Dia idir sinn agus an anachain, ach sórt leath-Yank mé féin Oíche Shamhna

Bíodh an diabhal ag lucht clamhsáin baineann ár gcolúnaí agus a comhluadar an-spraoi as Oíche Shamhna…

Dia idir sinn agus an anachain, ach sórt leath-Yank mé féin Oíche Shamhna

‘Ah, janey, tá siad imithe thar fóir uilig leis na rudaí d’Oíche Shamhna!’ a d’fhógair an bhean a bhí ina seasamh le mo thaobh sa scuaine san ollmhargadh.

‘Is gearr go mbeidh muid níos measa ná na Yanks!’ a deir sí agus í ag pointeáil ar dhealbh de chnámharlach a bhí ag luascadh anuas ón tsíleáil. Ba mheasa léi ná a bás, shíl mé, go mbeadh muid imithe ar nós na yanks.

‘Cén bhrí, ach tá mé a cheapadh go bhfuil siad théis rudaí Nollag a chur in airde ar na seilfeanna thíos sa gcúinne thall ansin,’ a deir sí agus í ag pointeáil i dtreo an choirnéil ab fhaide uainn sa siopa. ‘Tá boscaí USA agus seacláidí Lily O’Brien thíos ansin acu anois don Nollaig. Íosa Críost, tá an saol imithe craiceáilte uilig!’

Tuigim di, is dóigh. Tugaim faoi ndeara go bhfuil an tsiopadóireacht a dhéantar d’Oíche Shamhna athraithe go mór le cúig nó sé de bhlianta, ach ní fhéadfá a rá nach raibh traidisiúin láidre ag baint le hOíche Shamhna sa tír seo riamh anall.

Más tada é, is maolú atá déanta ar Oíche Shamhna. ’Séard a bhíodh in oíche Shamhna, ó mo chuimhne-se, ná oíche a mbíodh na púcaí amuigh is dá mbeadh aon chiall agat go bhfanfá sa mbaile le faitíos go gcasfaí aon cheann acu ort ar an mbóthar.

Sa lá atá inniu ann, ar ndóigh, an tuiscint is mó atá againn ar Oíche Shamhna ná tráthnóna spaisteoireachta is spraoi do ghasúir bheaga agus iad gléasta suas le go bhfaigheadh siad díol bliana milseán saor in aisce ó na comharsana. Nó, mar a rinneadh cur síos uirthi dom féin an lá cheana, ‘an oíche is fearr den bhliain!’

‘U, humm,’ a dúirt mé le mo chara sa scuaine an lá cheana. Bhí mé ag iarraidh fanacht ar an gclaí maidir leis an gceist áirithe seo a bhí tarraingthe anuas aici gan chuireadh, gan choinne.

Agus, go ginearálta, mar pholasaí saoil, tá  sé chomh maith agam a rá go bhfanaim ar an gclaí maidir le ceist ar bith a tharraingítear anuas agus mé ag fanacht sa scuaine san ollmhargadh. Ná in aon scuaine eile, ach an oiread.

Cén mhaith dom a rá léi go mbaineann muid an-spraoi as Oíche Shamhna sa teach s’againne, nó nach bhfeicim an dochar ann dháiríre nó, Dia idir sinn agus an anachain, gur sórt leath-Yank mé féin.

Chorraigh mé mo chiseán siopadóireachta anonn ó mo lámh chlé, a bhí os a comhair, go dtí mo lámh dheis, a bhí taobh thiar de mo dhroim, sa gcaoi is nach bhfeicfeadh sí an bailiúchán cnónna, úlla seacláide, bairíní breac, milseáin i gcruthanna púcaí is taibhsí agus na trí phuimcín beaga a bhí i mo chiseán agam.

Bhí an scuaine ag corraí go mall, mall, mall.

D’airigh mé an mothú ag imeacht as mo láimh, b’fhéidir go raibh an ceart aici, a chuimhnigh mé agus is dóigh nach raibh ann ach caint san aer agus í ag iarraidh an t-am a chaitheamh.

Chorraigh mé mo mhéaracha de ruainne istigh faoi lámh an chiseáin is mé ag iarraidh an fhuil a choinneáil ag imeacht. Is trom cearc i bhfad, a deirtear, agus is trom trí phuimcín agus dhá bhairín breac i bhfad freisin.

Fág freagra ar 'Dia idir sinn agus an anachain, ach sórt leath-Yank mé féin Oíche Shamhna'