Gabriel Fitzmaurice
Réamhrá le Alan Titley
Foilsithe ag Mercier Press
Gné aisteach de shaol na nuachainteoirí ná nach mbíonn deis againn na húdair is ansa linn a roinnt mar is ceart lenár ndaoine muinteartha. Fiú má chuala na Béarlóirí is fearr liom a sáith faoi iontaisí na litríochta Gaeilge, fanann na saothair féin coimhthíoch acu muna mbíonn aistriúcháin Bhéarla ar fáil, agus is minic nach mbíonn.
Chuir sé idir aoibhneas agus rud beag cumha orm, mar sin, a bheith in ann dán le Michael Davitt a sheoladh chuig mo dheartháir le déanaí leis an teachtaireacht “this poem was made for you”. A bhuí sin le Gabriel Fitzmaurice, agus giota beag den bhóthar teangeolaíoch eadrainn giorraithe aige sa chnuasach nua The Best Loved Poems From the Irish: Selected Translations of Gabriel Fitzmaurice.
Pléisiúr eile a bhaineann le díolaim dhátheangach a bhí ligthe i ndearmad agam go dtí gur léigh mé leabhar Fitzmaurice: an úire aisteach a bhaineann le craiceann nua a fheiceáil ar sheanchara de dhán, úire a thabharfadh ort breathnú ar an rud ar fad as an nua. Tharla seo dom agus mé ag léamh ‘Morning Prayer’ (‘Urnaí Maidine’ Davitt), ceann de na bundánta is deise liom ón chnuasach agus ceann – tá sé chomh maith agam é a admháil – ar bhraith mé rud beag cosantach faoi. Ach, agus mé ag éisteacht go géar ag iarraidh a chinntiú go bhfuair an bundán a cheart sa mhargadh, thug mé faoi deara briathar sa bhunleagan sin a scinn tharam i gcónaí go dtí seo, in ainneoin mé a bheith á léamh agus á mholadh sa seomra ranga le fada.
Éiríonn go seoigh le roinnt mhaith de na haistriúcháin sa chnuasach seo agus spreag cuid acu mé leis na bundánta a léamh arís le cáiréis nua. Rinne Fitzmaurice an-jab ar ‘Maith Dom’ Uí Dhireáin mar shampla, dán nár thug mé éisteacht cheart dó riamh. Éiríonn leis dán ceart Béarla a fháisceadh as ‘Bó Bhradach’ Chathail Uí Shearcaigh chomh maith, agus ní file é an Searcach atá éasca a aistriú. Ar an lámh eile, bhraith mé gur lomaistriúchán a bhí sa leagan Béarla de ‘Anseo ag Staisiún Chaiseal na gCorr’ agus, de cheal an cheoil atá le fáil ó na logainmneacha sa bhundán, ba choimhthíoch liom é – ach ní domsa a scríobhadh é.
Tosaíonn an cnuasach le seandánta misniúla freasúracha ag agairt an choncais, agus is deas liom go gcríochnaíonn sé ar nóta freasúrach chomh maith, le sraith dánta ó Gafa in Gaza Uí Shearcaigh ina chaitheann sé anuas ar an choilíneacht agus an cinedhíothú comhaimseartha. Feictear cuid d’fhorbairt stairiúil na nuafhilíochta i leagan amach na ndánta i lár an chnuasaigh, nó tosaíonn an nuafhilíocht, mar a shamhlófá, le hÓ Direáin agus Ó Riordáin, agus in ord croineolaíoch as sin ar aghaidh.
Is anseo a éirím rud beag níos míshocra agus mo ghuthanna freasúracha féin ag briseadh amach. Luaitear “the contemporary” faoi dhó ar chúl an leabhair agus arís sa réamhrá, ach níl le fáil sa chuid sin den díolaim ach beirt fhilí: Ó Searcaigh agus Áine Ní Ghlinn. Ní hamháin sin ach seachas na dánta faoi Gaza, foilsíodh na samplaí ‘comhaimseartha’ ar fad den chéad uair an mhílaois seo caite. Ní féidir riamh a bheith uilíoch i gcnuasach den sórt seo, ach go fóillín féin ní thuigim an cinneadh díriú ar bheirt seachas blaiseadh a thabhairt de réimse d’fhilíocht na linne. Nó, lena rá i mbeagán focal: “cá’il Rosenstock! Breathnach! De Paor! Mac Aodha!”
B’fhéidir nárbh é an blaiseadh sin cuspóir Fitzmaurice, áfach: luaitear na haistriúcháin is fearr a rinne seisean ar dhánta Gaeilge ar chúl an leabhair, agus b’fhéidir gur ansin atá an bhéim. Más ea, ba dheas an rud é iarfhocal ón fhile chun scóip agus rogha an chnuasaigh a shoiléiriú de bheagán, mar tá a fhios ag Dia gur cúinge ná riamh an spás a thugtar do shaothair Ghaeilge ar sheilfeanna na siopaí agus níor mhaith leat go gceapfaí gur leabhar ionadaíoch é seo seachas rogha phearsanta.
É sin agus cúpla mionghearán faoin chorr-athleagan ciotach agus faoi bhotúin chló i leataobh, braitear go bhfuil an file oilte chuig an chineál seo oibre agus éiríonn go maith leis an greann atá sna bundánta a thabhairt slán, ní nach beag. Is cinnte go bhfuil guth Fitzmaurice le cloisteáil sa duet go minic, go háirithe nuair a fhéachann sé le rím a bhualadh anuas go dalba ar shaorvéarsaí. Tá sé le moladh chomh maith, ní hamháin as aird a tharraingt athuair ar dhánta Michael Hartnett ach fosta as a mhisneach agus é ag tabhairt faoin dán fada deacair ‘An Phurgóid’.
Leoga, is gníomh an-mhisniúil go deo é féachaint le dánta cearta cruinne a shníomh as rogha leathan réimeanna agus réanna agus b’fhéidir gurb é misneach Fitzmaurice san fhiontar an rud a thugann an cnuasach ar fad le chéile sa deireadh.
Fág freagra ar 'Díolaim dhátheangach a spreagann athléamh ar bhundánta Gaeilge'