Diúltaithe ag Roinn na Gaeltachta a rá ar laghdaíodh deontas in aon chás eile seachas Amharclann Ghaoth Dobhair

Tá aighneas i gcónaí idir lucht stiúrtha Amharclann Ghaoth Dobhair agus Roinn na Gaeltachta faoin deontas a ceadaíodh d’athchóiriú na hamharclainne

Diúltaithe ag Roinn na Gaeltachta a rá ar laghdaíodh deontas in aon chás eile seachas Amharclann Ghaoth Dobhair

Níl an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta sásta a rá cé acu ar tharla nó nár tharla sé riamh cheana gur chinn an Roinn deontas a laghdú mar gheall ar choinníoll ama a sáraíodh, mar a cinneadh i gcás dheontas Amharclann Ghaoth Dobhair le déanaí.

Tá aighneas ann idir lucht stiúrtha Amharclann Ghaoth Dobhair agus an Roinn faoin deontas a ceadaíodh d’athchóiriú na hamharclainne ag tús na bliana seo caite.

Cheadaigh an t-iarAire Stáit Joe McHugh deontas €485,000 d’Amharclann Ghaoth Dobhair ag tús na bliana seo caite. Cuireadh críoch leis an obair athchóirithe ó shin agus osclaíodh an amharclann den chéad uair le deich mbliana an mhí seo caite.

Tá beartaithe ag an Roinn an deontas a bronnadh ar choiste na hamharclainne a laghdú toisc nach raibh an obair athchóirithe críochnaithe ag an am a bhí socraithe. €400 ‘in aghaidh an lae’ an pionós is mian leis an Roinn a ghearradh agus €50,000 atá á lua leis an laghdú deontais.

Bhí sé ar cheann de choinníollacha an chonartha go mbeadh laghdú le déanamh ar an deontas sa chás go mbeadh moill ar chríochnú na hoibre ach tá easaontas ann anois idir an coiste agus an Roinn faoi údar na moille.

Chuir Tuairisc.ie ceist ar an Roinn ar tharla sé riamh cheana gur cinneadh gan deontas, ná cuid de dheontas, a bhronnadh toisc nár cuireadh togra i gcrích taobh istigh den am a leagadh síos, ach ní raibh an Roinn sásta an cheist sin a fhreagairt.

“Níl sé i gceist ag an Roinn aon ráiteas eile a dhéanamh anois faoi na mionsonraí a bhaineann leis na deacrachtaí seo seachas a rá go bhfuil an Roinn ag déanamh íocaíochtaí de réir choinníollacha an deontais a ceadaíodh agus théarmaí an chonartha,” a dúradh i ráiteas Roinn na Gaeltachta.

Dúradh freisin go bhfuil sé i gceist ag an Roinn cruinniú a shocrú chun “na constaicí atá ann faoi láthair a phlé” i gcás Amharclann Ghaoth Dobhair agus gur mhaith leis an Roinn “dul chun cinn a dhéanamh go luath” maidir leis an scéal.

Dúradh go socrófaí an cruinniú sin “chomh luath agus is féidir”.

Dúirt Cathaoirleach Choiste Amharclann Ghaoth Dobhair, Pól Mac Cumhaill, le Tuairisc.ie, áfach, gur lorg an Coiste “cruinniú práinneach” leis an Roinn an tseachtain seo caite, ach nach raibh “freagra ar bith” faighte go fóill ar an iarratas sin.

Ceadaíodh an deontas i mí Feabhra na bliana seo caite, ach maíonn an coiste nach bhféadfaí tús a chur leis an obair go dtí 22 Meitheamh. Ba é an 31 Iúil 2016 an sprioclá maidir le deireadh a chur leis an obair nuair a ceadaíodh an deontas ar dtús, ach dúirt Mac Cumhaill go raibh an sprioc sin bunaithe “ar an mbunús go dtosófaí an obair mí Feabhra”.

“Níor chuir siad in iúl dúinne ag am ar bith go raibh fadhb ann leis an spriocdháta. Táimid iontach míshásta go ndeachaigh siad díreach chuig ár n-ailtire gan dul i dteagmháil linne,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh os cionn €100,000 cruinnithe ag Coiste na hAmharclainne ó fógraíodh an deontas a bheith ceadaithe anuraidh agus mhaígh sé gur “rud iontach suarach” atá ar bun ag an Roinn anois.

Bhain conspóid leis an gcinneadh an t-airgead a bhronnadh ar choiste na hamharclainne an chéad lá riamh. Cheadaigh an t-iarAire Stáit Joe McHugh an deontas €485,000 don amharclann in ainneoin gur chuir oifigigh shinsearacha i Roinn na Gaeltachta comhairle air go mbeadh sé “mífhreagrach”, “faillitheach” agus fiú “contúirteach” an deontas sin a cheadú.

De réir cáipéisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise anuraidh, chuir oifigeach sinsearach sa Roinn in iúl don Aire tráthnóna an 1 Feabhra 2016, an lá sular cheadaigh sé an deontas, nach raibh “iniúchadh ceart” déanta fós ar iarratas Iontaobhas Amharclann Ghaoth Dobhair.

Dúradh leis an Aire chomh maith go rabhthas go mór in amhras faoi ghnéithe áirithe den iarratas agus go bhféadfadh gur “tubaiste” a bheadh ann dá gceadófaí an deontas.

Chun go n-íocfaí deontas faoin scéim áirithe seo de chuid na Roinne, ní foláir d’iarratasóir 20% de chostas iomlán na forbartha atá beartaithe a bhailiú.

€120,000 a bhí i gceist leis an “sciar áitiúil” seo i gcás Amharclann Ghaoth Dobhair agus bhí oifigigh na Roinne den tuairim nach raibh “mórán iarrachta” déanta fós an t-airgead sin a bhailiú.

“Táthar den tuairim go mbeadh sé contúirteach deontas mór a cheadú anois mar níl na hacmhainní ag an gcoiste chun an conraitheoir a íoc ná le hiasacht a aisíoc agus d’fhéadfadh an rud uile dul chun deiridh. Is tubaiste a bheadh ann dá dtarlódh a leithéid,” a dúradh sa mheamram a cuireadh faoi bhráid iarAire na Gaeltachta Joe McHugh anuraidh.