagtha síos le blianta beaga anuas le foilsiú an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, atá anois ar an dara cló den leagan clóite agus os cionn 2.5 milliúin úsáideoir in aghaidh na bliana ag tarraingt ar an leagan ar líne.

“Ó thaobh Chlár na Leabhar Gaeilge, cuirfidh an maoiniú breise seo ar ár gcumas cur leis an Scéim Meantóireachta agus tabharfaidh an tacaíocht bhreise seo deis d’Fhoras na Gaeilge tacú le forbairt na teanga i measc an phobail ar fud an oileáin.”

Fág freagra ar '€665,000 fógartha d’fhoclóirí Gaeilge nua agus d’fhoilsitheoirí'