Duine amháin eile a raibh an coróinvíreas air básaithe, 11 cás nua a deimhníodh

2,287 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,736 duine ó dheas den teorainn agus 551 ó thuaidh di

Duine amháin eile a raibh an coróinvíreas air básaithe, 11 cás nua a deimhníodh

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go raibh duine amháin eile a raibh an coróinvíreas tolgtha aige básaithe. 11 cás nua a deimhníodh.

Ní raibh bás ar bith le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu. Trí chás nua a deimhníodh ó thuaidh.

2,287 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,736 duine ó dheas den teorainn agus 551 ó thuaidh di.

31,233 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,473 cás ó dheas den teorainn agus 5,760 cás ó thuaidh di.

Faoin oíche aréir, 429,698 tástáil don ghalar a bhí déanta ó dheas.

Rinneadh 24,607 tástáil le seachtain anuas agus fuarthas go raibh an galar ar 116 duine, nó 0.5%. 

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan gur sé mhí is an lá inniu a fuair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte na chéad tuairiscí faoin víreas ar a dtugaimid COVID-19 anois.

“Ón lá sin tá 10 milliún cás deimhnithe agus 500,000 duine curtha den saol aige ar fud an domhain.

“Is mó atá ar eolas againn anois faoin víreas sin agus conas cosc a chur lena scaipeadh ná a bhí ar eolas againn sé mhí ó shin. Tá sé iontach tábhachtach go leanfaimid ar aghaidh leis an iarracht náisiúnta chun tionchar an ghalair seo ar an tír agus an pobal a mhaolú.” 

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte gur fios anois conas dul i ngleic leis an ngalar.

“Tá a fhios againn conas a scaipeann an víreas seo, tá a fhios againn céard a chaithfimid a dhéanamh mar phobal chun muid féin agus daoine eile a chosaint, caithfimid a bheith san airdeall i gcónaí ar an ngalar seo agus a scaipeadh a cheansú.”

Tá ardú tagtha ar líon na gcásanna den choróinvíreas i nDún na nGall den chéad uair le breis is coicís.

Fógraíodh tráthnóna gur deimhníodh cás nua amháin den ghalar sa chontae ag an deireadh seachtaine.

Tá 465 cás den choróinvíreas aimsithe i nDún na nGall ó thús na ráige, de réir na staitisticí is deireanaí.

Ní raibh aon chás nua den ghalar i Maigh Eo ar feadh ocht lá as a chéile, ach tá cás nua amháin curtha ar an taifead ansin agus 572 cás deimhnithe ann, de réir na bhfigiúirí is déanaí.

Níor deimhníodh aon chás den ghalar sa Ghaillimh 16 lá as a chéile. 485 cás den ghalar atá i gcontae na Gaillimhe.

Níor fógraíodh cás nua i gCiarraí, mar a bhfuil 310 cás, deich lá as a chéile.  Ní raibh aon chás cás nua i gcontae na Mí (808) sé lá as a chéile.

Tá Corcaigh (1,536) agus Port Láirge (157) cúpla lá as a chéile gan aon chás nua.

Idir an dá linn, thug Anthony Fauci, saineolaí ar ghalair thógálacha agus ball de thascfhórsa coróinvíris an Tí Bháin, rabhadh soiléir do phobal Mheiriceá inniu.

Agus é ag tabhairt fianaise sa Seanad sna Stáit Aontaithe inniu, dúirt Fauci go bhféadfadh cúrsaí  éirí “an-dona go deo” agus go bhféadfadh go mbeadh 100,000 cás den ghalar sa lá á ndeimhniú sa tír sin.

“Tá an-imní orm. Táimid ag dul sa treo mícheart, rud is léir má fhéachann sibh ar na figiúirí do  chásanna nua. Caithfimid rud éigin a dhéanamh faoi seo agus é a dhéanamh go gasta. Níl smacht iomlán againn air seo faoi láthair,” a dúirt sé. 

“Mura n-athraíonn cúrsaí ní chuirfeadh sé aon iontas orm dá mbeadh suas le 100,000 cás sa lá againn.”

Fág freagra ar 'Duine amháin eile a raibh an coróinvíreas air básaithe, 11 cás nua a deimhníodh'