‘Dul chun cinn mór’ don Mhanainnis é albam nua dátheangach

Tá leagan Béarla agus leagan Manainnise ann de gach amhrán ar ‘Treading Water/Brebbal Ushtey’

‘Dul chun cinn mór’ don Mhanainnis é albam nua dátheangach

Is “dul chun cinn mór” i gceol comhaimseartha na Manainnise é an t-albam nua dátheangach Treading Water/Brebbal Ushtey leis an mbanna ceoil Biskee Brisht (‘Briosca Briste’), dar le Culture Vannin, a thug maoiniú don togra.

Tá leagan Béarla agus leagan Manainnise ann de gach amhrán ar an albam nua agus blasanna den cheol traidisiúnta agus den cheol comhaimseartha le sonrú tríd. Ba é an file agus an scríbhneoir Bob Carswell a chuir Manainnis ar bhunleaganacha Béarla na n-amhrán.

Agus an t-albam nua á sheoladh in Laksaa le deireanas, dúirt príomhamhránaí Biskee Brisht, Ruby Biscoe-Taylor, gur breá léi a bheith ag amhránaíocht i Manainnis mar gheall ar an gceangal a bhraitheann sí le “hoidhreacht agus le cultúr” a háite dúchais.

“Bhí an t-ádh orainn a bheith ag casadh sa Bhreatain, in Éirinn, sa Fhrainc, agus sa Ghearmáin. Bíonn an oiread grá agus ceana ag an lucht éisteachta dár n-amhráin Mhanainnise agus tá sé feicthe agam gur bealach an-éasca é leis an teanga a thaispeáint do dhaoine den chéad uair.

“Foghlaimíonn siad roinnt focal nua agus iad ag canadh na bhfonn mealltach in éineacht linn! Is breá liom a bheith ag canadh i Manainnis mar airím ceangal níos mó le hoidhreacht agus le cultúr m’áite dúchais, agus nascann sí mé le mo mhuintir a tháinig romham,” a dúirt Biscoe-Taylor.

Cuireadh maoiniú ar fáil don albam nua ón gciste atá ann do Blein na Gaelgey (Bliain na Manainnise), ceiliúradh mór náisiúnta ar theanga an oileáin atá ar siúl in 2026. Dúirt leaschathaoirleach na heagraíochta Culture Vannin, Chris Williamson, go léiríonn Treading Water/Brebbal Ushtey gur cuid d’earnáil “chruthaitheach chomhaimseartha” í an Mhanainnis.

“Mar gheall go bhfuil gach amhrán ann i mBéarla agus i Manainnis, léiríonn an t-albam go bhfuil an ceol Manainnise ina cuid d’earnáil bheo chruthaitheach chomhaimseartha agus nach bhfuil sé srianta don chomhthéacs traidisiúnta.

“Tá sé tráthúil gur le linn Blein ny Gaelgey a eisíodh é, treisíonn sé an tábhacht a bhaineann le saothair nua ábhartha ealaíne a chruthú i Manainnis do lucht éisteachta an lae inniu,” a dúirt sé.

Bunaíodh Briskee Brisht in 2017, tar éis an chomórtais Arrane Son Mannin (Amhrán ar son Mhanann). Tá cúigear sa bhanna ceoil, atá tar éis cúpla camchuairt a dhéanamh agus a rinne ionadaíocht ar son Mhanann ag an gcomórtas Pan Cheilteach.

Tá deartháir le Ruby Briscoe-Taylor sa bhanna ceoil freisin agus is faoi bhás athair na beirte an t-albam nua. Chuir a n-athair lámh ina bhás féin nuair a bhí na ceoltóirí ina bpáistí óga. Dúirt Briscoe-Taylor gur geall le “dialann” an t-albam agus gur “bealach iontach leis an mbrón a phróiseáil” é an chumadóireacht amhrán.

Is i bhfoirm chrua amháin a bheidh Treading Water/Brebbal Ushtey ar fáil, agus an cinneadh déanta ag an mbanna ceoil gan a gcuid ceoil a chur ar fáil ar sheirbhísí sruthaithe mar gheall ar a laghad airgid a bhaineann ceoltóirí astu.

Fág freagra ar '‘Dul chun cinn mór’ don Mhanainnis é albam nua dátheangach'