Is seafóideach an dearcadh againn é gliondar a bheith orainn faoi chruachás na nAontachtaithe

Tá polaiteoirí agus tráchtairí ar an taobh seo den teorainn ag cuidiú le tuilleadh brú a chur ar na hAontachtaithe

Is seafóideach an dearcadh againn é gliondar a bheith orainn faoi chruachás na nAontachtaithe

“Meas tú an gcaithfidh Aontas na hEorpa faoin mbus muid?” a d’fhiafraigh cara liom de chara eile an lá faoi dheireadh agus iad ag plé an Bhreatimeachta.

“Tá fhios agam go gcaithfidh má fheileann sé iad,” a dúirt an dara fear. “Sea,” a dúirt sé “agus is bus dhá urlár a bheas inti freisin.”

Sinne atá inár gcónaí sa bPoblacht a bhí ag déanamh imní don bheirt acu ach is cosúil anois gurb iad Aontachtaithe an Tuaiscirt atá sa mbearna bhaoil sna comhráite ar chúla téarma atá ar bun faoin mBreatimeacht.

Táthar ag súil go slogfaidh na hAontachtaithe rialacha trádála nach mbeidh ag teacht leis an gcóras a bheas sa gcuid eile den Bhreatain.

Cé hionadh go gcuirfeadh sin lán a gcruite d’olc ar an DUP go háithrid?

An rud is mó a chuirfeadh imní ort go bhfuil polaiteoirí agus tráchtairí ar an taobh seo den teorainn ag cuidiú le tuilleadh brú a chur ar na hAontachtaithe.

Is breá leis na Tráchtairí Móra a bheith ag iarraidh a chur ina luí orainn go bhfuil ‘ár gcairde san Eoraip’, mar a thugann siad orthu, ag seasamh gualainn ar ghualainn linn chomh fada agus a bhaineann sé leis an gcúlstad.

Duine simplí, díchéillí a chreidfeadh é sin.

Ní raibh sa gcúlstad ó thús ach seift ag maorlathas Aontas na hEorpa leis an Ríocht Aontaithe a choinneáil chomh dlúth agus ab fhéidir leis an Aontas. Is cuma leo cén dream a chaillfeas leagan leis an bpolasaí sin, bídís ina nAontachtaithe nó ina Náisiúnaigh.

Maidir leis an bport seo faoi Shocrú Aoine an Chéasta a chosaint níl ansin ach dallamullóg leis an bhfírinne a cheilt.

Scéal atá deacair a thuiscint an mhuinín atá ag muintir na Poblachta as maorlathas na Bruiséile.

Seo iad an dream a chaith ag na leoin muid nuair a tharla an cliseadh eacnamaíochta sa tír seo.

Seo iad a chuir iachall orainn na sealbhóirí bannaí a íoc.

Seo iad a d’fhág sa gcaoi muid go mbeidh ualach fiacha ar chuile mhac máthar agus iníon athar againn go ceann blianta fós.

Maidir le gliondar a bheith orainn go bhfuil brú á chur ar na hAontachtaithe is seafóideach an dearcadh againn é. Shílfeá go mbeadh níos mó ná sin foghlamtha againn as stair na hÉireann.

An bhfuil dearmad ar fad déanta againn ar fhealsúnacht Wolfe Tone?

Dearbhaímid arís agus arís eile go bhfuil muid ar son Éire Aontaithe ach ní léir go dtuigeann muid fós féin gur as comhthuiscint agus as comhoibriú a thiocfas sé sin má thagann sé go deo.

D’fhéach Gluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt le fealsúnacht Tone a chur i bhfeidhm i ndeireadh na seascaidí. Ach ní raibh lucht an fhoréigin sásta.

Chaithfí na Sasanaigh a dhíbirt as an tír láithreach bonn chomh fada agus a bhain sé leosan.

‘Forget Stormont we want our country back’ an mana a bhí acu.

Bíodh foighid agaibh a dúirt lucht na gCearta Sibhialta leo: baineadh muid amach comhchearta sa Tuaisceart ar dtús agus d’fhéadfadh aontú na tíre a theacht as sin de réir a chéile.

Is minic ag trácht mé ar an am a rabhamar i dTaobh an Bhogaigh i nDoire, an oíche tar éis Chath Thaobh an Bhogaigh i 1969. Bhí mé féin agus an scríbhneoir Desmond Fennell in éineacht ann.

‘Caithfidh muid a fháil amach céard a cheapann Gluaiseacht na Poblachta faoi Ghluaiseacht na gCearta Sibhialta,’ a dúirt Fennell.

