Dlíodóir a sheas ar son chearta teanga na nGael ag cur comhairle ar fhoireann dlí na hAfraice Theas san Háig

Tá Blinne Ní Ghrálaigh KC (Abhcóide an Rí) ar fhoireann dlí na hAfraice Theas atá ag líomhain go bhfuil cinedhíothú in aghaidh mhuintir na Palaistíne ar bun ag Iosrael

Dlíodóir a sheas ar son chearta teanga na nGael ag cur comhairle ar fhoireann dlí na hAfraice Theas san Háig

Tá dlíodóir a sheas cheana ar son chearta teanga na nGael ar fhoireann dlí na hAfraice Theas dá gcás in aghaidh Iosrael sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta.

Tá Blinne Ní Ghrálaigh KC (Abhcóide an Rí) ar dhuine de bheirt abhcóidí seachtracha atá ag lucht dlí na hAfraice Theas atá ag líomhain go bhfuil cinedhíothú in aghaidh mhuintir na Palaistíne ar bun ag Iosrael in Gaza.

Cuireadh tús sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta inné le cás na hAfraice Theas in aghaidh Iosrael agus tugadh suntas sna meáin do chaint chumhachtach chorraitheach Ní Ghrálaigh a dúirt go raibh muintir Gaza ar an gcéad dream riamh a raibh a gcinedhíothú á chraoladh ar fud an domhain acu de réir mar a bhí sé ag tarlú. In ainneoin sin ní raibh “faic” á dhéanamh chun deireadh a chur lena scrios, ar sí.

D’oibrigh Blinne Ní Ghrálaigh ar chásanna mór le rá éagsúla eile roimhe seo, ina measc an fiosrúchán faoi Dhomhnach na Fola agus cás sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta inar chuir an Chróit cinedhíothú i leith na Seirbia.

In 2021 ghníomhaigh Ní Ghrálaigh ar bhonn pro bono ar son Chraobh Londan Chonradh na Gaeilge i gcás cáiliúil a bhain le cearta teanga.

Sa chás sin, bhí cumann an Chonartha ag tacú le muintir Margaret Keane ar diúltaíodh cead dóibh ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe a máthar i reilig in Coventry.

Bhuaigh Blinne Ní Ghrálaigh an gradam dlíodóir na míosa mí Feabhra seo caite as a cuid oibre ar son ‘Ceathrar Colston’ a bhfuarthas neamhchiontach iad as dochar coiriúil a dhéanamh nuair a leag siad dealbh den trádálaí sclábhaithe Edward Colston in Bristol.

Tá an Afraic Theas ag iarraidh go n-ordófaí d’Iosrael éirí as an gcogadh láithreach.

Maíodh sa chúirt inné gur ón “leibhéal is airde” de stát Iosrael a tháinig an plean Gaza “a scrios”.

“Gach uile lá táthar ag cur le líon na marbh agus leis an scrios ar mhaoin, dínit agus daonnacht phobal na Palaistíne, scrios nach féidir a chur ina cheart go brách,” a dúirt Adila Hassim, duine d’abhcóidí na hAfraice Theas, sa chúirt inné.

“Ní chuirfidh aon rud seachas ordú de chuid na cúirte seo stop leis an bhfulaingt,” ar sí.

Tá an Afraic Theas ag maíomh gurb é rún Iosrael in Gaza ná “cuid mhór de ghrúpa náisiúnta, eitneach agus cine Palaistíneach a scrios”.

Cuirfear tús inniu sa chúirt le cosaint Iosrael, a mhaíonn go bhfuil údar bailí lena n-ionsaithe ar Gaza i bhfianaise ionradh Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Dlíodóir a sheas ar son chearta teanga na nGael ag cur comhairle ar fhoireann dlí na hAfraice Theas san Háig'

  • Criostóir Ó Floinn

    Sílim gur fadhb é go mbíonn daoine ag díriú ar gach drochrud a rinne Iosrael nó a dhéanann Iosrael amhail is gurb é máthair gach oilc é. D’fhéadfaí díriú ar na huafáis a rinne tír ar bith sa stair agus a mhaíomh gur drochdhream iad. Ach ní mór cuimhneamh go bhfuil na hIosraelaigh ag dul i ngleic le léithéidí Hamas le fada, sin grúpa faisisteach atá ag iarraidh na Giúdaigh ar fad a mharú agus a fhaigheann inspioráid ón Hitléireach féin (féach gur thacaigh bunaitheoir na cúise Palaistíní, an tArd-Mhuftaí al-Husseini, leis an Uileloscadh agus go raibh sé ag iarraidh é a chur i bhfeidhm sa Mheánoirthear.) Tá an-tóir ar ‘Mein Kampf’ sa domhan Arabach. Deir giall mná ó Iosrael a scaoileadh óna géibheann le déanaí go dtacaíonn formhór an phobail in Gaza le Hamas – bhí an giall sin i ngéibheann i dteach gnáth-theaghlaigh, de réir dealraimh, agus bhí páistí an teaghlaigh ag spochadh aisti agus ag gáire fúithi toisc gur Giúdach atá inti. Caithfear deireadh a chur leis an mbolscaireacht fhrith-Sheimíteach sa Phalaistín má tá aon socrú síochána le bheith ann – dúshlán mór a bheidh ann mar tá an frith-Sheimíteachas fréamhaithe go doimhin sa chultúr Arabach faoin am seo.