Diúltaithe ag Zappone do phost mar thoscaire chuig na Náisiúin Aontaithe mar gheall ar chonspóid

Bhain conspóid leis an tslí ar ainmníodh an t-iar-aire leanaí don phost agus le hócáid a d’eagraigh sí in óstán

Diúltaithe ag Zappone do phost mar thoscaire chuig na Náisiúin Aontaithe mar gheall ar chonspóid

Níl an t-iar-aire leanaí Katherine Zappone chun glacadh lena ceapachán rialtais mar Thoscaire Speisialta chuig na Náisiúin Aontaithe.

Bhain conspóid leis an tslí ar ainmníodh an t-iar-aire don phost ó cuireadh a hainmniúchán faoi bhráid an Rialtais an tseachtain seo caite.

I ráiteas ó Katherine Zappone dúirt sí:

 “Is mór an onóir dom gur cheap an Rialtas mé mar Thoscaire Speisialta ag plé le Saoirse Tuairimíochta agus Cainte, ach is léir go bhfuil tionchar ag an gcáineadh atá déanta ar an gceapachán ar dhlisteanacht na hoibre féin.

“Creidim go láidir gur mór an leas a dhéanfadh toscaire speisialta d’Éirinn agus do phobal an domhain ach glacadh a bheith ag gach páirtí leis an gceapachán.

“Ar an gcúis sin, tá cinneadh déanta agam gan glacadh leis an gceapachán seo agus tá an cinneadh sin curtha in iúl agam don Aire Gnóthaí Eachtracha,” a dúrirt sí ina ráiteas.

Tá éileamh ann go soiléireofaí an próiseas ceapacháin agus Teachtaí Dála de chuid an fhreasúra ag maíomh nach raibh aon trédhearcacht ag baint leis an gceapachán agus gur “fabhar” a bhí i gceist.

Méadaíodh ar an mbrú ar Katherine Zappone inniu nuair a foilsíodh scéal san Irish Independent faoi ócáid phríobháideach taobh amuigh a d’eagraigh sí ag Óstán an Merrion i mBaile Átha Cliath. Dúirt Zappone gur chloígh an ócáid, a tharla sé lá roimh a ceapachán, leis na treoirlínte maidir leis an tsláinte phoiblí.

Faoi threoirlínte Fáilte Ireland ní cheadaítear aon imeachtaí ‘eagraithe’ seachas póstaí agus cruinnithe oideachais nó oiliúna atá “riachtanach” chun gnó a rith.

Dúradh i ráiteas ó Óstán an Merrion go raibh ócáidí taobh amuigh le 200 duine ceadaithe de réir rialacha an Rialtais ag an am agus go raibh ócáidí sóisialta san áireamh ansin.

50 duine, an Tánaiste Leo Varadkar ina measc, a d’fhreastail ar ócáid Katherine Zappone agus shuíodar i ngrúpaí de sheisear ag boird éagsúla. Tuairiscítear go ndearna an Tánaiste Leo Varadkar teagmháil le lucht an óstáin roimh ré le fáil amach an mbeadh an ócáid ag cloí le treoracha an Rialtais.

Dúirt Cumann Bhialanna na hÉireann go raibh soiléiriú faoi na rialacha á lorg acu mar gur tuigeadh dóibh nach raibh cead ag grúpa go leor bord a chur in áirithe.

An tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney a d’iarr ar Katherine Zappone an post mar thoscaire chuig na Náisiúin Aontaithe a dhéanamh.

Pléifidh an coiste Oireachtais a bhíonn ag plé gnóthaí eachtracha ceapachán Katherine Zappone san fhómhar.

 

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag Zappone do phost mar thoscaire chuig na Náisiúin Aontaithe mar gheall ar chonspóid'