Teora le fiúntas chainéal Cúla4 don phobal de bharr figiúirí ísle féachana – comhairleoirí de chuid an BAI

Dúirt comhlacht comhairliúcháin gurbh fhiú dul ar aghaidh le plean TG4 cainéal nua Cúla4 a bhunú ach go gcaithfí a thuiscint gur luach teoranta a bhainfeadh lena leithéid

Teora le fiúntas chainéal Cúla4 don phobal de bharr figiúirí ísle féachana – comhairleoirí de chuid an BAI

Thug comhairleoirí a rinne anailís ar mholadh TG4 maidir le cainéal nua do pháistí a bhunú treoir don Rialtas a bheith “aireach” faoin luach don phobal a bhainfeadh leis an gcainéal nua.

Dúirt na comhairleoirí a bhí ag obair ar son Údarás Craolacháin na hÉireann [BAI] go mbeadh fiúntas don phobal ag baint le plean TG4 an cainéal nua Cúla4 a bhunú ach go gcaithfí a thuiscint go mbeadh teora leis an luach a bhainfeadh lena leithéid toisc go mbeadh an lucht féachana don chainéal chomh beag sin.

De réir na hanailíse a rinne an comhlacht Communications Chambers, ní bheidh ach thart ar 1,000 duine ar an meán ag breathnú ar Cúla4 agus ní leanaí a bheidh ach i 10% de na daoine sin. Bunaithe ar an anailís sin, d’fhéadfadh nach mbeadh ach 100 gasúr ar an meán ag breathnú ar an gcainéal nua.

Deir na comhairleoirí go bhfuil na figiúirí sin ag teacht leis na figiúirí féachana a fhaigheann cainéil eile atá dírithe ar ghasúir.

Meastar go mbeidh meánsciar 0.13% den lucht féachana ag Cúla4, timpeall an líon céanna agus a fhaigheann an cainéal Nicktoons. Faigheann RTÉjr meánsciar 0.4% den lucht féachana agus 0.5% a fhaigheann Nick Jr, an cainéal do leanaí is mó a mheallann lucht féachana in Éirinn.

Tugann na comhairleoirí le fios go bhfuil meastachán TG4 féin don sciar den lucht féachana a gheobhadh Cúla4 níos airde ná an figiúir atá acusan.

Deirtear chomh maith san anailís go bhfuil gach seans go laghdóidh líon na ndaoine a beidh ag féachaint ar Cúla4 amach anseo. Tuairiscítear gur laghdaigh na figiúirí féachana do chainéil atá dírithe ar leanaí faoina leath ó 2016 agus go meastar go leanfaidh cúrsaí ag dul sa treo sin toisc leanaí a bheith ag fáil ábhair ar líne.

Ina ainneoin sin uile, deir na comhairleoirí go mbeidh tairbhe don phobal sa chainéal nua. Deirtear nach ndéantar freastal ceart ar an lucht féachana óg go minic, go háirithe daoine óga a bhíonn ag labhairt mionteanga.

Deirtear go gcuirfidh an cainéal nua an teanga agus ábhair i nGaeilge do pháistí chun cinn i measc an phobail agus go dtacóidh sé leis an earnáil neamhspleách léiriúcháin, go háirithe leo siúd a bhíonn ag soláthar ábhar i nGaeilge.

D’fhógair an tAire Catherine Martin a tacaíocht don mholadh mí Mheán Fómhair agus dúirt sí go rachaidh €3.3m den os cionn €7m a bhronn an Rialtas ar TG4 i mBuiséad 2023 ar an stáisiún nua Cúla4 a bhunú.

De réir na hanailíse a rinneadh ar mholadh TG4, meastar go bhféadfadh an stáisiún an sciar den lucht féachana a bhíonn ag TG4 a mhéadú dá ndéanfaí cinneadh amach anseo gan ábhar Cúla4 a chur ar an bpríomhchainéal agus cláir do dhaoine fásta eile a chraoladh ina áit.

Tá na comhairleoirí den tuairim go bhféadfadh ardú 0.28% a bheith i gceist, rud a thabharfadh sciar iomlán 2.17% do TG4 – idir na trí stáisiún, TG4 féin, Cúla4 agus TG4+1. Bheadh sin gar don sprioc 2.2% a leagadh amach don bhunstáisiún i Straitéis TG4 2018-2022 – sprioc nár éirigh le TG4 í a bhaint amach.

Agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, ag ceadú mholadh TG4 an cainéal nua a bhunú, dúradh go ndéanfadh an stáisiún infheistíocht €5.6m san earnáil léiriúcháin neamhspleách mar thoradh ar bhunú Cúla4.

Craolfar Cúla4 ó 6am-8pm gach lá agus tiocfaidh TG4+1 ar an aer idir 8pm-6am ag athchraoladh a raibh le feiceáil ar phríomhchainéal TG4 uair an chloig níos túisce.

Ní bheidh fógraí ar bith le feiceáil ar chraoltaí Cúla4, rud a laghdóidh an tionchar a bheidh ag an gcainéal ar chainéil eile, a deir na comhairleoirí.

Tá sé i gceist an cainéal a sheoladh in earrach na bliana seo chugainn. Beidh sé ar fáil ar dtús ar Saorview agus ar chóras Virgin Media agus tá sé i gceist go mbeadh an cainéal ar fáil ar Sky Ireland uair éigin ina dhiaidh sin.

Tugtar léargas sa tuairisc freisin ar an ábhar a bheidh á chraoladh ar Cúla4 – ábhar oideachasúil, drámaíocht, siamsaíocht agus clár nuachta ina measc.

Clúdóidh an clár nuachta scéalta a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta, cúrsaí náisiúnta agus cúrsaí domhanda agus iad dírithe ar lucht féachana óg.

Tá coimisiúnú le déanamh ag TG4 ar shraith drámaíochta agus sraith beochana nua chomh maith agus beidh ábhar atá le feiceáil ar Cúla4 cheana féin – amhail Is Eolaí Mé agus Timpeall Orainn – á chraoladh ar an gcainéal nua chomh maith le hábhar idirnáisiúnta a ndéanfar athghuthú i nGaeilge air.

Leanfar ag craoladh cláir Cúla4 a bhíonn á gcraoladh faoi láthair idir 7-11am agus 3-5pm ar phríomhchainéal TG4, fiú agus an cainéal nua Cúla4 ar an aer.

Rinneadh anailís na gcomhairleoirí mar chuid d’iarratas TG4 chuig an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun cead a fháil an cainéal a bhunú.

Níor ghlac cuid de na heagraíochtaí Gaeilge is mó a bhíonn ag plé le cúrsaí óige agus oideachais leis an deis a dtuairim a thabhairt mar chuid den chomhairliúchán ar bhunú an chainéil.

Fág freagra ar 'Teora le fiúntas chainéal Cúla4 don phobal de bharr figiúirí ísle féachana – comhairleoirí de chuid an BAI'