Duine le fostú ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge den chéad uair

Bainisteoir páirtaimseartha atá á lorg ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge agus tá an folúntas sin ar cheann de thrí phost nua i saol na litríochta Gaeilge faoi láthair

Duine le fostú ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge den chéad uair

Tá duine á fhostú den chéad uair ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, an grúpa deonach a bunaíodh seacht mbliana ó shin chun ardán agus glór a thabhairt dóibh siúd a bhíonn i mbun pinn sa teanga.

Bainisteoir páirtaimseartha atá á lorg ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge agus tá an folúntas sin ar cheann de thrí phost nua i saol na litríochta Gaeilge faoi láthair.

Tá bainisteoir lánaimseartha á lorg ag IMRAM, an fhéile litríochta, agus tá Comhordaitheoir Tionscadail lánaimseartha á lorg ag Léitheoirí na Gaeilge, togra nua a bhfuil faoi cur le líon na léitheoirí Gaeilge.

142 ball atá ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge a bunaíodh in 2015. Tá maoiniú faighte ag an eagraíocht ó Fhoras na Gaeilge chun forbairt a dhéanamh agus bainisteoir a cheapadh ar feadh tréimhse ceithre mhí, ó Mheán Fómhair go dtí Nollaig na bliana seo.Deir lucht na Aontais go ndíreofar ar mhaoiniú fadtréimhseach a fháil don eagraíocht “de réir mar a bheas rath ar an obair forbartha” atá beartaithe. Mar chuid den obair sin, tá sé i gceist ag an Aontas cur le líon na seirbhísí a chuirtear ar fáil dá bhaill. Cuirfear, mar shampla, seirbhís eolais ar fáil go rialta faoi sparánachtaí́ agus deiseanna eile do scríbhneoirí.

Cuirfear comhairle ar fáil do scríbhneoirí faoi cheisteanna conartha agus eile. Tá sé i gceist chomh maith “uasdátú agus poiblíocht” a dhéanamh ar Eolaire na Scríbhneoirí, bunachar na heagraíochta, atá ar fáil ar a suíomh. Breis is 500 scríbhneoir Gaeilge atá liostaithe sa bhunachar.

An bhliain seo chugainn a bheidh Léitheoirí na Gaeilge, atá á reáchtáil ag Comhar, faoi lánseol.

Tá taighde déanta ag lucht Léitheoirí na Gaeilge cheana i measc an phobail, taighde a léirigh go mbíonn fadhbanna san earnáil le heaspa margaíochta agus eolais agus le cúrsaí dáileacháin.

Fuarthas amach chomh maith go raibh easpa eolais ann faoi spriocléitheoirí agus spriocaoiseanna na leabhar agus go raibh easpa ábhar léitheoireachta i ngach seánra agus do gach aoisghrúpa.

Tá ráite cheana ag Jack Chambers, Aire Stáit na Gaeltachta, go n-aithníonn sé na deacrachtaí atá ag cur as d’earnáil foilsitheoireachta na Gaeilge agus go bhfuil na fadhbanna sin á scrúdú ag a Roinn.

Bhí cruinniú ag feidhmeannaigh i Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge i mí an Mheithimh chun labhairt faoi chúrsaí foilsitheoireachta Gaeilge, tráth a bhfuil an t-ábhar á phlé go rialta i dTeach Laighean.

D’eagraigh Coiste Gaeilge an Oireachtais sraith cruinnithe roimh bhriseadh an tsamhraidh le plé a dhéanamh ar léitheoireacht agus foilsitheoireacht na Gaeilge agus rinne scríbhneoirí, foilsitheoirí agus daoine eile san earnáil cur síos ar na fadhbanna atá san earnáil.

Tháinig laghdú 40% ar an maoiniú a tugadh don fhoilsitheoireacht Gaeilge idir 2008-2016, agus é tite ó €1.8 milliún in 2008 go dtí €1.06 milliún in 2021.

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go bhfuil “ar a laghad €2.5 milliún sa mbliain” ag teastáil don earnáil.

Agus iad os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais níos luaithe i mbliana, dúirt Foras na Gaeilge nach rabhthas in ann forbairt a dhéanamh ar an earnáil. Dúirt Seán Ó Coinn go raibh foilsitheoirí na Gaeilge in ‘áit an-leochaileach’, ceal acmhainní agus léitheoirí.

Tá imní léirithe ag na foilsitheoirí Gaeilge faoina bhfuil i ndán dóibh mura réitítear na fadhbanna atá ag cur as dóibh. Dúirt Deirdre Ní Thuathail ó Chló Iar-Chonnacht go n-imeoidh foilsitheoirí “le gaoth” má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá.

Tá Coiste Gaeilge an Oireachtais le tuarascáil agus moltaí maidir le hearnáil na foilsitheoireachta Gaeilge a réiteach nuair a bheidh deireadh tagtha leis na cruinnithe atá á reáchtáil acu ar an ábhar.

Ag ceann de na cruinnithe i dTithe an Oireachtais, dúirt Stiúrthóir na Féile Litríochta Gaeilge Imram, Liam Carson go raibh  easpa foirne ina fadhb ollmhór aige féin mar stiúrthóir na féile. Ní raibh fostaithe ag Imram ach é féin ach tá sé i gceist an dara duine a fhostú anois mar bhainisteoir.

Dúirt Liam Carson go mbíonn sé deacair ceal acmhainní féilte Béarla a mhealladh chun ócáidí Gaeilge a reáchtáil agus ócáidí a chur ar fáil dóibh nuair atá a leithéid uathu.

“Tá naonúr fostaithe ag Áras Scríbhneoirí na hÉireann, naonúr fostaithe ag Éigse Éireann, triúr fostaithe ag Ionad Litríochta an Deiscirt agus mar sin de. Níl ag Imram ach mé féin. Tá triúr nó ceathrar eile ag teastáil ar a laghad,” a dúirt sé.

 

Fág freagra ar 'Duine le fostú ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge den chéad uair'