Duine ar bith ar spéis leo an obair forbartha pobail, is fiú dóibh an leabhar seo a léamh

Agus trí scór bliain caite aige ag obair ar son an phobail tá a dhírbheathaisnéis scríofa ag Micheál Ó Néill

Duine ar bith ar spéis leo an obair forbartha pobail, is fiú dóibh an leabhar seo a léamh

Micheál Ó Néill i 2015 le Dermot O'Donovan agus Fergal Barry

Draoibeáilte a bhíodar. Fágadh iad sa mbáisteach ag stiúradh na tráchta taobh amuigh d’Óstán Rinn Mhaoile i dtuaisceart Chonamara. Bhí na maithe móra taobh istigh ag Fáiltiú.

Ní mba fear d’ócáidí foirmeálta é Micheál Ó Néill ach bhí sé ag dul ó mheabhair air gur fágadh é féin agus beirt stiúrthóirí eile as comhlacht forbartha pobail Iar-Chonamara Teoranta as an gcomhaireamh sa gcás seo. Mí na Bealtaine 1974, díreach glan leathchéad bliain ó shin.

Ócáid ar leith a bhí intí i bpobal Rinn Mhaoile. Bhíothas ag déanamh oscailt oifigiúil i sráidbhaile Chrosaire na Tulaí ar scéim naoi gcinn de thithe saoire a raibh ceann tuí orthu. Comhlacht Iar-Chonamara Teoranta a bhí ina gcionn. Iarracht mhór phobail a bhí ann.

D’iarr na sagairt áitiúla go gcuirfí athchoisreacan Shéipéal Chrosaire na Tulaí isteach le hócáid oscailte na dtithe. Glacadh leis sin. Roinnfeadh na sagairt agus comhlacht Iar-Chonamara Teoranta costais na hócáide eatarthu.

Ach nuair a tháinig na cuirí amach, bhí Micheál Ó Néill, rúnaí an chomhlachta, agus beirt stiúrthóirí eile – Seosamh Ó Tuathail agus Paul Aspell –fágtha ar an trá fholamh.

Ina measc siúd a bhí istigh ón mbáisteach bhí an tAire Peter Barry, an tAire Iompair agus Cumhachta, a bhí tagtha go Rinn Mhaoile leis na tithe a sheoladh go hoifigiúil, Ardeaspag Thuama, an Dr Seosamh Ó Cuinneáin, na sagairt áitiúla agus ionadaithe ó Bhord Fáilte, ón Chomhairle Contae agus riar eagraíochtaí Stáit agus leath-Stáit.

“Cén bhrí,” arsa Micheál Ó Néill ina leabhar nua-scríofa Community “ach coinníodh as na grianghrafanna oifigiúla muid chomh maith!”

Nuair a cuireadh ceist faoin gcaoi ar fágadh na hionadaithe pobail ar lár dúradh go raibh “an sagart pobail ag iarraidh a bheith spárálach ar airgead”.

Pictiúr ón aimsir a caitheadh.

Bhí Ó Néill, Ó Tuathail agus Aspell ar an dream ba ghníomhaí a d’oibrigh ar bhunú agus ar fhorbairt scéim na dtithe ceann tuí. Bailíodh airgead go háitiúil. Chuathas ó dhoras go doras tráth a raibh airgead gann i gConamara. Thacaigh na daoine leis an scéim. Chonaiceadar an pictiúr mór.

Shocraigh Micheál Ó Néill go n-éireodh sé as coiste chomhlacht Iar-Chonamara Teoranta agus as obair phobail de bharr a chiotaí agus a caitheadh leo. D’éirigh leis an mbeirt eile a intinn a athrú.

Ní raibh aon phost sinsearach ag sagart in obair forbartha pobail ina dhiaidh sin, a deir Micheál Ó Néill. “Bhí muintir an cheantair in ann forbairtí a chur ar aghaidh, iad féin,” a deir sé.

