Duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe agus ocht gcás nua deimhnithe

2,247 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,706 duine ó dheas den teorainn agus 541 ó thuaidh di

Duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe agus ocht gcás nua deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe agus ocht gcás nua den ghalar deimhnithe.

Ní raibh aon bhás nua le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu. Seacht gcás nua a deimhníodh ó thuaidh.

2,247 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,706 duine ó dheas den teorainn agus 541 ó thuaidh di.

30,151 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,303 cás ó dheas den teorainn agus 4,848 cás ó thuaidh.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 25,295 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé hAoine, an 12 Meitheamh:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,279 duine, 13%
  • Bhí 970 braisle cásanna ann
  • As na daoine sin, cuireadh 416 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim.
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 8,130 cás, 32%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 12,210 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,533 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,432 cás, nó 6%
  • 486 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.2%), 470 cás a bhí i nDún na nGall (1.9%), 154 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%), 805 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%) agus 571 cás (2.3%) a bhí deimhnithe i Maigh Eo
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 37% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 60% agus taisteal thar lear ba chúis le 2%

Tá líon na ndaoine a raibh Covid-19 orthu a fuair bás sa Tuaisceart os cionn 30% níos airde ná mar a thugtar le fios i bhfigiúirí laethúla na Roinne Sláinte.

De réir an eolais is déanaí ó Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA),  bhí 779 duine básaithe de bharr Covid-19 faoi Dé hAoine an 5 Meitheamh.

537 bás a bhí curtha ar an taifead ag an Roinn Sláinte faoin tráth sin.

Fág freagra ar 'Duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe agus ocht gcás nua deimhnithe'