Tá súil ann go mbeidh tiomantas Catherine Connolly an Ghaeilge a chur chun cinn in Áras an Uachtaráin ina eiseamláir agus ina spreagadh chun cur le húsáid na teanga i measc an phobail agus sa tseirbhís phoiblí.
Tá sé ráite cheana ag Catherine Connolly gur mhaith léi go mbeadh an Ghaeilge ina teanga oibre in Áras an Uachtaráin le linn a téarma agus cé go gcreidtear go mbeidh sé deacair an sprioc sin a bhaint amach, meastar go bhféadfadh sí dearcadh níos dearfaí i leith na teanga a spreagadh ar fud na seirbhíse poiblí.
Deir Seán Ó Cuirreáin, iarChoimisinéir Teanga agus ball de Comhairle Stáit an iarUachtaráin Micheál D. Ó hUigínn, go bhféadfadh go mbeadh tionchar ag sprioc Connolly ar chás na teanga agus nach i bPáirc an Fhionnuisce amháin é.
“Ar bhealach an rud is tábhachtaí faoi sin ar fad ná go dtagann cultúr eagraíocht ar bith ón bharr anuas agus má thagann an cultúr sin anuas uaithise go bhfuil an-tábhacht leis an teanga in Áras an Uachtaráin sílim go mbeidh tionchar aige níos leithne ná Áras an Uachtaráin féin agus go mbeidh an tionchar sin le brath b’fhéidir in árais eile ar fud na príomhchathrach anseo – ranna rialtais agus eagraíochtaí stáit eile agus go deimhin i measc an phobail chomh maith.
“Chuir sí an Ghaeilge i gcroílár an fheachtais toghchánaíochta. Chuir sí ar an chlár oibre [le linn a hinsealbhaithe] go soiléir é agus déarfainn gur duine í a dhéanfas beart de réir briathair,” a dúirt Ó Cuirreáin le Tuairisc.
D’aontaigh Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, leis an méid a bhí le rá ag Ó Cuirreáin faoi thionchar an Uachtaráin nua agus dúirt sé gur tréimhse thábhachtach a bhí ann do chur chun cinn agus d’úsáid na Gaeilge san earnáil phoiblí.
“Tá sé fógartha aici go mbeidh an Ghaeilge mar theanga na hoibre in Áras an Uachtaráin agus sílim go bhfuil sé sin ríthábhachtach,” arsa de Spáinn.
“Uimhir a haon, léiríonn sé ceannasaíocht ón chéad saoránach ó thaobh an tábhacht atá ann an teanga a úsáid ar shlí cheart agus an cur i gcéill a bhíonn i gceist uaireanta a sheachaint. Léiríonn sé gur féidir agus gur chóir an Ghaeilge a úsáid mar thosaíocht.
“An dara rud ná, ag am go bhfuil an earnáil phoiblí le hathrú agus an sprioc earcaíochta 20% le teacht faoi 2030, nach iontach an rud é go mbeidh eiseamláir agus dea-shampla san Áras ag léiriú gur fiú agus gur féidir seo a dhéanamh.”
Deir de Spáinn go raibh borradh ag teacht faoin nGaeilge roimh fheachtas Connolly, ach nach bhfuil aon dabht ann ach go dtabharfaidh polaiteoirí agus na meáin níos mó suntais don Ghaeilge anois mar thoradh ar a bua.
Deir sé go bhfuil sé soiléir ón méid atá déanta agus ráite ag Connolly go dtí seo ina saol polaitíochta go seasann sí lena focal agus go bhfuil Conradh na Gaeilge ag súil tacú léi lena fís don teanga a bhaint amach.
“Ba bhreá linn labhairt léi amach anseo faoi na rudaí go bhféadfaí a dhéanamh chun an teanga a chur chun cinn. Bhí gaol an-mhaith againn le Micheál D. Ó hUiginn. Rinne sé go leor dúinn thar a thréimhse 14 bliain.
“D’fhreastail sé ar Ard-Fheiseanna agus thug sé cainteanna spreagúla agus tábhachtacha faoin teanga. Bhí sé mar phátrún ar Bhliain na Gaeilge agus d’eagraigh sé roinnt mhaith imeachtaí mar chuid de Sheachtain na Gaeilge thar na blianta. Bhí sé i gcónaí gníomhach. Ba bhreá linn labhairt leis an uachtarán nua faoi bhealaí go bhféadfadh sise a bheith gníomhach chomh maith.”
Dónal deRóiste
Níl aon tír San Eoraip nach bhfuil an teanga dhúchais ag an Uachtarán nó an Príomh-oide. An rud is annamh is iontach in Éirinn dar ndóigh!