‘Inseoidh Séan Keenan é sin daoibh,’ a dúirt maor a bhí ag stiúradh an tslua. Thug sé chomh fada le Seán Keenan muid. Chuir Fennell an cheist air.

Cuimhneoidh mé le mo bheo ar an bhfreagra a thug Keenan.

‘We think that movement is ok as far as it goes but we are afraid they will forget the border,’ a dúirt sé.

Chuaigh na Sealadaigh i mbun foréigin leis an teorainn a réabadh, na Sasanaigh a dhíbirt agus an tír a aontú d’aon bhuille mór amháin.

Maraíodh na mílte agus tá Sinn Féin ag caint lá agus oíche anois ar ‘parity of esteem’. Ach tá Mary Lou McDonald mífhoighdeach arís. Pobalbhreith láithreach faoin teorainn atá uaithi.

‘The EU project has lost its way,’ a dúirt sí sa nuachtán An Phoblacht an lá faoi dheireadh.

Ní raibh sé soiléir céard a bhí i gceist aici ach bí cinnte d’aon rud amháin: tabharfaidh sí chuile chineál tacaíochta do mhaorlathas na Bruiséile le hAontachtaithe an Tuaiscirt a sháinniú tuilleadh.

Fág freagra ar 'Is seafóideach an dearcadh againn é gliondar a bheith orainn faoi chruachás na nAontachtaithe'

  • Colmán

    Tiocfaidh Aontas na hÉireann uair a thosóidh muintir na hÉireann thuaidh agus theas ag tacú leis agus á chur i bhfeidhm. Is fada na trioblóidí thart agus ní raibh de bhaint ag feisirí óga Sinn Féin leo agus an bhaint a bhí de bhaint ag Jack Lynch le hÉirí nAmach na Cásca. Níl i ngearáin lucht Fianna Fáil/Fine Gael faoi Sinn Féin ach athimirt nó aithris ar a chleacht siad lena chéile le 70 bliain anuas, an rud a dtugann muid ‘civil war politics’ air. An rud atá de dhíth orainn sa tuaisceart ná tacú agus cuidiú ní cáineadh agus confach. Sin agus cur i bhfeidhm straitéisí le go dtig le daoine cónaí a dhéanamh agus obair ar gach aon taobh den teorainn go furasta.

  • Daithi Mac Carthaigh

    Is chun leasa na nAontachtóirí agus phobal na Sé Chontae ar fad fanacht san Aontas Custaim agus sa Mhargadh Aonair. Tátar ag iarraidh iad a tharraingt isteach ó lár an bhóthair agus an bus ag teannadh leo.

  • MacAnRí

    Tá siad ag cur brú ar an DUP an t-aon dris chosáin i dtólamh ag toirmeasc dul chun cinn ar achan rud ..cearta sibhialta/duine Conradh Aistarraingt srl. Tá an tAontas ag seas linn agus is an port céanna as an scríbhneoir seo I gcónaí i gcoinne an tAE. Maidir leis an Chomhaontú Aoine an Chéasta níl sé réiteach le Breatimeacht ar chor ar bith mar athrófaí an Status Quo sa Tuaisceart gan chomhaontú na toghthóiri..

  • Mac an Bhacaigh

    Bain an “againn” as an gceannlíne! Is cinnte gurb amaideach an dearcadh é, ach ní dearcadh é atá ag gach duine. Ach oiread agus atáimid uile ar bís ag fanacht le “United Ireland”. Ar ndóigh, ba dheas Éire Aontaithe, ach í a bheith ina hÉirinn. Is bocht an jab a rinne stáitín na 26 chontae le céad bliain; ní maith an smaoineamh é tuilleadh cumhachta agus talún a chur ina lámha, ná aon ‘tionscadal náisiúnta’ a chur ina muinín.

  • Seán Mag Leannáin

    “Táthar ag súil go slogfaidh na hAontachtaithe rialacha trádála nach mbeidh ag teacht leis an gcóras a bheas sa gcuid eile den Bhreatain”. I gcead do Joe, ní raibh Tuaisceart Éireann ná aon chuid eile d’Éirinn riamh mar pháirt den Bhreatain. An Ríocht Aontaithe den Bhreatain Mhór agus d’Éirinn a bhíodh ann, agus ansin an Ríocht Aontaithe den Bhreatain Mhór agus d’Thuaisceart Éirinn. Tá an chuma air go bhfuil Joe níos Aontachtaí ná na hAontachtaithe féin, mar a déarfá!