Tá “dul chun cinn an-mhaith” déanta ag an Úcráin maidir lena mian ballraíocht a fháil san AE ach tá “obair chrua” le déanamh i gcónaí, a deir Uachtarán Choimisiún an Aontais Eorpaigh, Ursula von der Leyen.
Agus a haitheasc bliantúil á thabhairt aici, dúirt von der Leyen gur san Aontas Eorpach ba cheart don Úcráin, an Mholdóiv agus tíortha iarthar na mBalcán a bheith amach anseo.
“Seasfaimid leis an Úcráin i ngach céim den bhealach. A fhad is gá. Ó cuireadh tús leis an gcogadh tá ceithre mhilliún Úcránach tar éis tearmann a fháil san Aontas seo againne,” arsa Von der Leyen.
Leag sí béim ina haitheasc in Strasbourg ar mhéadú an AE agus dúirt sí nár chóir fanacht ar chonradh nua a aontú chun cur le líon na mballstát.
“Ach ní féidir linn – agus níor cheart dúinn – fanacht ar athruithe ar an gConradh sula mbogfaimid ar aghaidh leis an méadú. Beimid in ann Aontas atá oiriúnach don mhéadú a bhaint amach ar luas níos tapúla. Chuige sin, beidh gá le ceisteanna praiticiúla a fhreagairt faoin mbealach a n-oibreoidh Aontas ina bhfuil os cionn 30 tír.”
D’fhógair sí ina cuid cainte chomh maith go raibh fiosrúchán á chur ar bun faoi charranna leictreacha as an tSín a bheith á ndíol ar chostas íseal, cleachtas atá frithiomaíoch, dar léi.
Dúirt sí go raibh earnáil na gcarranna leictreacha an tábhachtach do gheilleagair glas na hEorpa agus gur údar imní é go bhfuil praghas na gcarranna leictreacha as an tSín á choimeád íseal d’aon turas le fóirdheontais mhóra stáit.
“Dá réir sin, tá mé ag fógairt inniu go bhfuil an Coimisiún ag seoladh imscrúdú frith-fhóirdheontais ar fheithiclí leictreacha a thagann isteach ón tSín. Tá an Eoraip oscailte don ghnó. Ní le haghaidh rás go dtí an grinneall.”
Ní mór dúinn muid féin a chosaint ar chleachtais éagóracha.
Dúirt von der Leyen go gcaithfí Margadh Glas an AE a chur i bhfeidhm agus ag an am céanna cosaint a thabhairt d’fheirmeoirí, don tionsclaíocht agus do theaghlaigh.
Ghabh sí buíochas le feirmeoirí na hEorpa ach dúirt sí gur theastaigh níos mó comhoibrithe agus níos lú den deighilt i dtaca leis an Margadh Glas.
D’fhógair sí chomh maith pacáiste tacaíochta nua do thionscal an fhuinnimh ghaoithe.
“Tá Comhaontú Glas don Eoraip againn anois i gcroílár ár ngeilleagair, nach bhfuil a shárú ann ó thaobh na huaillmhéine de,” ar sí.
“Ceithre bliana ó shin, ba é an Comhaontú Glas don Eoraip ár bhfreagra ar ghairm na staire. Bhí an samhradh seo ar an samhradh ba theo dá raibh againn riamh san Eoraip, agus chuir sé an méid sin i gcuimhne dúinn go láidir. Buaileadh an Ghréig agus an Spáinn le falscaithe sladacha, agus bhuail tuilte millteacha arís iad cúpla seachtain ina dhiaidh sin. Agus chonaiceamar anord agus eirleach na hadhaimsire — ón tSlóivéin go dtí an Bhulgáir agus ar fud an Aontais seo againne.”
Meastar go seasfaidh Von der Leyen don dara téarma mar uachtarán an bhliain seo chugainn, cé nár thagair sí dá bhfuil i ndán di féin sa pholaitíocht ina cuid cainte.
Leag sí béim mhór ina cuid cainte ar an méid a deir sí atá bainte amach aici go dtí seo agus mhaígh sí go minic gur éirigh leis an gcoimisiún freagra a thabhairt ar “scairt na staire” le linn a tréimhse mar uachtarán.
Fág freagra ar '‘Dul chun cinn an-mhaith’ déanta ag an Úcráin maidir lena mian a bheith san AE'