Duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe, 25 cás nua deimhnithe

2,216 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,679 duine ó dheas den teorainn agus 537 ó thuaidh di

Duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe, 25 cás nua deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe agus go bhfuil 25 cás nua den ghalar deimhnithe.

2,216 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,679 duine ó dheas den teorainn agus 537 ó thuaidh di.

29,997 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,201 cás ó dheas den teorainn agus 4,796 cás ó thuaidh.

Níor fhógair  Roinn Sláinte an Tuaiscirt aon bhás eile inniu agus níor deimhníodh ó thuaidh ach sé chás nua.

De réir an eolais is déanaí ó Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA), tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 537.

757 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 29 Bealtaine. 528 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna. De réir fhigiúirí NISRA thit líon na mbásanna sa Tuaisceart don séú seachtain i ndiaidh a chéile.

Idir an dá linn, thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le fios inniu gur tháinig ardú an tseachtain seo caite ar líon na ngartheagmhálaithe a bhíonn ag othar a mbíonn Covid-19 air.

Ar an meán, beagán faoi bhun triúr gartheagmhálaithe a bhíodh ag gach othar mí Aibreáin, ach beagáinín sa bhreis ar cheathrar a bhí i gceist an chéad seachtain den mhí seo.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 25,176 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé hAoine, an 5 Meitheamh:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,321 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 409 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim.
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 8,059 cás, 32%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 12,139 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,529 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,428 cás, nó 6%
  • 481 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.2%), 471 cás bhí i nDún na nGall (1.9%), 154 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%), 806 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%) agus 570 cás (2.3%) a bhí deimhnithe i Maigh Eo
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 39% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 58% agus taisteal thar lear ba chúis le 2%

De réir na bhfigiúirí is déanaí, níor deimhníodh aon chás nua den ghalar in aon cheann de na seacht gcontae Gaeltachta seachas i gcontae na Mí, mar ar deimhníodh cás nua amháin, agus i gcontae Chorcaí, áit ar deimhníodh cás amháin eile chomh maith.

124 duine a bhfuil Covid-19 orthu a bhí sna hospidéil ó dheas aréir. 36 othar a bhfuil an galar orthu atá sna haonaid dianchúraim.

 

 

Fág freagra ar 'Duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe, 25 cás nua deimhnithe'