‘Drámaíocht na Gaeilge? Faigh réidh le plúchadh an tseantraidisiúin agus lucht na mbrístíní bréidín agus mol an óige!’

Tá tús curtha ag Cathaoirleach Bhord na Taibhdheirce Aodh Ó Coileáin le díospóireacht faoina a bhfuil i ndán d’Amharclann Náisiúnta na Gaeilge. Lorgaíomar tuairimí ó lucht amharclannaíochta faoin scéal…

‘Drámaíocht na Gaeilge? Faigh réidh le plúchadh an tseantraidisiúin agus lucht na mbrístíní bréidín agus mol an óige!’

Agus tús curtha ag Cathaoirleach nua Bhord na Taibhdheirce le díospóireacht faoi cé acu ar cheart nó nár cheart ainm nua a thabhairt ar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, labhair Tuairisc.ie le roinnt drámadóirí, aisteoirí agus daoine a raibh baint acu leis an amharclann thar na blianta lena dtuairimí a fháil faoin gceist….

 

Páraic Breathnach, aisteoir agus scríbhneoir

Tá sé in am fáil réidh le plúchadh an tseantraidisiúin atá ag fágáil lámh an bháis ar aon rud nua i ndrámaíocht na Gaeilge. Níl aon rud nua ag teacht chun cinn ó thaobh drámaí de agus tá chuile dhuine ag cúlfhéachaint siar go dtí ré órga na seascaidí agus na seachtóidí nuair a bhí léiritheoirí cumasacha ag obair sa Taibhdhearc. Níl aon drámaí nua á scríobh, níl aon tslí saoil ann do léiritheoirí. Níl aon aisteoirí stáitse nádúrtha ann. Caithfear tosú arís agus an uair seo ba cheart go mbeadh drámaíocht trí Ghaeilge chun cinn, ní Gaeilge trí dhrámaíocht. Ar son na drámaíochta, ní ar son na cúise! Faigh réidh le meon lucht na mbrístíní bréidín agus mol an óige.

 

Ionia Ní Chróinín, aisteoir agus duine de bhunaitheoirí Moonfish

Tuigim cén fáth a mbeadh an cathaoirleach ag iarraidh an t-ainm a athrú ach le bheith fírinneach ceapaim go bhfuil dúshlán níos mó os comhair na Taibhdheirce agus aontaím leis go bhfuil sé tábhachtach muintir óg na tíre a mhealladh isteach sa Taibhdhearc. Ceapaim gur fearr airgead agus fuinneamh a chaitheamh ar an Taibhdhearc a dhéanamh ina cineál hub i gcomhair na hamharclannaíochta Gaeilge agus dátheangaí. Má dhíríonn siad isteach air sin ní cheapaim go ndéanfaidh an t-athrú ainm aon difear. Is é an rud is tábhachtaí ná cad atá ar siúl sa Taibhdhearc agus cad atá siad ag déanamh chun amharclannaíocht na Gaeilge agus amharclannaíocht dhátheangach a chothú.

 

Darach Ó Tuairisg, bunaitheoir Fíbín 

Tá dhá rud ann dáiríre. An chéad rud, tuigim go mbíonn deacrachtaí le focail Ghaeilge ó thaobh branda de, ach tá branda an-láidir ag an Taibhdhearc. An mbeadh sé deacair athbhrandáil a dhéanamh air sin? Ceist eile ná cén fáth a mbeifeá ag iarraidh athbhrandáil a dhéanamh air? An dara rud atá mé ag smaoineamh air ná cén fáth a bhfuil muidne ag cúlú? An gá dúinne mar chomhlachtaí Gaeilge agus Gaeltachta an teanga a shimpliú agus a shimpliú le daoine a mhealladh isteach? Má tá sé (Aodh Ó Coileáin) chun í a shimpliú d’fhéadfadh sé ‘An G’ a thabhairt air (a sheasann d’Amharclann Náisiúnta na Gaeilge). Fáiltím roimh an díospóireacht. Fáiltím go mór roimh Aodh agus tá mé sásta é a fheiceáil ina Chathaoirleach. Beidh le feiceáil cén chaoi a n-éiríonn leis an gcóras nua seo. Tá sé aisteach nach bhfuil stiúrthóir ealaíne ann. Sin ceist a bheadh agam.

