Grúpaí pleanála teanga i dtrí cheantar Gaeltachta ag tacú leis an gcur chuige gan glacadh le maoiniú an Údaráis

Dúradh i ráiteas a d’eisigh Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair ar maidin go dtacaíonn an Comharchumann leis an seasamh atá glactha ag Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige diúltú don €100,000 atá tairgthe ag Údarás na Gaeltachta don phleanáil teanga sa cheantar

Grúpaí pleanála teanga i dtrí cheantar Gaeltachta ag tacú leis an gcur chuige gan glacadh le maoiniú an Údaráis

Tá grúpaí pleanála teanga sna trí mhórcheantar Gaeltachta ag tacú leis an gcur chuige nach nglacfaí leis an €100,000 atá á thairiscint ag Údarás na Gaeltachta do chur i bhfeidhm pleananna teanga.

Dúradh i ráiteas a d’eisigh Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair ar maidin go dtacaíonn an Comharchumann leis an seasamh atá glactha ag Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige, a d’fhógair an tseachtain seo go raibh siad ag diúltú don mhaoiniú €100,000 atá á thairiscint do lucht na pleanála teanga don chéad bhliain dá bplean.

“Tréaslaíonn muid leis an chur chuige stuama, ciallmhar agus comhoibreach atá léirithe acu go dáta. Bheadh muid ar comhintinn g bhfuil gá an maoiniú ceart a chur ar fáil do phlean ar bith atá aontaithe le hÚdarás na Gaeltachta agus faofa ag an Roinn,” a dúradh sa ráiteas.

Dúirt Páidí Ó Sé, bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne, tráthnóna inné go mbeadh meitheal pleanála teanga na dúiche sin ag tacú le seasamh Fhóram Chois Fharraige.

Beidh cruinniú anocht i nGaoth Dobhair ag an gComharchumann agus tuigtear do Tuairisc.ie go bpléifear an cur chuige atá glactha ag lucht pleanála teanga Chois Fharraige ag an gcruinniú seo.

Dúradh sa ráiteas, áfach, nach ndéanfar cinneadh faoi dhiúltú nó glacadh leis an maoiniú don phlean teanga go dtí go bhfaighfear tairiscint i scríbhinn ón Údarás.

“Go dtí seo níl aon tairiscint oifigiúil faighte i scríbhinn ag an Chomharchumann, mar cheanneagraíocht don limistéar seo, ó Údarás na Gaeltachta ar mhaoiniú do chuir i bhfeidhm an phlean mar atá dréachtaithe.

“Nuair, nó má, thagann a leithéid déanfaidh an Comharchumann é a phlé go mion ag leibhéal coiste agus lenár bpáirtnéirí ar Mheitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt. Déanfar cinneadh ansin dá réir,” a dúradh.

€136,000 a lorg Meitheal Pleanála an Iarthuaiscirt i dTír Chonaill don phlean agus tuigtear go bhfuil roinnt ball den tuairim gur fiú brú a chur ar Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta breis airgid a chur ar fáil don obair.

Roghnaíodh Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair le bheith ina cheanneagraíocht do phlean teanga an cheantair agus baineann cuid den easaontas leis an dóigh ar roghnaíodh an dream sin thar dhreamanna nó grúpaí pobail eile sa cheantar.

Dúradh i ráiteas an Chomharchumainn gur “ábhar d’Údarás na Gaeltachta” é an t-easaontas a thuairiscítear a bheith ann maidir le roghnú na ceanneagraíochta “mar an eagraíocht stáit a bhí i mbun an phróisis roghnúcháin. Maíodh nach mbeadh sé “ceart” ag an gComharchuman aon ráiteas níos mó a dhéanamh ar an ábhar.

Seoladh na chéad trí phlean teanga Gaeltachta ag ócáid in Amharclann Ghaoth Dobhair an mhí seo caite agus go dtí seo, níl ach grúpa amháin de na grúpaí a d’ullmhaigh na pleananna sin, Coiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola, i ndiaidh glacadh leis an litir thairisceana maidir le maoiniú agus tús a chur le feidhmiú an phlean.

Tá fógra déanta ag Coiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola go bhfuil siad ag lorg duine leis an phlean a stiúradh sa phobal agus léirigh Cathaoirleach an Choiste Barney Ó Gallchóir ar Nuacht TG4 go raibh siad sásta dul ar aghaidh leis an maoiniú €100,000 atá tairgthe dóibh.

Fág freagra ar 'Grúpaí pleanála teanga i dtrí cheantar Gaeltachta ag tacú leis an gcur chuige gan glacadh le maoiniú an Údaráis'