Beifear in ann tús a chur le Bealach Glas Uíbh Ráthaigh a thógáil mar thoradh ar chinneadh sa Chúirt Uachtarach tráthnóna.
Dhiúltaigh breithiúna sa Chúirt Uachtarach do dhá iarratas ar athbhreithniú maidir leis an togra atá beartaithe do Chiarraí Theas.
Is in 2020 a thug An Bord Pleanála cead an bealach glas a thógáil ach d’fhág agóidí dlíthiúla gur cuireadh moill ar an togra.
Diúltaíodh san Ard-Chúirt anuraidh do dhá athbhreithniú breithiúnach i gcoinne na forbartha. Cinneadh na cásanna a thabhairt chomh fada leis an gCúirt Uachtarach ach diúltaíodh d’achomhairc in aghaidh chinntí na hArd-Chúirte.
‘Grúpa Eolais an Bhealaigh Ghlais’, úinéirí talún agus an gníomhaí comhshaoil Peter Sweetman a bhí ag lorg na n-athbhreithnithe.
Fógraíodh an plean do Bhealach Glas Uíbh Ráthaigh ar dtús in 2014. Rachaidh an bealach rothaíochta thart ar 30km idir Gleann Beithe agus Cathair Saidhbhín.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Pa Daly, go raibh “ríméad” air go rabhthas anois in ann dul ar aghaidh leis an togra. Dúirt sé go raibh muintir Chiarraí ag fanacht “sách fada” leis an mbealach glas agus go meallfadh sé níos mó turasóirí i dtreo Chiarraí Theas.
Dúirt Teachta Dála eile as Ciarraí, Brendan Griffin, Fine Gael, gur “scéal iontach dearfach” a bhí anseo do mhuintir, do phobal agus do lucht gnó Chiarraí. Dúirt sé go mbeadh an bealach glas ina bhuntáiste, ní hamháin do cheantar Chiarraí Theas ach don chontae uile.
Fág freagra ar 'Diúltaithe sa Chúirt Uachtarach do chásanna in aghaidh Bhealach Glas Uíbh Ráthaigh'