Bhí an líon is mó riamh daltaí sa gcóras oideachais a raibh díolúine acu ó staidéar na Gaeilge anuraidh.
Breis is 73,000 dalta bunscoile agus iarbhunscoile a raibh díolúine acu ón nGaeilge, de réir figiúirí na Roinne Oideachais. B’ionann sin agus 7.5% den 977,527 dalta a bhí ar scoil sa stát in 2024/25.
Deir an Roinn Oideachais nach mbronntar díolúintí ach i gcásanna “eisceachtúla” ach is léir ó na figiúirí go bhfuil ardú mór tagtha orthu le roinnt blianta anuas.
60,946 dalta iarbhunscoile ar fad a raibh díolúine acu ón nGaeilge anuraidh agus beagnach 20,000 díolúine nua bronnta ar dhaltaí dara leibhéal.
Fágann sin go raibh díolúine ag 14.3% de dhaltaí iarbhunscoile an stáit agus an céatadán sin ardaithe don ochtú mbliain as a chéile.
Deir an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, saineolaí ar chúrsaí oideachais in Éirinn, go bhfuil córas na ndíolúintí imithe “as smacht”.
“Is ábhar buartha é go bhfuil 60,946 dalta díolmhaithe ag leibhéal na hiar-bhunscoile. Is ionann sin agus 14.3% de dhaltaí nó duine as gach seachtar,” a deir Ó Duibhir. “Tá sé seo amhlaidh in ainneoin go bhfuil titim ar líon na ndaltaí a tháinig thar lear le dhá bhliain anuas. Tháinig fás 71% ar líon na ndaltaí a fuair díolúine de bharr Riachtanais Speisialta Oideachais ó 2019 i leith nuair a cuireadh an córas nua i bhfeidhm. Is léir go bhfuil an córas as smacht.
“Ní mór a mheabhrú nach bhfuil aon fhianaise taighde ann go bhfuil a leithéid de rud ann agus míchumas foghlama teanga. I gcás na ndaltaí a bhfuil disléicse orthu, mar shampla, is deacracht litearthachta atá acu seachas deacracht teanga.”
Is mar gheall ar Riachtanais Speisialta Oideachais a bronnadh os cionn leath de na díolúintí a bronnadh ar dhaltaí iarbhunscoile anuraidh.
Deir an Roinn Oideachais gur gá breathnú ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge “i gcomhthéacs níos leithne” agus go bhfuil fás tagtha ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar an iarbhunscoil. Deirtear go bhfuil an-chuid daltaí atá tagtha thar lear anois ag freastal ar scoileanna in Éirinn agus an bhreis is 7,000 Úcránach atá ag freastal ar iarbhunscoileanna luaite go sonrach ag an Roinn maidir leis an ardú atá tagtha ar dhíolúintí.
Ní ghlacann an tOllamh Ó Duibhir leis an míniú sin, áfach, agus ráite aige go bhfuil deis an Ghaeilge a fhoghlaim á ceilt ar dhaltaí a thagann go hÉirinn.
“Maidir leis na daltaí a thagann ó thar lear, níl sé maith go leor nach bhfuil deiseanna foghlama Gaeilge á dtabhairt againn dóibh. Táimid ag plé le líon suntasach daltaí a tháinig thar lear le breis is scór bliain anuas. Ba cheart go mbeimis ag cur deiseanna ar fáil dóibh tabhairt faoi chúrsa Gaeilge ionas go bhfaighidís an deis chéanna léargas a fháil ar chultúr na tíre ina mbeidh a bhformhór ag caitheamh a saol. Is bealach imeasctha í foghlaim na Gaeilge dóibh.”
Deir Ó Duibhir gur cheart aird a thabhairt ar na moltaí a rinneadh i dtuarascáil ó Choiste Oireachtais na Gaeilge anuraidh.
Moladh sa tuarascáil sin go gcuirfí deireadh le córas na ndíolúintí agus bhí roinnt moltaí eile inti chomh maith, ina measc nár cheart go mbronnfaí díolúine ar bith ar dhaltaí go dtí go mbeadh an chéad bhliain san iarbhunscoil déanta acu agus nár cheart go ndéanfaí iarratas chun díolúine a lorg ó fhoghlaim an dara teanga go dtí go dtabharfar an deis do dhaltaí tabhairt faoi fhoghlaim na teanga sin ar dtús.
“Teastaíonn cur chuige teagaisc ionchuimsitheach sna scoileanna ina bhfaigheadh gach dalta deis an Ghaeilge a fhoghlaim de réir a gcumais féin,” a deir Ó Duibhir.
Cé gur ardaigh leibhéal na ndíolúintí ag leibhéal na hiarbhunscoile, níor tháinig mórán d’athrú ar an scéal ag leibhéal na bunscoile. Bhí díolúine ón nGaeilge ag 12,190 dalta bunscoile anuraidh nó 2.2% de líon iomlán na ndaltaí, an céatadán céanna a bhí ann an bhliain roimhe.
Rinneadh athrú ar chóras na ndíolúintí in 2019 agus é fágtha anois faoi phríomhoidí an cinneadh a dhéanamh díolúine a bhronnadh ar dhalta.
Breandán
An Ghaolainn mar ábhar roghnach i scoileanna ag lucht an aonteangachais agus ag a namhad!
Christina C
Faightear réidh léi anois díreach
Geraldine
Ceap magaidh an scéal maidir le díolúiní. Ba mhúinteoir Gaeilge mé agus níor thuigeas riamh conas gur féidir le daltaí díolúine a fháil sa Ghaeilge – ach na daltaí céanna in ann Fraincis nó Gearmáinis!