€20,000 ceadaithe d’Amharclann Ghaoth Dobhair le trealamh ardáin a cheannach

Tá an maoiniú €20,000 á chur ar fáil mar chuid d’infheistíocht €28,000 atá le déanamh san amharclann

€20,000 ceadaithe d’Amharclann Ghaoth Dobhair le trealamh ardáin a cheannach

Tá €20,000 ceadaithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta d’Amharclann Ghaoth Dobhair le caitheamh ar threalamh fuaime, soilse agus fearas eile don stáitse nua.

D’fhógair Joe McHugh, an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, a d’oscail an amharclann go hoifigiúil níos luaithe i mbliana, gur ceadaíodh an t-airgead inniu.

“B’iontach an rud é an amharclann a fheiceáil oscailte agus in úsáid ag muintir na háite ach ba léir gur theastaigh trealamh nua stáitse uaithi leis an deis a thabhairt dóibh siúd a úsáideann an amharclann a ndícheall a dhéanamh. Faoi láthair, caitear go leor trealaimh a fháil ar cíos do na seónna agus sábhálfaidh an maoiniú nua seo an costas sin amach anseo,” a dúirt McHugh.

Tá an maoiniú €20,000 á chur ar fáil mar chuid d’infheistíocht €28,000 atá le déanamh san amharclann.

Caitheadh €850,000 ar fad ar an athchóiriú a rinneadh ar Amharclann Ghaoth Dobhair anuraidh, tar éis di a bheith dúnta le deich mbliana. Tháinig deontas €485,000 de sin ó Roinn na Gaeltachta.

D’fhill Aisteoirí Ghaoth Dobhair ar ardán na hamharclainne mí Mhárta na bliana seo leis an dráma Sadhbh le John B Keane.

Tá spás do 300 duine san amharclann féin, agus tá seomraí ar fáil inti do ranganna, ceardlanna, ceolchoirmeacha agus seimineáir.

Tá caifé ann freisin, Ard na gCeapairí, a bhíonn oscailte i gcaitheamh na seachtaine agus le linn drámaí agus imeachtaí eile na hamharclainne.

Tá cainteanna ar bun ag coiste na hamharclainne le hÚdarás na Gaeltachta i láthair na huaire faoi mhaoiniú a chur ar fáil chun bainisteoir lánaimseartha a fhostú.

Fág freagra ar '€20,000 ceadaithe d’Amharclann Ghaoth Dobhair le trealamh ardáin a cheannach'

  • Seosamh Mac Ionnrachtaigh

    Ba cheart an maoiniú sin a ardú faoi feiche nó faoi triocha nó faoi caoga chun gach a bhfuil ag teastáil a dhéananamh i gceart, dar liom féinigh. Is áis iontach go deo é Amharclann Ghaoth Dobhair do gach duine in Éirinn. Tá an maoiniú reatha i bhfad ró bheag ar fad.