‘Drochscéal’ é a laghad daoine ar éirigh leo i gcomórtas earcaíochta na nGardaí do Ghaeilgeoirí

Cé go ndearna breis is 450 duine iarratas ar an sruth Gaeilge i gcomórtas earcaíochta an Gharda Síochána, níor éirigh ach le 24 acu teacht tríd an chéad bhabhta scrúduithe

‘Drochscéal’ é a laghad daoine ar éirigh leo i gcomórtas earcaíochta na nGardaí do Ghaeilgeoirí

Tá díomá léirithe faoina laghad daoine ar éirigh leo sa sruth Gaeilge a bhí mar chuid den chomórtas earcaíochta a reáchtáil an Garda Síochána i mbliana.

De réir eolais atá tugtha ag an Aire Dlí agus Cirt, d’éirigh le 24 duine ar fad a rinne iarratas faoin sruth a reáchtáladh mar chuid de bhabhta earcaíochta a bhí ann i rith an earraigh.

Tugadh le fios níos luaithe i mbliana gur 466 iarratas a fuarthas faoin sruth Gaeilge. Dúirt Coimisinéir na nGardaí gur toradh maith a bheadh ann dá n-éireodh leo aon cheathrú díobh siúd a rinne iarratas faoin sruth a earcú ach is léir anois gur céatadán i bhfad níos ísle a bheidh i gceist.

Cé gur éirigh leis an 24 duine nua sa chéad bhabhta agallaimh, tá scrúduithe aclaíochta agus dochtúra le déanamh orthu, chomh maith le grinnfhiosrúchán, sula mbeidís in ann freastal ar Choláiste na nGardaí ar an Teampall Mór.

Deir an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, Lorraine Clifford-Lee, gur drochscéal atá sna figiúirí nua i dtaobh na ndeacrachtaí atá ag na Gardaí cainteoirí líofa Gaeilge a earcú.

“Tá an-díomá orm mar gheall ar na figiúirí seo,” a dúirt an Seanadóir, a lorg na figiúirí ón Aire Dlí agus Cirt.

“Bhí na Gardaí ag súil le suas le 800 Garda a earcú sa chomórtas seo. Leis an 10% d’áiteanna atá curtha ar leataobh don sruth Gaeilge, bhí tú ag caint ar 80 Garda nua le Gaeilge.

“Anois, níl againn ach 24 duine agus ní fhéadfá a rá cé mhéad acusan go n-éireoidh leo ar deireadh. Titeann an-chuid daoine amach le linn an phróisis.”

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Heather Humphreys (a bhfuil cúram na hAireachta uirthi fad is atá Helen McEntee ar shaoire mháithreachais), gur 369 duine ar fad ar éirigh leo sa chomórtas earcaíochta a reáchtáladh i mbliana. Mar sin is 6.5% díobh a tháinig tríd an sruth Gaeilge.

Dúirt an tAire Humphreys gur léirigh 11,000 duine ar fad suim sa chomórtas earcaíochta agus ghlac os cionn 5,000 acusan páirt sa chéad bhabhta scrúduithe.

Mhaígh an tAire gur chruthaigh an phaindéim dúshláin do na Gardaí i dtaobh earcaíochta le cúpla bliain anuas agus gurbh in ba chúis leis an líon beag earcach a d’fhreastail ar Choláiste na nGardaí le blianta beaga anuas.

Dúirt Humphreys go raibh an chéad ghrúpa ón chomórtas earcaíochta a reáchtáladh i mbliana tar éis tosú i gColáiste na nGardaí an mhí seo caite agus go raibh sé i gceist go mbeadh thart ar 200 earcach ag dul isteach sa choláiste gach 11 seachtain le linn 2023.

Agus í ag freagairt ceist ón Teachta Dála Jim O’Callaghan, thug an tAire Humphreys le fios go mbeadh comórtas earcaíochta eile á reáchtáil ag na Gardaí go luath in 2023 agus go mbeadh tuilleadh iarrthóirí le Gaeilge ag teacht tríd an sruth Gaeilge ansin.

Dúirt an Seanadóir Clifford-Lee go gcaithfeadh na Gardaí béim níos mó a chur ar an sruth Gaeilge le linn an chomórtais earcaíochta nua chun tuilleadh cainteoirí Gaeilge a mhealladh.

“Ba cheart dóibh díriú isteach ar an sruth Gaeilge. D’fhéadfaí dul timpeall chuig na hiarbhunscoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí agus seó bóthair a dhéanamh de. Ní thiocfaidh feabhas ar chúrsaí mura gcuirfear an rogha ar a súile do dhaoine,” arsa Clifford-Lee.

“Nuair a bhí na Gardaí os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais i mbliana, mhol muid go ndéanfaí feachtas ar leith don sruth Gaeilge ach níor ghlac siad leis.”

Agus é ag labhairt i mí Feabhra, dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, go raibh sé “an-sásta” leis an méid suime a léiríodh sa sruth Gaeilge le linn an chomórtais earcaíochta i mbliana ach tá díomá léirithe aige roimhe seo maidir leis an teip níos mó Gardaí le Gaeilge a earcú tríd an sruth ó bunaíodh é beagnach deich mbliana ó shin

Níor earcaíodh ach 55 Garda tríd an sruth Gaeilge idir 2013 agus 2019. Triúr a bhí i gceist in 2019, an uair dheireanach go raibh feachtas earcaíochta ann. Earcaíodh 3,000 Garda nua ar fad le linn na tréimhse céanna agus tá díomá léirithe ag an nGarda Síochána roimhe seo faoin gcaoi a raibh ag éirí le hearcú faoin sruth Gaeilge.

Tá tuarascáil curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag an gCoimisinéir Teanga maidir leis an sárú dlí atá á dhéanamh ag an nGarda Síochána maidir le heaspa Gardaí a bhfuil Gaeilge líofa acu a chur ar dualgas sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar '‘Drochscéal’ é a laghad daoine ar éirigh leo i gcomórtas earcaíochta na nGardaí do Ghaeilgeoirí'