Dráma fileata corraitheach liriciúil ó pheann Donal Ryan

In ainneoin an bhróin, an crá croí agus dorchacht an scéil ní dráma gruama nó duairc é ‘From a Low and Quiet Sea’

Dráma fileata corraitheach liriciúil ó pheann Donal Ryan

From a Low and Quiet Sea
Le Donal Ryan
Amharclann Nun’s Island
Féile Ealaíon na Gaillimhe

Bhí leabhar Donal Ryan, From a Low and Quiet Sea, léite agam i bhfad sula ndeachaigh mé chuig an dráma, ach shocraigh mé gan é a athléamh roimh ré. Theastaigh uaim an leagan drámatúil den leabhar a fheiceáil gan a bheith ag déanamh an iomarca comparáide idir é agus an leabhar. Ba in Amharclann Nun’s Island i gceartlár na Gaillimhe a bhí an dráma á léiriú, agus bhí lán an tí ann an oíche sin.

Tá rud éigin speisialta faoi shiúl isteach in Amharclann tráth a bhfuil an solas á ísliú, an spotsolas ar an stáitse folamh. Mura raibh tú i Nun’s Island ariamh, is amharclann bheag agus an-phearsanta atá ann, agus gach duine cruinnithe le chéile thart ar an stáitse. Chuir sé sin go mór leis an ócáid. Bhí sé ar nós go raibh na haisteoirí ina seasamh sa seomra suite ag caint linn, radharc breá ag gach duine sa lucht féachana orthu.

Tá scéal Donal Ryan bunaithe ar cheathrar carachtar éagsúil, agus cuireadh i láthair iad i bhfoirm monalóige, gach aisteoir ina aonar ar an stáitse. Is seanfhear é John (Lorcan Cranitch) atá ag áireamh a chuid peacaí, agus é éiginnte cé ónar cheart dó maithiúnas a iarraidh. Tá Florence (Maeve Fitzgerald) cráite ag an am atá caite freisin; rún athair a mic ag déanamh buartha di. Tá Farouk (Aosaf Afzal) ag éalú ón gcogadh lena theaghlach óg, ach bhásaigh a bhean agus a iníon agus iad ar lorg saoirse. Tá Lampy (Darragh O’Toole) ag caoineadh a chéad ghrá, Chloe, agus ag iarraidh a fháil amach céard atá i ndán dó amach anseo.

Bhí an-chur amach ag na haisteoirí ar a gcuid carachtar agus tháinig cuimhní an leabhair ar ais go tréan agus mé ag éisteacht leo agus ag breathnú orthu.

Rug Darragh O’Toole barr bua ar gach duine eile agus é ag cur scéal Lampy in iúl. Bhí fuinneamh as an ngnáth aige ar an stáitse, agus é ag úsáid a ghlór agus a chorp ar bhealach sainiúil, cumhachtach, chun Lampy a chur in aithne. Bhí sé go hiomlán inchreidte mar dhuine, díreach mar a bhí sa leabhar. Bhí mé gafa ag Lampy agus ag gach a ndúirt agus a ndearna sé. Labhair sé linn mar a labhródh cara, é ag roinnt a chuid rún agus a chuid brionglóidí, ag iarraidh orainn a bheith mar chuid dá scéal. B’in mar a bhí agus mé ag léamh an leabhair, freisin.

In ainneoin an bhróin, an crá croí agus dorchacht an scéil, ní raibh an dráma gruama nó duairc. Bhí acmhainn ghrinn síos tríd, agus bhí gá leis an ngreann sin chun faoiseamh a thabhairt don lucht féachana.

Bhí na haisteoirí ag teacht agus ag imeacht agus iad ag insint a gcuid scéalta, agus ní raibh aon chomhrá ná idirghníomhaíocht eatarthu go deireadh an dráma. Cé go raibh dlúthcheangal idir na carachtair ar fad, ní raibh na ceangail sin soiléir ag an tús. Daoine aonair a bhí iontu, ag insint a scéalta féin.

Bhí an stáitse adhmaid simplí, lom. Ní raibh aon fhearas stáitse, agus ní raibh gá leis. Cuireadh an fharraige, an spéir agus luí na gréine in iúl agus Ciaran Bagnall ag soilsiú an stáitse.

Dráma fileata, corraitheach, liriciúil é seo, lán le radharcanna tochtmhara, mar a bheifeá ag súil ó pheann Donal Ryan. Is iad na rudaí beaga a d’fhan i m’intinn tar éis dom an amharclann a fhágáil – an chaoi ar thug Florence ‘my boy, my boy’ ar Lampy agus í ag iarraidh é a tharraingt chuici, eagla do-inste Farouk agus é ar tí imeacht ón mbaile ar bhád lena bhean agus a n-iníon óg, greim an fhir bháite John ar a bhata siúil, é lán le huaigneas agus aiféala, agus Lampy ag caint ar charrchlós McDonalds, áit ar chuir Chloe deireadh lena gcaidreamh. Mickey D’s, mar a thug sé air. Nach aisteach an chaoi go mbeidh Mickey D’s scriosta go deo ar Lampy, tar éis an méid a tharla.

Cé gur tháinig na haisteoirí go léir le chéile i dtreo dheireadh an dráma, bhraith mé gur tharla sin beagán róthobann agus go mbeadh sé níos éifeachtaí na scéalta a shníomh le chéile níos luaithe. Nuair a bhí an ceathrar aisteoirí ar an stáitse le chéile, bhí beocht dhochreidte ag baint leis an dráma. Ba dheas an rud é a bheith in ann an caidreamh idir an ceathrar a bhraistint chomh láidir sin.

Tá sé i gceist agam anois an leabhar a athléamh chomh maith leis na leabhair eile ar fad atá scríofa ag Donal Ryan. Tharraing an dráma mé i dtreo na litríochta ónar eascair sé agus cé mise chun neamhaird a dhéanamh air sin?

Léireofar From a Low and Quiet Sea mar chuid d’Fhéile Ealaíon na Gaillimhe in Amharclann Nun’s Island go dtí an 24 Iúil. Tuilleadh eolais ar giaf.ie.

Fág freagra ar 'Dráma fileata corraitheach liriciúil ó pheann Donal Ryan'