€1 milliún atá á lua le hIonad cúram leanaí Gaeilge nua i mBaile Bhuirne

Deir bainisteoir Gníomhach Chomharchumann Forbartha Mhúscraí go bhfuil an t-ionad ‘go hard’ i measc na mbearta a bheidh á gcur i gcrích laistigh den chéad bhliain ag an Oifigeach Pleanála Teanga

€1 milliún atá á lua le hIonad cúram leanaí Gaeilge nua i mBaile Bhuirne

Tá €1 milliún á lua le dréachtphlean d’fhorbairt ionad cúram leanaí Gaeilge do Bhaile Bhuirne i nGaeltacht Chorcaí.

Pléadh an dréachtphlean don ionad cúram leanaí nua atá le tógáil in eastát tithíochta Cluain Réidh i mBaile Mhic Íre ag cruinniú poiblí an tseachtain seo.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt bainisteoir Gníomhach Chomharchumann Forbartha Mhúscraí Grett O’Connor, go bhfuil an t-ionad úr cúram leanaí i measc na dtosaíochtaí a bheas ag Oifigeach Pleanála Teanga Mhúscraí, post atá á fhógairt faoi láthair.

“Tá an t-ionad úr seo luaite go hard i measc na mbearta a bheith á gcur i gcrích laistigh den chéad bhliain ag an Oifigeach Pleanála Teanga.

“Nuair a bhí an plean teanga a leagan amach le trí nó ceithre bliana anuas ní raibh aon tuairim ag daoine go mbeadh deis mar seo ann agus go bhféadfaí tabhairt faoina leithéid chomh tapa san,” a dúirt O’Connor.

Tá an suíomh don ionad cúram leanaí á thabhairt ar láimh ag an fhorbróir as Corcaigh, Michael Murnane, do mhuintir na háite chun an t-ionad a thógáil.

I measc na n-áiseanna atá á lua leis an ionad úr, tá crèche, naíonra, spás do dhaltaí iarscoile agus páirc astroturf.

Cuireadh tús leis na pleananna le haghaidh ionad cúram leanaí a thógáil i mBaile Bhuirne 10 mbliana ó shin agus ba ar an eastát céanna i mBaile Mhic Íre a moladh é a thógáil.

Cé gur theip ar na hiarrachtaí chun an t-ionad cúram leanaí a thógáil an tráth sin, dúirt O’Connor go raibh “éileamh ann deich mbliana ó shin” agus go raibh sí “cinnte go raibh an t-éileamh fós ann chuige”.

“Tá naíonraí an-láidir againn i mBaile Bhuirne cheana féin agus tá muid ag ceapadh go mbeadh go leor éileamh ar an áit chun go mbeidh sé eacnamúil é a reáchtáil,” a dúirt Grett O’Connor.

Fág freagra ar '€1 milliún atá á lua le hIonad cúram leanaí Gaeilge nua i mBaile Bhuirne'