Dubhealaíona an ailt tuairimíochta – bhí cleasa uilig na ceirde i gcolún a foilsíodh ar Tuairisc.ie…

Díspeagadh, seachaint ceisteanna agus teoiricí comhcheilge – bhí dubhealaíona an cholúnaí go léir le fáil i bpíosa tuairimíochta le Seosamh Ó Cuaig faoin gcúlstad agus ceist na teorann

Dubhealaíona an ailt tuairimíochta – bhí cleasa uilig na ceirde i gcolún a foilsíodh ar Tuairisc.ie…

Is bocht an t-earra an t-alt tuairimíochta nach dtéann a dhath níos doimhne ná ‘tá an méid seo fíor toisc go ndeirimse é a bheith fíor’. Rachadh sé chun sochair do scríbhneoirí agus do léitheoirí araon comharthaí an ghalair a aithint. Léadh siad, mar sin, alt Sheosamh Uí Chuaig mar gheall ar an Chúlstad agus ceist na teorann in Éirinn. Tá cleasa na ceirde uilig ann.

1. An maíomh gan bhunús

Is é a spreag Seosamh chun pinn ‘gliondar’ a bheith ar Éireannaigh faoin tsáinn ina bhfuil Aontachtaithe Uladh i dtaca leis an Chúlstad de. Pléadálaimse neamhchiontach sa choir áirithe sin. Ní aithním gliondar ar Coveney ná ar Varadkar ach oiread. Ní gliondar atá ar mo mhuintir i gContae Dhoire, ach imní faoina gcuid jabanna agus faoin chorraíl pholaitiúil a thiocfas le teorainn chrua. Agus sibhse, a léitheoirí, an bhfuil gliondar oraibhse?

2. Díspeagadh

Tá drochscéal ag Seosamh dóibh siúd a chreideann go seasfaidh an tAontas Eorpach le hÉirinn maidir leis an Chúlstad: ‘Duine simplí, díchéillí a chreidfeadh é sin.’ Sin agaibh é; má ghlacann tú le focal cheannairí na mBallstát thar fhocal Sheosaimh, is simpleoir atá ionat.

3. Seachain an cheist

Má tá na Sé Chontae le himeacht as an AE agus an Phoblacht fanacht ann, cad é mar is féidir gan teorainn chrua a bheith in Éirinn? Sin an fhadhb a bhí le réiteach acu siúd a cheap an Cúlstad. Níl a mhalairt de réiteach ag Seosamh, ach tá teoiricí comhcheilge go flúirseach aige.

4. Cuir mírún i leith do chéilí comhraic

“Ní raibh sa gcúlstad ó thús ach seift ag maorlathas Aontas na hEorpa leis an Ríocht Aontaithe a choinneáil chomh dlúth agus ab fhéidir leis an Aontas. …Maidir leis an bport seo faoi Shocrú Aoine an Chéasta a chosaint níl ansin ach dallamullóg leis an bhfírinne a cheilt.”

Ní hiad feidhmeannaigh an AE amháin atá ag scéimeáil, dar le Seosamh; tá Sinn Féin ag tacú leis an Chúlstad d’fhonn Aontachtaithe Uladh a ‘sháinniú’.

5. Déan do chuid féin de laoch

An gliondar seo atá orainn faoi chás na nAontachtaithe, an fonn seo a bhíonn ar Phoblachtaigh iad a sháinniú, tá sé ag teacht salach ar ‘theagasc Wolfe Tone’, deirtear linn. Molann Seosamh Gluaiseacht Chearta Sibhialta Thuaisceart Éireann mar eiseamláir de chur i bhfeidhm an teagaisc sin, ar an ábhar nár éiligh siad riamh Éire a athaontú.

Admhaím nach staraí mé, ach ní aithním an Tone seo atá Seosamh ag iarraidh a dhíol linn. An tÉireannach Aontaithe nach lorgódh Éire Aontaithe. An réabhlóidí poblachtach a d’fhógair ‘brisimis an ceangal le Sasana’ ach a mbeadh uafás air faoi shocruithe trádála uile-Éireann.

6. Mídhlisteanú

“Chuaigh na Sealadaigh i mbun foréigin leis an teorainn a réabadh, na Sasanaigh a dhíbirt agus an tír a aontú d’aon bhuille mór amháin. Maraíodh na mílte agus tá Sinn Féin ag caint lá agus oíche anois ar ‘parity of esteem’. Ach tá Mary Lou McDonald mífhoighdeach arís. Pobalbhreith láithreach faoin teorainn atá uaithi.”

Iad siúd a bhí suas le linn ré órga Shinn Féin Oifigiúil/Pháirtí na nOibrithe, aithneoidh siad cuntas Sheosaimh ar fhios fátha na dTrioblóidí: na Sealadaigh ba chiontaí ó thús deireadh. Is cliste mar a thug sé le chéile foréigean an IRA san am atá thart agus an t-éileamh reatha ar phobalbhreith ar cheist na teorann. Tá sé le tuiscint gur éileamh mídhlisteanach atá ann, a bhfuil an sprioc chéanna leis agus a bhí le feachtas na Sealadach – na hAontachtaithe a chloí. Sin in ainneoin go bhfuil pobalbhreith á lorg ag daoine nach bhfuil baint ná páirt acu le Sinn Féin, ná le páirtí Náisiúnach ar bith eile.

Is Tuaisceartaigh óga san aoisghrúpa 18–24 is mó atá i bhfabhar Éire a athaontú  – 60% acu de réir an tsuirbhé is déanaí. Níl cuimhne acu ar fheachtas an IRA agus is cuma leo sa dúdhiabhal faoi scoilt a tharla i ngluaiseacht na Poblachta in aimsir a seanmhuintire. Níl mise chun labhairt ar a son ach cosnóidh mé iad ar an achasán gur seicteachas atá á spreagadh.

Más dearcadh dlisteanach a bheith i bhfách leis an chríochdheighilt, is dearcadh dlisteanach a bheith i bhfách le hathaontú, in ainneoin cleasa reitrice colúnaithe tuairimíochta.

Fág freagra ar 'Dubhealaíona an ailt tuairimíochta – bhí cleasa uilig na ceirde i gcolún a foilsíodh ar Tuairisc.ie…'

  • Seán Mag Leannáin

    Agus féach an sciorradh Freudach seo ó Joe san alt bunaidh: “Táthar ag súil go slogfaidh na hAontachtaithe rialacha trádála nach mbeidh ag teacht leis an gcóras a bheas sa gcuid eile den Bhreatain”. I gcead do Joe, ní raibh Tuaisceart Éireann ná aon chuid eile d’Éirinn riamh mar pháirt den Bhreatain. An Ríocht Aontaithe den Bhreatain Mhór agus d’Éirinn a bhíodh ann, agus ansin agus go dtí an lá inniu an Ríocht Aontaithe den Bhreatain Mhór agus d’Thuaisceart Éireann. Tá an chuma air go bhfuil Joe níos Aontachtaí ná na hAontachtaithe féin, mar a déarfá!