€117,000 den €16 milliún a chaith an HSE ar fhógraíocht na paindéime a caitheadh ar ábhar Gaeilge

Ó thús na paindéime breis is dhá bhliain ó shin, níor caitheadh oiread agus pingin ar fhógraí i nGaeilge a chur sna meáin chlóite, ar na meáin shóisialta ná ar fhógraíocht lasmuigh

€117,000 den €16 milliún a chaith an HSE ar fhógraíocht na paindéime a caitheadh ar ábhar Gaeilge

As gach euro a chaith Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte ar fhógraíocht le linn na paindéime Covid-19, caitheadh níos lú ná cent ar fhógraí i nGaeilge.

De réir figiúirí nua, níor caitheadh ar fhógraíocht Ghaeilge ach €117,440 den bhreis is €16 milliún a chaith an HSE le dhá bhliain anuas ar scaipeadh eolais faoin Covid-19 – 0.7% den chaiteachas iomlán.

Cuireadh na figiúirí ar fáil do Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge mar eolas breise anuas ar eolas a tugadh ag cruinniú a bhí ag oifigigh ón HSE agus ón Roinn Sláinte leis an gcoiste ag deireadh mhí an Mhárta.

Is ar fhógraí raidió agus teilifíse amháin a chaith an HSE an €117,440 sin agus níor caitheadh oiread is pingin amháin ar fhógraí i nGaeilge nó fógraí dátheangacha a chur sna meáin chlóite, ar na meáin shóisialta ná ar fhógraíocht lasmuigh.

Dúirt an HSE cheana gur rinneadh cinneadh gan fógraíocht faoin bpaindéim a dhéanamh i nGaeilge toisc go bhfuil sé níos costasaí fógraíocht i nGaeilge a fhoilsiú agus nach mbeadh siad ag fáil luach maith ar an airgead.

San eolas nua seo, dheimhnigh an HSE do Choiste Oireachtais na Gaeilge nár cheannaigh an eagraíocht fógraíocht dhátheangach ar bith ó thosaigh paindéim an Covid-19 in earrach 2020.

Dúradh, áfach, go raibh “réimse fairsing d’ábhar solúbtha” ullmhaithe a bheadh oiriúnach do lucht féachana éagsúla, eolas i nGaeilge faoin vacsaín Covid-19 ina measc.

Den airgead a caitheadh ar fhógraí Gaeilge, caitheadh €90,029 ar fhógraíocht teilifíse agus caitheadh €27,411 ar fhógraí raidió.

Mar mhíniú ar a laghad a caitheadh ar fhógraí raidió Gaeilge – €27,411 as €4,833,655 –  dúradh sa fhreagra a cuireadh ar fáil don Choiste gur “beag deis atá ann am craolta tráchtála a cheannach ar stáisiún raidió Gaeilge” chun na fógraí Gaeilge a chraoladh. Tugadh le fios gur cheannaigh an HSE amanna craolta ó 2021 “ar réimse stáisiún raidió chun eolas tábhachtach faoi Covid-19 agus faoin vacsaín a chur i láthair cainteoirí Gaeilge.”

Maidir le cúrsaí teilifíse, dúirt an HSE gur ullmhaíodh fógraí i nGaeilge faoin vacsaín agus gur craoladh iad ar TG4 “nuair ab fhéidir agus ag brath ar bhrú ama”.

D’fhoilsigh an HSE 187 teachtaireacht i nGaeilge ar na meáin shóisialta san iomlán le linn na paindéime ach, arís, níor caitheadh aon airgead ar na fógraí sin.

Dúirt an HSE sa litir a cuireadh chuig Coiste na Gaeilge gur “chinntigh muid gur chomhlíon muid ár ndualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla” maidir leis an bhfógraíocht. Ag an gcruinniú i dTithe an Oireachtais a spreag an HSE an t-eolas breise seo a chur ar fáil, áfach, dúirt Príomhfheidhmeannach na heagraíochta, Paul Reid, “nach raibh dóthain déanta” ag an HSE le linn na paindéime chun a cuid dualgais faoi Acht na dTeangacha a chomhlíonadh.

Maidir le húsáid na Gaeilge i bhfeachtais chumarsáide an HSE go ginearálta le linn paindéime, dúirt Reid gur glacadh le “go leor deiseanna” chun fógraíocht agus eolas a chur ar fáil i nGaeilge ach gur “cailleadh deiseanna áirithe” a “bhfís don Ghaeilge a chur chun cinn”.

Tá cáineadh déanta go minic ar chur chuige an stáit i leith na Gaeilge ó thús na paindéime agus tá géillte ag an HSE agus ag an Roinn Sláinte gur fágadh an teanga ar lár.

 

Fág freagra ar '€117,000 den €16 milliún a chaith an HSE ar fhógraíocht na paindéime a caitheadh ar ábhar Gaeilge'

  • Antóin

    Olc go leor gur chaith FSS €117,000 ar ábhar Gaeilge ach scannal atá ann gur chaith siad €16 mhilliún ar fhógraíocht de chineál ar bith. Nach olc an ghaoth…