Seans go bhfuil Cúige Mumhan agus Cúige Uladh sásta go bhfuil an chéad dá bhabhta de Chorn na gCuradh thart, comórtas a chruthaigh dóthain deacrachtaí don dá chúige.
Dhá léasadh a fuair Cúige Uladh agus iad i gcoinne foirne atá ar bharr an Top 14, iad ag géilleadh pointe is céad agus gan ach dhá scór pointe á n-aimsiú acu féin. Sa gcomórtas céanna chuir na Muimhnigh an dallamullóg orainn ar fad leis an sárthaispeántas baile a thug siad i mBabhta 1 ach thit an tóin astu i gcoinne Castres ar an Aoine seo caite.
Beidh cluiche idirchúige i mBabhta 8 den URC á imirt i mBéal Feirste anocht agus tugann sin deis don dá thaobh dul ar thóir maithiúnais de chineál eicínt. Seo é an chéad chluiche an séasúr seo idir na foirne sin atá suite sa deichiú agus san aonú háit déag ar thábla an URC, na hUltaigh atá pointe amháin chun cinn le seacht bpointe dhéag. Agus anailís réamhimeartha á déanamh ar an gcoimhlint seo, ní féidir brath ar thuairisc na staire idir na foirne, mar nach raibh ceachtar acu chomh híseal seo ar thábla an chomórtais ariamh.
Is cinnte go dtugann imirt sa mbaile, áit a mbeadh a lucht leanúna lán de sprid na Nollag, buntáiste do chineál eicínt do na hUltaigh, ach ní mórán é. Is cinnte freisin go mbeidh siad ag iarraidh an cúigiú cailliúint as a chéile a sheachaint, spreagadh ann féin, shílfeá. Maidir leis na Muimhnigh, tá fhios acu ón gcluiche sin i gcoinne Stade Français coicís ó shin go bhfuil dóthain cumais agus tallainne sa gcampa acu chun an beart a dhéanamh anocht. Beidh le feiceáil an mbeidh siad in ann teacht ar an splanc sin arís.
Tabharfaidh Cúige Laighean, foireann nár chaill oiread agus cluiche amháin féin in aon chomórtas fós, faoi Chúige Chonnacht, foireann atá ag streachailt san ochtú háit ar an tábla, i Staid Aviva amárach. Iontas ollmhór a bheas ann mura dtugann siad an lá leo go héasca, go háirithe má chuirtear toradh an bhabhta deiridh ar chas na foirne seo ar a chéile san áireamh.
Bhí bua éasca 33 – 12 ag Cúige Laighean ar an ócáid sin cé gur ag Cúige Chonnacht a bhí buntáiste an bhaile. Sea, míorúilt Nollag eile a bheas ann má bhíonn an bua ag na cuairteoirí, faraor!
Fág freagra ar 'Dóthain cumais agus tallainne ag Cúige Mumhan le teacht aniar a dhéanamh'