Diúltaithe d’achomharc iar-aisteoir Ros na Rún in aghaidh a chiontaithe as éigniú

Sa gCúirt Achomhairc inniu dhiúltaigh triúr breithiúna do phléadáil dhlíodóirí Garret Phillips gur chóir go mbeadh cead ag a fhoireann dlí an t-íospartach a chroscheistiú ag a thriail in Aibreán 2018 

Diúltaithe d’achomharc iar-aisteoir Ros na Rún in aghaidh a chiontaithe as éigniú

Dhiúltaigh an Chúirt Achomhairc don achomharc a rinne Garret Phillips, iar-aisteoir sa sobaldráma Ros na Rún, in aghaidh a chiontaithe as bean óg a éigniú i gcathair na Gaillimhe os cionn cúig bliana ó shin. 

Dhiúltaigh an triúr breithiúna do phléadáil dhlíodóirí Phillips gur chóir go mbeadh cead ag a fhoireann dlí an t-íospartach a chroscheistiú ag a thriail in Aibreán 2018 faoina caidreamh gnéis lena páirtí an tseachtain roimh a héigniú. 

Tar éis triail ceithre lá sa bPríomh-Chúirt Choiriúil, ciontaíodh Garrett, athair beirt chlainne as an mBóthar Ard i nGaillimh in éigniú mná óige ar imeall chathair na Gaillimhe ar an 5 Samhain 2015. Sé bliana príosúin a gearradh air.

I bhfianaise na cúirte dúradh gur thairg Phillips síob abhaile don bhean óg a bhí ina suí sa bpáirc agus eisean ag siúl a ghadhair agus gur éignigh sé í nuair a thit sí ina codladh ina veain. 

Phléadáil Phillips neamhchiontach agus mhaígh gur go comhthoiliúil a bhí gníomh gnéis eatarthu.

Sa gCúirt Achomhairc Dé Luain mhaígh Fiona Murphy, abhcóide sinsearach an aisteora go ndearna  an Breitheamh Eileen Creedon, botún dlí nuair a dhiúltaigh sí d’iarratas fhoireann dlí a cliaint an gearánaí a chroscheistiú faoi ráiteas a rinne sí faoi ghníomh gnéis lena páirtí seachtain roimh an éigniú as ar ciontaíodh Phillips. 

Mhaígh an t-abhcóide go raibh an eachtra sin tábhachtach sa chás toisc go raibh sé cosúil leis an eachtra faoina ciontaíodh an t-aisteoir agus gar dó in am. 

Ghlac an tAbhcóide Fiona Murphy leis go raibh srianta dochta ar cheistiú daoine a éigníodh faoina gcúrsaí gnéis agus nach ndearnadh an t-iarratas ar chroscheistiú ag “am idéalach”. Mhaígh an t-abhcóide  go bhféadfadh nach mbeadh an giúiré ábalta an t-aisteoir a chiontú thar amhras réasúnta dá mbeadh cead an croscheistiú sin a dhéanamh. 

Agus é ag labhairt i gcoinne an achomhairc ar son an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, dúirt an tAbhcóide Sinsearach Paul Greene go raibh dhá ghníomh gnéis luaite ach gur gníomh príobháideach lántoiliúil a bhí i gceann acu agus nach raibh aon bhaint aige leis an gcás cúirte agus nach ndearnadh aon leatrom ar Phillips toisc nár ceadaíodh croscheistiú faoin ráiteas sin.  

Dúirt an Breitheamh Ceannais George Birmingham, leis an mBreitheamh John Edwards agus an Breitheamh Patrick McCarthy, go raibh an chuma ar an gcás gur socraíodh nach raibh aon bhaint ag gníomh gnéis a luaigh an bhean agus a tharla roimh an éigniú leis an scéal ach gur socraíodh ina dhiaidh sin “gurbh fhearr dóibh breathnú arís air”.  

Agus an chúirt ag diúltú don achomharc, dúirt an Breitheamh McCarthy nár mhínigh an t-achomharcóir go sásúil céard ba chúis leis an moill faoi iarratas a dhéanamh an t-íospartach a chroscheistiú faoina ráiteas sa gcéad triail. 

Agus é ag diúltú don achomharc, dúirt an Breitheamh McCarthy nach bhféadfaí fianaise a thabhairt os comhair cúirte mura mbíonn sí bainteach leis an gcás:

“Ní léir dúinn cén chaoi a mbeadh aon bhaint dá laghad ag an ábhar seo le fíricí an cháis. Bhí caidreamh collaí ag an íospartach lena páirtí. Sin a bhfuil ann.”

Tar éis na cúirte, dúirt an tAbhcóide Murphy go mbeadh Phillips ag leanúint lena achomharc in aghaidh déine na príosúnachta sé bliana a bheidh á éisteacht ar an 30 Aibreán.  

Fág freagra ar 'Diúltaithe d’achomharc iar-aisteoir Ros na Rún in aghaidh a chiontaithe as éigniú'