Duaiseanna náisiúnta bronnta ar dhaltaí as scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge

Daltaí ó scoileanna i nGaillimh a thug leo na príomhdhuaiseanna i gcomórtas Aistritheoirí Óga 2021 agus i gComórtas Náisiúnta Staire na hÉireann 2021

Dalta óg as Gaillimh a thug léi an phríomhdhuais sa gcomórtas aistriúcháin a d’eagraigh an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann.

Is í Maitilde Warsop, dalta i gColáiste Chroí Mhuire ar an Spidéal, a bhuaigh an duais mhór i gcomórtas Aistritheoirí Óga 2021. Thug Maitilde léi an duais don saothar aistriúcháin is fearr, ceann de na sé dhuais a bronnadh sa chomórtas.

Chomh maith leis an duais náisiúnta a thabhairt léi, bronnadh an duais don aistriúchán is fearr ó Bhéarla go Gaeilge a rinneadh i gCúige Chonnacht ar Maitilde chomh maith.

Cúigear daltaí meánscoile a bhain an liosta amach – duine as gach cúige in Éirinn. Roghnaíodh ceathrar dá n-aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge agus duine a roghnaíodh as a aistriúchán ó Spáinnis go Gaeilge.

Bhuaigh Saoirse Ng ó Choláiste Chilliain i mBaile Átha Cliath an duais do Chúige Laighean léi. Roghnaíodh saothar Rebecca Uí Dhúil ó Mheánscoil Bríd Naofa i gCill Airne do ghradam na Mumhan. Séamas Ó Fearáin ó Scoil Iósaef, Domhnach Mór i dTír Eoghain a rinne an t-aistriúchán is fearr i gCúige Uladh.

Bhuaigh Alanna Plunkett ó Choláiste Chraobh Abhann i gCill Mhantáin gradam don aistriúchán is fearr ó theanga seachas an Béarla agus píosa aistrithe aici ón Spáinnis go Gaeilge.

Fógraíodh na buaiteoirí ag searmanas bronnta fíorúil. Ag labhairt dó ag an ócáid, thréaslaigh Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, a ngradaim le buaiteoirí na bliana seo. Dúirt sé go dtugann an comórtas deis do dhaoine óga “léargas a fháil ar obair an aistritheora” agus go bhfuil “úsáid na Gaeilge ag an leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid ag na glúnta amach anseo”.

Thagair Seán Hade, Ceann Roinn na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach, don “éacht” a bhí déanta ag iarrthóirí na bliana seo, go háirithe i bhfianaise na mbacainní breise a bhí le sárú acu. Dúirt sé gur cheart do na hiarrthóirí a bheith “an-bhródúil” as an méid a bhí curtha i gcrích acu. Ardú croí a bhí sa ardchaighdeán agus cruinneas a léirigh siad, arsa Seán Hade.

Ba é seo an ceathrú babhta den chomórtas Aistritheoirí Óga, a bhíonn á reáchtáil ar bhonn bliantúil ag an gCoimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann. Tá trí sprioc ag an gcomórtas: ardchaighdeán Gaeilge a chur chun cinn, an t-ilteangachas a spreagadh i measc daltaí meánscoile; agus suim na ndaltaí a mhúscailt i ngairmeacha a éilíonn eolas ar theangacha.

Ghlac 62 dalta as 28 scoil páirt i gcomórtas na bliana seo agus d’aistrigh siad téacsanna go Gaeilge ó Bhéarla, Fraincis, Gearmáinis agus Spáinnis.

Bhí údar céiliúrtha freisin ag Gaelscoil agus ag scoil Ghaeltachta i nGaillimh agus é fógartha go raibh duaiseanna buaite ag triúr daltaí dá cuid i gComórtas Náisiúnta Staire na hÉireann.

Thug Muireann Ní Churnáin ó Choláiste an Eachréidh i mBaile Átha an Rí an phríomhdhuais léi as an gcomórtas a bhuíochas don saothar a scríobh sí, Éirí Amach Nat Turner 1831.

Roghnaíodh saothar dalta eile ón scoil chéanna, Rachel Ruane, sa dara háit sa rannóg ‘An Séala a Bhriseadh’ do dhaltaí sa séú bliain agus aiste scríofa aici faoi léigear Jadotville sa Chongó i 1961.

Bhuaigh Conall Seoighe ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua an chéad áit sa rannóg ‘An Séala a Bhriseadh’ do dhaltaí idirbhliana. Scríobh Conall aiste faoi Chath na Breataine sa Dara Cogadh Domhanda.

Fág freagra ar 'Duaiseanna náisiúnta bronnta ar dhaltaí as scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge'