Doire faoi bhrón agus Gaeilgeoir óg ar shlí na fírinne

Tá teachtaireachtaí ómóis ag teacht go tiubh ó phobal na Gaeilge ó thuaidh do Shauna Nic Somhairle, Gael óg ar cuireadh inné í

Doire faoi bhrón agus Gaeilgeoir óg ar shlí na fírinne

Tá contae Dhoire faoi bhrón agus Gaeilgeoir óg díograiseach curtha faoin fhód inné.

Tháinig tinneas tobann ar Shauna Nic Somhairle, cúntóir ranga i nGaelscoil Léim an Mhadaidh, ag tús na míosa seo agus cé go raibh sí in otharlann Alt na nGealbhán ar feadh seachtaine agus na céadta tástálacha fola déanta uirthi, fuair sí bás an tseachtain seo caite agus gan í ach 20 bliain d’aois.

Theagasc Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Shauna cúpla bliain ó shin nuair a bhí sí ag déanamh dioplóma sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh, Doire.

“Cailín iontach a bhí inti, agus cé go raibh sí ina dalta scoile go fóill agus ar an duine ab óige sa rang, chuir sí a croí iomlán isteach san ábhar.

“I ndiaidh di an dioplóma a bhaint amach, chuaigh Shauna i mbun céime ar bhonn páirtaimseartha i mbliana.  Cailliúint ollmhór dá muintir agus do phobal Dhún Geimhin í, agus fágann a himeacht bearna ollmhór i saol na hOllscoile,” arsa an Dr Niall Comer.

Bhí Shauna ar na chéad pháistí ar Naíscoil Neachtain i nDún Géibhinn, a baile dúchais.

“Banphrionsa Gaelach agus spiorad álainn” a thug lucht Scoil Ruaidhrí Dall, scoil cheoil i nDún Geimhin, ar an chailín óg.

“Is cúis mhór bhróin do Scoil Ruaidhrí Dall go bhfuil Shauna, bean óg álainn gealgháireach agus duine de phobal na Gaeilge i nDún Geimhin, imithe ar shlí na fírinne. Is croíbhriste atá muid ina diaidh agus is croíbhriste atá muid dá teaghlach,” ar siad.

D’oibrigh Máire Ní Mhaoláin le Shauna le cúpla bliain anuas sa Champa Samhraidh i nDún Geimhin.

“Cailín galánta a bhí in Shauna,” ar sí.

“Bhí sí lán beochta agus bhí grá an domhain ag na páistí di. Bhí sí chomh cairdiúil sin agus bhí sí an-óg í féin. Baineadh geit mhór asainn nuair a chuala muid an scéal,” ara Máire.

Ní fios fós cad é a thug bás Shauna.

Maireann a tuismitheoirí, James agus Martina, a deartháir Seán, a gaolta agus a cairde go léir.

Fág freagra ar 'Doire faoi bhrón agus Gaeilgeoir óg ar shlí na fírinne'