Díoltas ar intinn imreoirí na hÉireann agus tús á chur le Comórtas na Sé Náisiún

Tá Éire sa tóir ar an tríú craobh Sé Náisiún as a chéile, éacht nár éirigh linne ná go deimhin le mórán foirne eile a bhaint amach riamh

Díoltas ar intinn imreoirí na hÉireann agus tús á chur le Comórtas na Sé Náisiún

Is é an Comórtas na Sé Náisiún atá linn arís an deireadh seachtaine seo an comórtas idirnáisiúnta rugbaí bliantúil is fearr ar domhan, dar liom.

Cuirfidh an choimhlint i bPáras anocht, idir an Fhrainc, rogha na ngeallghlacadóirí do chomórtas na bliana seo, agus an Bhreatain Bheag tús leis an gcomórtas. Is deacair a shamhlú nach mbeidh an lá le foireann an bhaile. Is iad na Francaigh a bhí sa dara háit sa gcomórtas anuraidh agus bronnadh an spúnóg adhmaid ar na Breatnaigh, foireann atá fós ag cúlú.

Malairt scéil atá ag na Francaigh, dream atá ag treisiú chuile lá. Sea, bua éasca do na Francaigh.

Cuirfidh foireann na hAlban fáilte roimh fhoireann na hIodáile amárach, i Murrayfield i nDún Éideann. Ach an oiread leis an gcluiche i bPáras anocht, is deacair toradh ar bith seachas bua d’fhoireann an bhaile a thuar, cé gur dóigh nach mbeidh mórán eatarthu sa deireadh. Sa gceathrú agus sa gcúigiú háit ar thábla an Sé Náisiún anuraidh a chríochnaigh Albain agus an Iodáil. Is fiú a lua gur bhuaigh na hIodálaigh an cluiche seo anuraidh ach is ag cúlú atá siad ó shin.

Níl aon amhras ann ach gurb í an choimhlint i mBaile Átha Cliath tráthnóna amárach idir Éirinn, curaidh an chomórtais le dhá bhliain anuas, agus an tsean-namhaid Sasana mórchluiche rugbaí an deireadh seachtaine seo. Ba í an choimhlint idir na foirne seo an t-aon chluiche amháin a chaill Éire (23-22) sa gcomórtas seo anuraidh, in ainneoin gurb iad a bhuaigh an comórtas ag a dheireadh. Chaill na Sasanaigh faoi dhó. Fágann sin go mbeidh díoltas go mór ar intinn imreoirí agus lucht leanúna na hÉireann. Feicfidh muid céard a tharlós le linn an ochtó nóiméad ach is cinnte go mbeidh go leor ceisteanna freagartha ach a gcríochnóidh sé.

Bhí go leor cainte i rith na seachtaine maidir leis an gcúigear déag atá Simon Easterby, oiliúnóir sealadach rugbaí na hÉireann, ag cur chun páirce ag tús an chluiche. Cé go mbeadh chuile dhuine in ann formhór na n-imreoirí a roghnófaí a insint duit, bhí neart díospóireachta ann maidir le cúpla imreoir. Bhí neart cur is cúiteamh sna meáin maidir leis an gcomórtas idir Jack Crowley agus Sam Prendergast do gheansaí uimhir 10, agus faoi cén bheirt as an triúr imreoirí lár páirce, Bundee Aki, Garry Ringrose agus Robbie Henshaw, a bheadh ag tosú an chluiche.

Is iad Prendergast, Aki agus Ringrose atá ag tosú agus tá Crowley agus Henshaw ar an mbinse. Nach mór atá ag brath ar an rogha sin a d’fhógair Easterby inné?

In ainneoin buntáiste an bhaile a bheith ag Éirinn, bheadh dul amú ar an té a dhéanfadh talamh slán de go mbeidh bua againn sa gcluiche seo. Is ar éigean atá tada idir na foirne seo. Cuimhnigh go mbeidh pé foireann a chaillfidh an cluiche seo as an rás don Grand Slam go cinnte agus beidh a seans greim a fháil ar an gComórtas Sé Náisiún laghdaithe go mór.

Spreagadh ann féin é sin don dá thaobh. Cé nach dteastaíonn mórán spreagtha ó Éirinn ariamh agus iad i gcoinne Shasana, tá cúpla rud eile ab fhiú a lua. I dtosach báire, tá Éire sa tóir ar an tríú craobh Sé Náisiún as a chéile, éacht nár éirigh linne ná go deimhin le mórán foirne eile a bhaint amach riamh. Freisin, ó thosaigh an Comórtas Sé Náisiún in 2000, fuair an Fhrainc agus an Bhreatain Bheag greim ar cheithre Grand Slam, i gcomparáid leis na trí cinn atá buaite againne. Ní hamháin sin, tá seacht gcraobh Sé Náisiún buaite ag Sasana san achar céanna agus níor éirigh linne é a sin dhéanamh ach faoi shé. Nár bhreá a bheith cothrom leo?

Tá mise ag seasamh leis na geallghlacadóirí. Creidim gur féidir le hÉirinn an beart a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Díoltas ar intinn imreoirí na hÉireann agus tús á chur le Comórtas na Sé Náisiún'

  • WTF

    Is móide go bhfeicfear Crowley ag teacht chun páirce go luath sa chluiche seo, tine ar a chraiceann agus é amuigh chuige.
    Ceapaim féin go dtabharfaidh na Sasanaigh an lá leo, is oth liom a rá.