‘Don’t forget what your Good Book said’ – Crosby, Stills, Nash agus Young tráthúil i gcónaí 

Ní gá ach éisteacht le cuid de na hamhráin ar ‘4 Way Street’ le tuiscint cé chomh míshocair is a bhí cúrsaí i Meiriceá  leathchéad bliain ó shin     

‘Don’t forget what your Good Book said’ – Crosby, Stills, Nash agus Young tráthúil i gcónaí 

Saol eile ar fad a bhí ann i Stáit Aontaithe Mheiriceá an samhradh úd leathchéad bliain ó shin nuair a rinneadh taifead ar an gceol atá ar an albam 4 Way Street le Crosby, Stills, Nash agus Young, ag ceolchoirmeacha i Nua-Eabhrac, Los Angeles agus Chicago i Meitheamh agus in Iúil 1970.

Ach i slite áirithe ní raibh an saol i 1970 chomh difriúil sin ó shaol an lae inniu. Bhí fear sa Teach Bán a raibh dímheas léirithe le fada aige ar an daonlathas. Bhíodh círéibeacha i gcoinne an chiníochais ag tarlú go rialta i gcathracha timpeall na tíre. Úsáideadh saighdiúirí an National Guard le dul i ngleic le léirsitheoirí.

Ní gá ach éisteacht le cuid de na hamhráin ar 4 Way Street lena thuiscint cé chomh míshocair is a bhí cúrsaí i Meiriceá ag an am.

Cuireann Neil Young tús lena amhrán spleodrach nuachumtha ‘Ohio’ leis an líne cháiliúil ‘Tin soldiers and Nixon coming…’. Tá an fhearg le haireachtáil i nguth Young agus é ag cur síos ar eachtra a tharla roinnt seachtainí roimhe sin, an 4 Bealtaine 1970, ar champas Ollscoil Kent State, inar mharaigh baill den National Guard ceathrar a bhí ag agóidíocht i gcoinne an chogaidh i Vítneam.

Tá leagan d’amhrán eile le Neil Young – ‘Southern Man’ –  ar 4 Way Street freisin.

‘Don’t forget what your Good Book said,’ an chomhairle a chuireann Young ar bhaill den Ku Klux Klan a bhí gníomhach arís i Mississippi agus áiteanna eile i ndeisceart na Stát Aontaithe ó lár na 1950idí i leith. Agus 105 bliain ann ó cuireadh cosc ar an sclábhaíocht, tá ceist ag Young: ‘Southern man, when will you pay them back?’   

‘Tá coimhlint fhíochmhar ghiotáir idir Young agus Stephen Stills ar an rian sin, a mhaireann beagnach 14 nóiméad. Ní haon ‘folkies’ an bheirt seo, mar a léirigh siad cheana nuair a bhíodar le chéile sa mbanna Buffalo Springfield.

Tráthúil go maith taispeánadh píosa scannáin de Buffalo Springfield i mbun ceoil sna 1960idí sa chlár faisnéise faoin gceantar Laurel Canyon i Los Angeles a craoladh ar Sky Documentaries le gairid.

Amhráin níos séimhe ná cinn Young agus Stills a chum an Sasanach Graham Nash, a d’fhág an banna The Hollies le cur faoi i Laurel Canyon. Ba ann a chuir sé aithne ar an gcumadóir agus an sáramhránaí Joni Mitchell. Insítear scéal na beirte sin agus ceoltóirí mór le rá eile na linne – leithéidí The Mamas & the Papas, Jim Morrison agus Roger McGuinn – sa chlár, dár teideal Laurel Canyon. Chaith David Crosby, iarchomhghleacaí Roger McGuinn sna Byrds, tréimhse sa Canyon freisin. Cloistear guthanna Crosby, Nash agus Stills agus go leor eile ar an gclár fíorspéisiúil seo agus iad ag déanamh cur síos ar an gceol a chumadar agus ar an saol a chaitheadar i gcnoic Hollywood. Barr feabhais ar an gclár iad na grianghraif agus na píosaí scannáin nach bhfacthas go minic cheana.

San amhrán ‘Chicago’ ar 4 Way Street, ní chuireann Graham Nash fiacail ann agus é ag cáineadh Richard J Daley – a bhí ina mhéara ar an gcathair sin ó 1955 go 1976 –  faoin méid a tharla do Robert George (Bobby) Seale, duine de bhunaitheoiri na Black Panthers, le linn dó a bheith ar a thriail as círéibeacha a spreagadh ag Coinbhinsiún na nDaonlathach in Chicago i 1968. Nuair a rinne Seale iarracht gearán a dhéanamh ag an triail toisc gur diúltaíodh a rogha dlíodóra dó, d’ordaigh an breitheamh go gceanglófaí dá chathaoir é agus go gcuirfí gobán ann. Tá Bobby Seale beo fós, é gníomhach i gcúrsaí polaitíochta i gcónaí agus é 83 bliain d’aois. Chuir sé píosa amach ar Twitter le déanaí i gcuimhne an ghníomhaí ar son cearta sibhialta John Lewis, a bhásaigh roinnt seachtainí ó shin.

Seachas an cogadh i Vítneam agus an ciníochas, ba ábhar eile a spreag an t-amhrán ‘For What It’s Worth’, a chum Stephen Stills, agus a bhfuil giotaí de le cloisteáil ar 4 Way Street. B’in na círéibeacha a d’eascair as iarrachtaí a rinne na póilíní stop a chur le daoine óga bailiú le chéile ar an Sunset Strip, gar do Laurel Canyon, i 1966.

Níor mhair parthas Laurel Canyon ach seal gearr blianta. Faoin tráth ar taifeadadh 4 Way Street bhí an loinnir bainte den saol sin le tamall ag drugaí crua agus uafáis Charles Manson agus a lucht leanta an samhradh roimhe sin.

Agus deirtear nach raibh Crosby, Stills, Nash & Young ag tarraingt le chéile nuair a bhíodar ag casadh an cheoil a chloistear ar 4 Way Street. Is deacair sin a shamhlú ag éisteacht leis an albam, ach go luath i ndiaidh na gceolchoirmeacha sin scar siad óna chéile mar ghrúpa go ceann ceithre bliana eile. Nuair a eisíodh an t-albam i mBealtaine 1971, bhain sé barr na gcairteacha amach i Meiriceá.

Ar bhealach amháin, tá ceachtanna staire le foghlaim ó roinnt de na hamhráin ar 4 Way Street. Ar bhealach eile is taifead é de cheathrar ceoltóirí agus iad i mbarr a réime tráth den saol a bhí níos soineanta, má bhí.

Fág freagra ar '‘Don’t forget what your Good Book said’ – Crosby, Stills, Nash agus Young tráthúil i gcónaí '