 

Marianne Ní Chinnéide, léachtóir le drámaíocht, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Agus an Taibhdhearc ag ceiliúradh 90 bliain ar an bhfód, sílim gur cheart an t-ainm a choinneáil. Sílim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an t-ainm ag dul ar aghaidh. Tá an focal ‘taibhiú’, ‘taibheoir’ in úsáid go minic i saol na drámaíochta agus sílim go bhfuil ‘An Taibhdhearc’ i mbéal an phobail. Bheinn ag tacú leis an moladh go mbeadh ‘Amharclann Náisiúnta na Gaeilge’ á cur chun cinn ag an Taibhdhearc agus go mbeadh siad ag bogadh ar shiúl ó ‘Taibhdhearc na Gaillimhe’. Bhí mé ag obair i Siamsa Tíre, ar feadh seala agus is cuimhin liom gur ‘Sy am sa Tyre’ a cuireadh ar an ionad. Beidh daoine i gcónaí ann a mbíonn deacrachtaí acu le foghraíocht na Gaeilge ach is bealach atá ann le comhrá a thosú le duine seachas aon mhíbhuntáiste.

 

Dara McGee, dearthóir seit

Ag deireadh na n-ochtóidí, tús na nóchaidí bhí compántas proifisiúnta drámaíochta ‘Na Fánaithe’ lonnaithe i nGaillimh. Chuir na Fánaithe ceist ar an Taibhdhearc faoi oibriú as an amharclann mar chomhlacht proifisiúnta chun clár leathan drámaíochta trí mheán na Gaeilge a chur ar stáitse. Dhiúltaigh Bord na Taibhdheirce dóibh. I mo thuairim féin, ba mhór an peaca é mar go raibh deis ag an Taibhdhearc a bheith lárnach i gcúrsaí drámaíochta comhaimseartha proifisiúnta agus í ag cur le Clár na nÓg agus le compántas amaitéarach na Taibhdheirce. B’fhéidir go bhfuil an t-am buailte linn leis an ainm a athrú, ainm nua a chur ar an amharclann ach ‘An Taibhdhearc’ a choinneáil mar ainm an chomhlachta. Ach níos tábhachtaí ná sin ba cheart go mbeadh polasaí láidir ealaíne ag an amharclann agus go gcuirfí drámaí ar ardchaighdeán ar stáitse. Má tá drámaí agus imeachtaí cumhachtacha ar stáitse beidh sí i mbéal an phobail is cuma cén t-ainm atá air.

Beartla Ó Flatharta, aisteoir agus léiritheoir

B’fhearr liomsa ainm na hamharclainne ‘An Taibhdhearc’ a choinneáil mar gheall ar chúinsí stairiúla agus oidhreachta agus toisc go bhfuil an t-ainm sin i mbéal drámadóirí agus i mbéal an phobail, go pointe, le fada fada an lá. Sílim gur chóir a bheith ag díriú ar dhrámaíocht na Gaeilge a chur chun cinn, agus ar chlár ealaíne leathan leanúnach seachas ar ainmneacha. Tuigim go mb’fhéidir go mbeadh deacrachtaí ag an nglúin óg le brí an ainm agus is maith an rud go mbeidh an cathaoirleach nua ag díriú ar chlár a fhorbairt chun an dream óg a tharraingt isteach. 

 

Brídín Nic Dhonncha, aisteoir

Ní raibh mé ag obair sa Taibhdhearc le hos cionn naoi mbliana, agus b’fhéidir nach bhfuil sé de cheart agam mo ladar a chur isteach sa scéal! Ach is ann a bhailigh mé cuid de na cuimhní cinn is deise i mo shaol aisteoireachta.  Lig sinn i gCathú ceann de na drámaí is mó ar bhain mé taitneamh riamh as a bheith páirteach ann. Dráma é faoi mhuintir na Gaillimhe, agus ní fhéadfaí an dráma a chur ar bun ar stáitse níos deise. Taibhsí na Gaillimhe anois iad na carachtair sin, ach d’airigh muid iad chuile oíche ar an stáitse sin. Taibhsí agus dearcadh an tsaoil. ‘An Taibhdhearc’, níl ainm níos fearr i mo thuairimse.

Fág freagra ar '‘Drámaíocht na Gaeilge? Faigh réidh le plúchadh an tseantraidisiúin agus lucht na mbrístíní bréidín agus mol an óige!’'

  • Cú gan mháthair

    Ní féidir dráma a scríobh gan an teanga a bheith agat. Níl dhá fhocal ag cuid mhór díobh siúd a thugann scríbhneoirí Gaeilge orthu féin. Sin é an fáth nach ag fás ach ag dul ar gcúl atá drámaíocht na Gaeilge. Ach an gceadófar a leithéid a rá – agus a phlé go hionraic – faoi rúibricí an dioscúrsa atá le seoladh (má tá) faoina bhfuil i ndán don drámaíocht trí Ghaeilge? Molaim an cathaoirleach nua; fear stuama cumasach a rinne a chion ar son na drámaíochta leis na Fánaithe. PS: Coinnítear an t-ainm; tá draíocht, dúchas, agus filíocht ag baint leis – bíodh sé ina eiseamláir ag nuadhrámadóirí na Gaeilge ina gcuid oibre féin – draíocht, dúchas, agus filíocht.