Curtha as an áireamh ag Coimisinéir an Gharda Síochána go dtabharfar ar ais an liúntas Gaeltachta

Cuireadh deireadh leis an liúntas d’earcaigh nua in 2012 agus cé gur admhaigh an Coimisinéir cheana go raibh toradh diúltach ar an gcinneadh ó thaobh daoine a mhealladh i dtreo na Gaeltachta, is léir nach bhfuil sé i gceist é a thabhairt ar ais

Curtha as an áireamh ag Coimisinéir an Gharda Síochána go dtabharfar ar ais an liúntas Gaeltachta

Níl sé i gceist ag an nGarda Síochána liúntas speisialta a thabhairt ar ais le Gardaí a mhealladh chun obair sa Ghaeltacht.

Tá grúpa oibre le bunú chun féachaint ar shlite éagsúla le Gardaí a mhealladh chun aistriú go dtí an Ghaeltacht ach tá ráite ag Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris nach mbeidh an ‘liúntas Gaeltachta’ ar cheann acu sin.

Sheol an Garda Síochána straitéis Ghaeilge nua inné ina leagtar amach spriocanna na heagraíochta maidir le cur le líon na gcainteoirí Gaeilge atá ar dualgas sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.

Agus é ag freagairt ceist ó Tuairisc.ie ag seoladh na straitéise i nGaillimh, dúirt an Coimisinéir Harris, gur “non-runner” a bhí ann an liúntas a thabhairt ar ais. 

“Ní chreideann muid gur féidir é sin a dhéanamh ag an bpointe seo,” a dúirt Harris.

Cuireadh deireadh leis an liúntas d’earcaigh nua in 2012 agus cé gur admhaigh an Coimisinéir roimhe seo go raibh toradh diúltach ar an gcinneadh sin i dtaobh daoine a mhealladh, is léir nach bhfuil sé le tabhairt ar ais.

Thug Harris le fios go raibh sé ag súil go bhféadfaí cur le líon na nGardaí le Gaeilge atá ar dualgas sa Ghaeltacht trí cur le líon na gcainteoirí Gaeilge a earcaítear agus trí scileanna teanga na ndaoine atá san eagraíocht cheana féin a fheabhsú.

Ó thaobh na hearcaíochta de, dúirt Harris go raibh breis is 350 duine tar éis clárú leis an Sruth Gaeilge atá mar chuid den fheachtas earcaíochta is deireanaí atá ag na Gardaí. Faoin Sruth Gaeilge, cuireann an Garda Síochána 10% de na háiteanna ar leataobh d’iarrthóirí la bhfuil Gaeilge líofa acu.

Dúirt Harris go raibh sé “an-sásta an méid sin suime a fheiceáil” agus gur comhartha maith dóchais a bhí ann don todhchaí. Dúirt sé nach féidir a thuar cé mhéad de na hiarrthóirí sin a n-éireoidh leo áit a fháil san fhórsa ach gur toradh maith a bheadh ann dá bhféadfaí an ceathrú cuid díobh a thabhairt tríd.

“Bheadh tú ag caint ansin ar 70 nó 80 ach níl a fhios againn.”

Méadú ollmhór a bheadh ansin ar líon na nGardaí a earcaítear tríd an Sruth Gaeilge de ghnáth. 

Ó cuireadh tús leis an scéim in 2013, níor earcaíodh ach 55 Garda tríd an Sruth Gaeilge. Triúr a bhí i gceist in 2019, an uair dheireanach go raibh feachtas earcaíochta ann. Earcaíodh 3,000 Garda nua ar fad le linn na tréimhse céanna agus tá díomá léirithe ag an nGarda Síochána roimhe seo faoin rath a bhí ar an sruth Gaeilge.

Dúirt an Coimisinéir Harris go mbeadh na Gardaí a earcaítear i mbliana traenáilte roimhe dheireadh na bliana agus ar dualgas an bhliain seo chugainn. Toisc go mbeadh siad fós ar promhadh, dúirt Harris gur mó seans go mbeadh na Gardaí a thagann tríd an Sruth Gaeilge i mbliana ar dualgas i stáisiúin mhóra a bhíonn ag freastal ar cheantair Ghaeltachta, seachas i stáisiúin Ghaeltachta.

Tá imní le fada faoin easpa Gardaí le Gaeilge líofa a bhíonn ag obair sa Ghaeltacht, cé go bhfuil dualgas de réir dlí ar Choimisinéir an Gharda Síochána a chinntiú gur Gardaí a bhfuil Gaeilge acu a chur ag obair sa Ghaeltacht.

De réir orduithe a rinneadh in 2018 ní féidir ach Gardaí a bhfuil Gaeilge líofa acu a chur ar dualgas sa Ghaeltacht. Bunaíodh faoin ordú céanna Painéal Inniúlachta sa Ghaeilge, ar a bhfuil Gardaí a earcaíodh tríd an Sruth Gaeilge nó Gardaí a d’iarr go n-aistreofaí iad chuig stáisiún Gaeltachta.

Sprioc eile atá sa straitéis Ghaeilge nua ná go mbeadh líon na ndaoine ar an bpainéal méadaithe 20% in 2022 agus bunófar grúpa oibre chun bealaí a aimsiú le Gardaí a spreagadh le cur isteach ar an bpainéal.

Faoi straitéis nua an Gharda Síochána, díreofar ar líon na gcainteoirí Gaeilge a thagann isteach a mhéadú, cur leis an líon fostaithe san eagraíocht a labhraíonn Gaeilge, agus an teanga a chur chun cinn mar theanga phobail.

Tá sé mar sprioc inti go mbeadh Gaeilge líofa ag os cionn 50% de na Gardaí a bhíonn ag obair i stáisiúin Ghaeltachta roimh dheireadh 2025.

De réir áireamh a rinneadh i bhfómhar 2019, ní raibh Gaeilge ach ag an tríú cuid de Ghardaí na Gaeltachta.

Dúirt an Coimisinéir Harris gur spriocanna “dúshlánacha” atá sa straitéis ach go bhfuil sé den tuairim gur féidir iad a bhaint amach.

Fág freagra ar 'Curtha as an áireamh ag Coimisinéir an Gharda Síochána go dtabharfar ar ais an liúntas Gaeltachta'