Ba mhór, agus ba shuntasach an lear oibre a rinneadh faoi stiúir Mhichíl Uí Néill, cuid mhór di go deonach.

Tá an scéim tithe saoire ceann tuí ar Chrosaire na Tulaí, an fhorbairt nua-aoiseach ar an tseanScoil Cheartúcháin i Leitir Fraic, an Coláiste Adhmadóireachta i gcomhar le hOllscoil an Atlanaigh, Raidió Pobail Chonamara, forbairt ar Ionad Spóirt agus Ionad seirbhísí pobail i Leitir Fraic, Comhar Creidmheasa Chrosaire na Tulaí, Craobh Rinn Mhaoile de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus an Teach Ceoil, ar chuid de na beartais a raibh lámh aige iontu.

Chaith Micheál Ó Néill tréimhse ina chomhairleoir contae sna 1980idí dualgas nár thaithnigh leis ar bhealaí de bharr a raibh de righneas agus de mhaorlathas ag baint le go leor den obair.

Tar éis trí scór bliain, tá a dhírbheathaisnéis scríofa aige. Duine ar bith ar spéis leo an obair forbartha pobail, an pobal óg go háirithe, is fiú dóibh an leabhar seo a léamh. Ní fhoghlaimeofar na ceachtanna seo san Ollscoil.

Ní fear é Micheál Ó Néill – múinteoir scoile – a ghéill go héasca do shaineolaithe. “Bhí comhairleoirí, innealtóirí agus ailtirí againn in imeacht na mblianta,” a deir sé “ach táim ar an intinn gur cheart eolas áitiúil agus dearcadh staidéarach a chur san áireamh ar deireadh thiar, thall.”

Is díol spéise an rangú atá déanta aige ar phobail agus cúrsaí forbartha. “Riar beag go maith acu atá báite sa ngníomhaíocht,” a deir sé. “Tuilleadh acu, tiocfaidh siad chuig cruinnithe ach ní choinneoidh siad leis mórán idir dhá chruinniú.” Tá an chuid is mó cineál deighilte uilig ón obair ach go bhfuil siad sásta go bhfuil cúrsaí ag dul ar aghaidh. Ansin tá dream beag go leor – glórach scaití – atá in aghaidh mórán chuile ghníomh.”

An dream “anti” sin, bíonn buntáiste ag baint leo scaití, a deir Ó Néill. “Is minic go gcloistear glórtha na ndaoine ciúine i lár báire nuair a chuireann an dream diúltach olc orthu.”

Tá na cheithre scór caite anois ag Micheál Ó Néill ach coinníonn sé súil ar shaol a cheantar dúchais i gcónaí. Mar fhear a chuir cosa faoi eagraíocht na gComhar Creidmheasa i gConamara, ceapann sé go bhféadfaí tuilleadh buntáistí áitiúla a bhunú ar an eagraíocht sin.

Thug Ó Néill suntas do chuntais bhliantúla Chomhar Creidmheasa Chonamara agus deir sé nach bhfuil ach níos lú ná 40% dá gcuid acmhainní airgeadais ligthe amach ar iasacht i gConamara.

Fágann sin, a deir Micheál Ó Néill, go bhfuil os cionn 60% den airgead atá acu infheistithe i mbancanna agus in institiúidí eile airgeadais.

Táthar ag baint leas as an airgead sin sa saol corparáideach i bhfad ó bhaile, a deir sé.

Dúirt Micheál Ó Néill go bhfuil greim ródhaingean ag an Rialaitheoir Náisiúnta Airgeadais ar na Comhair Chreidmheasa.

Sé Ard-Stiúrthóir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Labhrás Ó Murchú, a a rinne an seoladh oifigiúil ar an leabhar nua Community ag ócáid sa Teach Ceoil i Rinn Mhaoile le déanaí.

Níor fágadh duine ar bith amuigh sa draoib.

Fág freagra ar 'Duine ar bith ar spéis leo an obair forbartha pobail, is fiú dóibh an leabhar seo a léamh'