D’imigh sin agus tháinig seo – tá Sinn Féin ag dul i dtaithí ar shean-nós polaitiúil

Léiríonn athrú eile ar chur chuige Shinn Féin an toil tuairim a athrú más léir an tairbhe

D’imigh sin agus tháinig seo – tá Sinn Féin ag dul i dtaithí ar shean-nós polaitiúil

Bhain torthaí na reifreann croitheadh as gach páirtí i nDáil Éireann. Ní léir fós an lántionchar polaitiúil ach tá athrú intinne follasach cheana féin i Sinn Féin.

Is soiléire gan dabht gur buille don rialtas é an vóta láidir i bhfabhar ‘Níl’ (67 agus 73 faoin gcéad) sa dá reifreann. Ní hamháin mar gheall ar chinneadh Leo Varadkar éirí as oifig. Neartaigh na torthaí an imní atá ar an lucht ceannais i bhFine Gael, i bhFianna Fáil agus sa Chomhaontas Glas agus aghaidh á tabhairt acu ar na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ar an 7 Meitheamh. Gan trácht ar an olltoghchán a chaithfear a reáchtáil faoin 22 Márta 2025 ar a dheireanaí.

Ní foláir cuimhneamh áfach, agus Aontú as an áireamh, gur labhair páirtithe na Dála d’aon ghuth beagnach agus ‘Tá’ á mholadh acu sa dá reifreann.

B’fhéidir go rachaidh admhálacha iarvótála Liz Chambers, Niamh Smyth agus John McGuinness gur vótáil siad in aghaidh na leasuithe a mhol an rialtas chun tairbhe dóibh go pearsanta. Níor neartaigh tadhg-an-dá-thaobhachas, áfach, muinín an phobail ar pháirtí riamh.

Ní cóir dearmad a dhéanamh ach oiread ar an athrú intinne a d’fhógair Sinn Féin gan mhoill tar éis na vótála. Athrú intinne a nochtadh fiú sular fógraíodh torthaí na reifreann agus gan aon díospóireacht inmheánach sa pháirtí.

Dá vótálfaí sna reifrinn in aghaidh leasuithe an rialtais, a dúirt Mary Lou McDonald ar an 20 Feabhra, thabharfadh rialtas ina mbeadh Sinn Féin páirteach deis don phobal vótáil ar na hábhair chéanna arís. Gheall sí gur go luath i dtréimhse oifige a rialtais a reáchtálfaí reifrinn ar leasuithe a chuir an Tionól Saoránach faoi bhráid an rialtais reatha.

D’imigh sin agus tháinig seo faraor. Níl geallúint dá leithéid tugtha aici ó fógraíodh torthaí na reifreann, agus dúirt Teachta Shinn Féin, Matt Carthy le RTÉ nach dtabharfadh an páirtí tosaíocht do reáchtáil reifreann eile dá mbeidís i mbun rialtais. Tá an gheallúint a tugadh níos lú ná dhá mhí ó shin as feidhm anois.

Is doimhne áfach an t-athrú meoin i Sinn Féin a léirigh éileamh an pháirtí sin go gcaithfí i leataobh an bille ina sonraítear bearta in aghaidh ghríosú chun foréigin nó fuatha.

Vótáil Sinn Féin i bhfabhar an bhille anuraidh ach dúirt an t-urlabhraí dlí agus cirt Pa Daly Dé Máirt nach raibh sé “oiriúnach dá fheidhm” agus gur chóir é a chaitheamh amach.

Níor fhreagair Daly ná urlabhraithe eile Shinn Féin an cheist is túisce a spreag an chontrárthacht idir an tacaíocht a thug an páirtí don bhille sa Dáil anuraidh agus an ráiteas gur chóir é a chaitheamh amach anois. Thagair siad do vóta an pháirtí in aghaidh an bhille sa Seanad, ach ní míniú ach deimhniú é an vóta sin ar an athrú intinne.

Ar ndóigh, spreag torthaí na reifreann breis míshuaimhnis i leith na reachtaíochta i measc Theachtaí Fhine Gael agus Fhianna Fáil. Ní cadhan aonair é Michael Ring ó Fhine Gael a dúirt gur cheart an bille fuatha a chaitheamh i leataobh mar chuid de chur chuige níos traidisiúnta a mhol sé dá pháirtí.

Tá imní ar Theachtaí éagsúla i Fine Gael agus i Fianna Fáil go bhfuil na forálacha sa bhille a baineann le fuath agus le fuathchaint ródhoiléir (mar atá ráite ag an seanadóir Rónán Mullen).

Tá leasuithe geallta ag an Aire Helen McEntee. Ní bheidh ionadh ar mhórán áfach má chuirtear moill ar an athdhréachtú agus ar an bplé agus mura mbeidh bailchríoch curtha ar an reachtaíocht roimh an olltoghchán.

Ní bheidh ionadh ar mhórán ach oiread má aistríonn an Taoiseach nua Helen McEntee go dtí post eile rialtais – rud a éascóidh moilliú an bhille. Sin ráite, beidh ar an rialtas nó ar an gcéad rialtas eile filleadh ar an ábhar toisc é a bheith riachtanach chun cinneadh a rinne an Chomhairle Eorpach in 2008 in aghaidh an chiníochais a chur i bhfeidhm.

Athraíonn gach páirtí a pholasaí uaireanta agus ní tearc na samplaí inar theip orthu beart de réir a mbriathar a dhéanamh. De ghnáth, áfach, léiríonn páirtithe athrú meoin tar éis toghcháin – athrú a cháintear go forleathan más léir sárú ar gheallúint.

Ní tar éis olltoghcháin, áfach, ach roimh ré a d’athraigh Sinn Féin a chur chuige le gairid, mar a rinneadh freisin agus maolú ar dhearcadh an pháirtí ar chomhoibriú le NATO á fhógairt acu anuraidh.

Is féidir breathnú ar thoil dá leithéid mar athrú intinne macánta, nó mar chomhartha imní, nó mar sholúbthacht shoiniciúil. Nó mar athrú ar bhain gach cúis acu leis a bheag nó a mhór.

Cuireadh i leith an eacnamaí John Maynard Keynes uaireanta gur athraigh sé a intinn. ‘Athraím m’intinn de réir mar a athraíonn na fíricí,’ a dúirt sé, ‘céard a dhéanann tusa, a dhuine uasail?’

Is cosaint bhreá é sin ar athrú intinne, ach ní go minic a ghlactar lena leithéid i gcás polaiteoirí.

Fág freagra ar 'D’imigh sin agus tháinig seo – tá Sinn Féin ag dul i dtaithí ar shean-nós polaitiúil'

  • Conor Ó Briain

    Ní fada go bhfeicfimid an muga caife ó SF le “SRIANTA AR AN INIMIRCE” mar mhana air.

  • Eoin Ó Murchú

    Is cóir dlí a thabhairt isteach más cóir é sin a dhéanamh. Ní cóir aon dli a thabhairt isteach go díreach amháin mar gheall ar ordú ón Aontas Eorpach, mura cóir é a dhéanamh ar aon chuma.