€2 milliún á thairiscint le cláir a dhéanamh do chainéal nua Gaeilge do pháistí

Ar na cláir a bheidh á lorg ag TG4 don chainéal nua Cúla4 tá sraith ar stair na hÉireann don lucht féachana óg agus sraith drámaíochta do leanaí réamhscoile

€2 milliún á thairiscint le cláir a dhéanamh do chainéal nua Gaeilge do pháistí

Tá sé fógartha ag TG4 go bhfuil €2 milliún de mhaoiniú á chur ar fáil le hábhar agus cláir nua a sholáthar do Cúla4, cainéal nua an stáisiúin do leanaí, a sheolfar an bhliain seo chugainn.

Tá iarratais á lorg ag an stáisiún le haghaidh conradh ceithre bliana le cláir a chur ar fáil do leanaí idir 8 agus 12 bliain d’aois. Daoine óga nó leanaí a bheidh ag cur na gclár sin i láthair agus tá iarratais á n-iarraidh chomh maith ar chonradh láithreoireachta ceithre bliana don chainéal nua.

Ar na cláir a bheidh á lorg don chainéal nua tá sraith ar stair na hÉireann don lucht féachana óg agus seó cluichí a thabharfaidh deis do scoileanna, clubanna nó grúpaí comrádaithe a bheith ag iomaíocht in aghaidh a chéile.

Tá sraith drámaíochta do leanaí réamhscoile agus sraith eile do leanaí idir 8-12 bliain á lorg, chomh maith le scéim forbartha  beochana don aoisghrúpa 8-12 agus cláir shiamsaíochta do leanaí.

Tá sé i gceist maoiniú forbartha a thabhairt do thionscadal oideachais a bheidh á fhorbairt in 2024 chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna scoileanna. Díreofar sa tionscadal sin ar bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna agus acmhainní foghlama breise á soláthar do mhúinteoirí agus do dhaltaí. Cuirfear béim ar leith ar thacaíocht is acmhainní teagaisc a chur ar fáil do scoileanna nach Gaelscoileanna ná scoileanna Gaeltachta iad.  Tá iarratais á lorg ag TG4 chomh maith ar ghearrfhoirmeacha de ghearrthóga oideachais a bheadh dírithe ar leanaí bunscoile.

Chomh maith leis sin tá iarratais ar chláir agus sraitheanna á lorg ag TG4 ón earnáil neamhspleách léirithe sna seánraí seo: clár faisnéise nó fíorasach a chraolfaí ag an mbuaic-am i sceideal an stáisiúin, clár fíorasach nó siamsaíochta do chroíphobal féachana TG4, siamsaíocht fhíorasach do theaghlaigh agus clár siamsaíochta ceoil nach ceol tíre ná ceol traidisiúnta é.

Tá an stáisiún ag lorg smaointe freisin maidir le hábhar don lucht féachana faoi bhun 35 bliain agus aon mholtaí eile faoi chláir.

Tuairiscíodh le déanaí go ndúirt comhlacht comhairliúcháin gurbh fhiú dul ar aghaidh le plean TG4 cainéal nua Cúla4 a bhunú ach go gcaithfí a thuiscint gur luach teoranta a bhainfeadh lena leithéid.

Fág freagra ar '€2 milliún á thairiscint le cláir a dhéanamh do chainéal nua Gaeilge do pháistí'

  • Ciarán BXL

    Ach cén fáth ar baineadh na cartúin i gcónaí tar éis seachtain nó mí?

    Tá na mílte is na mílte cláir déanta acu cheana. Cá bhfuil siad anois? Cá bhfuil Batman? Adventure Time? Clarence? Angelo Rules? Jamie’s Got Tentacles? Sesame Street?

    Is é Cúla4 an t-aon chaoi páiste a thógáil le Gaeilge mura bhfuiltear sa nGaeltacht. Agus d’fhéadfadh sé a bheith i bhfad níos fearr.

    Rinne mé trí iarracht dul i dteagmháil leo ach ní bhfuair mé freagra.