‘Drochfheall ar iontaoibh na mban’ – glactha ag an Rialtas le moltaí faoi chonspóid CervicalCheck

Tá glactha ag an Rialtas le moltaí tuarascála faoin gconspóid a bhain le sláinte 221 bean nár cuireadh ar an eolas iad faoi athbhreithniú a rinneadh ar a dtorthaí tástálacha ailse

‘Drochfheall ar iontaoibh na mban’ – glactha ag an Rialtas le moltaí faoi chonspóid CervicalCheck

Tá glactha ag an Rialtas le gach moladh a dhéantar i dTuarascáil Scally faoi chonspóid CervicalCheck.

Tuairiscítear go ndeirtear sa tuarascáil gur drochfheall ar iontaoibh a bhí ann gan a insint do mhná faoi thorthaí athbhreithniú a bhí déanta ar a gcuid torthaí tástála smeartha.

Ar an 50 moladh, a deirtear atá sa tuarascáil, moltar córas monatóireachta a bhunú, a mbeadh na mná agus teaghlaigh atá thíos leis an gconspóid páirteach ann, lena chinntiú go gcuirfidh an HSE i bhfeidhm moltaí na tuarascála.

De réir tuairisce ó RTÉ, deir an Dr Gabriel Scally sa tuarascála go raibh lochtanna ar riaradh chóras na dtástálacha ailse.

221 bean nár cuireadh ar an eolas iad faoi athbhreithniú a rinneadh ar a dtorthaí tástálacha smeartha  a bhí thíos leis an gconspóid.

Bhuail cuid d’ionadaithe na mban sin tráthnóna inné leis an Dr Scally chun moltaí na tuarascála a phlé i ndiaidh gur sceitheadh an moladh inti nach gá Coimisiún Fiosraithe a bhunú faoin scéal, mar a bhí geallta ag an Rialtas.

D’eascair conspóid CervicalCheck as cás Ard-Chúirte a thug Vicky Phelan in aghaidh saotharlann i Meiriceá a rinne anailís ar a tástáil smeartha in 2011. Tugadh le fios sa chúirt go ndearnadh míléamh ar na torthaí sin a thug le fios nach raibh aon chomharthaí ailse uirthi.

Fág freagra ar '‘Drochfheall ar iontaoibh na mban’ – glactha ag an Rialtas le moltaí faoi chonspóid CervicalCheck'